Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Ióna 4:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Mar sin de, a Thiarna, achainím ort anois m'anam a bhreith uaim; óir, is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Ar a nadhbharsin a nois, a THIGHEARNA, beir manam úaim, iarruim, dathchuinge ort; óir is feárr dhamh bás ná beatha.

Féach an chaibidil Cóip




Ióna 4:3
14 Tagairtí Cros  

Chuaigh sé féin ar aghaidh turas lae isteach san fhásach, agus shuigh faoi thor aitinn agus d'iarr go bhfaigheadh bás. “A Thiarna,” ar sé, “tá mo sháith agam. Beir leat m'anam. Ní fearr mé ná mo shinsir.”


Is fearr dea-ainm ná dea-ola agus lá báis ná lá breithe.


Ná bí teasaí taghdach, mar is in ucht amadáin a lonnaíonn an fhearg.


Agus béarfar bás de rogha ar bheatha leis an méid a bheidh fágtha den droch-mhuintir seo uile, cibé áit a ndíbreoidh mise iad, a deir Tiarna na Slua.


“An ceart duit, dáiríre, bheith chomh feargach sin?” arsa an Tiarna leis.


Nuair a d'éirigh an ghrian, shocraigh Dia go n‑éireodh gaoth loiscneach anoir; rud eile, bhí an ghrian ag doirteadh anuas ar chloigeann Ióna sa chaoi gur tháinig laige air agus gur ghuigh sé go bhfaigheadh sé bás, á rá: “Is fearr dom mo bhás ná mo bheatha.”


Más mar sin is mian leat plé liom, maraigh mé ar an toirt! Uch gan do ghnaoi a bheith orm agus gan mé a fheiceáil truamhéile mar seo le mo shúile cinn!”


Thug an pobal a ndúshlán faoi Mhaois: “Uch gan sinn a fháil bháis,” ar siad, “mar a fuair ár mbráithre bás i láthair an Tiarna!


Ach níor bhain mise feidhm as aon cheart acu sin agus ní á n‑éileamh dom féin anois atáim ag scríobh na litreach seo. B'fhearr liom bás a fháil ar dtús ná go bhfágfadh duine ar bith mé gan m'ábhar maíte.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí