Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 8:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 “Nuair a thiocfaidh an t‑am sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfar amach as a n‑uaigheanna cnámha ríthe Iúdá, cnámha na bprionsaí, na sagart, na bhfáithe agus áitritheoirí Iarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Ann sa namsin, a deir an TIGHEARNA, do bhéuruid síad amach as a nuaighibh, cnámha ríghthe Iúdah, agus cnámha a bprionnsadh, agus cnámha na sagart, agus cnamha na bhfáigheadh, agus cnámha áitreabhthach Ierusalem:

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 8:1
12 Tagairtí Cros  

Ar ordú an Tiarna rinne sé glao in aghaidh na haltóra: “A altóir, a altóir,” ar sé, “seo mar a deir an Tiarna: ‘Béarfar mac do theaghlach Dháiví, darbh ainm Ióisíá agus íobróidh sé ort sagairt na n‑ardionad a dhónn túis ort, agus dófaidh sé cnámha daoine ort.’ ”


Nuair a d'fhéach Ióisíá ina thimpeall chonaic sé na tuamaí ansiúd ar thaobh an chnoic; chuir sé fios ar na cnámha as an tuamaí agus dhóigh iad ar an altóir, agus thruailligh í de réir bhriathar an Tiarna a d'fhógair an giolla Dé [nuair a bhí Iarobám ina sheasamh ag an altóir le linn na féile. Nuair a d'fhéach Ióisíá ina thimpeall, chonaic sé tuama an ghiolla Dé] a thairngir na nithe sin.


Chuir sé chun báis ar na haltóirí sagairt uile na n‑ardionad a bhí ansiúd, agus loisc sé cnámha daoine orthu. Ansin d'fhill sé go Iarúsailéim.


Beidh conablach Ízeibil mar aoileach ar an ithir (i gcríocha Izréil) i dtreo nach bhféadfaidh aon duine a rá: Ba í seo Ízeibil.’ ”


An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc? Slogann siad mo phobal go díreach mar a shlogfaí arán. Ní ghlaonn siad ar Dhia.


“Agus maidir leis na daoine dá ndéanann siad tairngreacht, teilgfear amach iad ar shráideanna Iarúsailéim, íobartaigh an ghorta agus an chlaímh, agus ní bhfaighfidh siad fear a n‑adhlactha, iad féin ná a mná céile, ná a mic, ná a n‑iníonacha. Doirtfidh mise anuas orthu a n‑olc féin.


Leagadh lámh an Tiarna orm agus thug sé amach faoi luí spiorad an Tiarna mé. Chuir sé síos mé i lár gleanna a bhí lán de chnámha.


Bánófar bhur n‑altóirí, brisfear bhur scrínte túise; teilgfidh mé síos bhur mairbh os comhair bhur n‑íol.


Leagfaidh mé corpáin chlann Iosrael os comhair a n‑íol agus scaipfidh mé bhur gcnámha thart timpeall bhur n‑altóirí.


Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Mhóáb, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí go ndearna sé luaith de chnámha rí Eadóm,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí