Ansin dúradar le chéile: “Go deimhin féin tá ár ndeartháir á agairt orainn! Chonaiceamar a bhuaireamh anama agus é ag impí orainn agus gan aon aird againn air. Uime sin a tháinig an buaireamh seo orainn.”
Iób 7:11 - An Bíobla Naofa 1981 Uime sin ní chuirfidh mé cosc le mo theanga, Labhróidh mé agus mo spiorad á bhuaireamh. Beidh mé ag cáiseamh agus m'anam faoi dhoilíos. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Uime sin ní choisgfidh mé mó bhéul; laibhéoruidh mé a namhghar mo spioraide; gearanfa mé a searbhus manma. |
Ansin dúradar le chéile: “Go deimhin féin tá ár ndeartháir á agairt orainn! Chonaiceamar a bhuaireamh anama agus é ag impí orainn agus gan aon aird againn air. Uime sin a tháinig an buaireamh seo orainn.”
Is beag orm mo bheo. Scaoilfidh mé a shrianta le mo ghearán, Labhróidh mé ó shearbhas m'anama.
Dá mbeinn peacúil, mo mhairg mé! Dá mbeinn neamhchiontach, ní ardóinn mo cheann, Ach mé lán de tharcaisne, agus ar meisce na bpianta.
Cuirigí uaibh! Ligigí dom agus labhróidh mise freisin, Is cuma cad a thiocfaidh as dom!
Faigheann duine eile bás agus é searbh ó chroí, Gan aon aoibhneas riamh a bhlaiseadh.
Má deirim: “Déanfaidh mé dearmad de mo ghearán, Cuirfidh mé malairt cuntanóis orm féin, agus beidh mé gealgháireach”;
Cad is féidir liom a rá, ná a chaitheamh suas leis an Tiarna, ó tharla gurb é féin a rinne an beart seo; beidh mé ag fánaíocht romham an dá lá a mhairfidh mé, agus m'anam go goirt ionam istigh.
Óir an donas seo, tá sé á chlaochlú ina shéan; is tú a shábháil mé ar dhuibheagán an neamhní, óir chaith tú ar do chúla mo pheacaí go léir.
Ó bhí sé in anbhroid, ba dhéinide é ag guí; agus bhí a chuid allais mar a bheadh braonta ramhra fola ag sileadh go talamh.
Is mór an buaireamh agus an scalladh croí a bhí orm ag scríobh chugaibh agus is iomaí deoir a thit ó mo shúile, ach ní d'fhonn sibhse a bhuaireamh a scríobh mé ach d'fhonn is go dtuigfeadh sibh méid mo ghrá daoibh.