Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 21:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Faigheann duine eile bás agus é searbh ó chroí, Gan aon aoibhneas riamh a bhlaiseadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Agus éugaidh duine oile a searbhus a anma, agus ní ithionn choidhche maille re sólás.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 21:25
14 Tagairtí Cros  

Lean Húisí air: “Tá a fhios agaibh gur gaiscígh iad d'athair agus a chuid fear agus go bhfuil fraoch feirge orthu faoi mar a bheadh ar bheithir fáin a sciobfaí a hál uaithi. Tá taithí ag d'athair ar chogaíocht, seachas sin; ní chaithfidh sé an oíche leis an arm.


“Dar an Tiarna do Dhia beo,” a d'fhreagair sí, “níl builín aráin ar bith agam, níl ach glac mine i bpróca agus braoinín ola i gcrúiscín. Tá mé ag cruinniú cipín nó dhó anois roimh dhul isteach chun an méid sin a ullmhú dom féin agus do mo mhac le hithe, agus ansin gheobhaimid bás.”


Is beag orm mo bheo. Scaoilfidh mé a shrianta le mo ghearán, Labhróidh mé ó shearbhas m'anama.


(Nuair a líon sé a bholg...) Scaoilfidh Dia fraoch loiscneach a fheirge go léir air, Agus fearfaidh sé neascóidí ar a chorp.


A cheathrúna ramhar méith, Agus smior a chnámh gan seascadh.


Luíonn siad le chéile sa chré, Agus brat cruimheanna orthu.


Cad chuige a dtugtar an solas don té atá faoi bhuairt? Agus an bheatha don drong atá faoi sheirfean anama,


Uime sin ní chuirfidh mé cosc le mo theanga, Labhróidh mé agus mo spiorad á bhuaireamh. Beidh mé ag cáiseamh agus m'anam faoi dhoilíos.


Eisean nach ligeann dom anáil a tharraingt Agus a líonann mé le dobrón.


Is eol don chroí a bhrón féin, agus ní bhíonn an strainséir páirteach ina lúcháir.


duine dá dtugann Dia saibhreas agus maoin agus gradam agus gan aon ní de dhíth air dá bhféadfadh sé dúil a chur iontu ach nach ligeann Dia dó aoibhneas a bhaint astu mar gur strainséir a bhaineann aoibhneas astu; baois is ea é seo agus plá léanmhar.


“A mhic an duine, bí ar crith agus tú ag ithe do chuid aráin; bíodh eagla d'anama ort agus tú ag ól uisce.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí