Iób 21:26 - An Bíobla Naofa 198126 Luíonn siad le chéile sa chré, Agus brat cruimheanna orthu. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)26 Luighfid síad araon ionann annsa chriáidh, agus foileachuid na péiste íad. Féach an chaibidil |
Óir, is í an t‑aon chinniúint amháin atá i ndán do chách: don fhíréan agus don pheacach, don dea-dhuine agus don drochdhuine, don duine glan agus don duine neamhghlan, don duine a ofrálann íobairt agus don duine nach n‑ofrálann íobairt; is ionann cor don duine macánta agus don duine urchóideach, don té a mhionnaíonn go tobann agus don té a bhfuil eagla air mionn a thabhairt.
I measc na nithe go léir a tharlaíonn abhus faoi luí na gréine is é seo an ceann is measa: nach bhfuil ach an t‑aon chinniúint amháin i ndán do chách. Dá dheasca sin tá croíthe na ndaoine lán d'urchóid, agus tá an díth céille i réim iontu fad is beo dóibh - agus ina dhiaidh sin siúd leo chun na marbh.