Bíonn siad ag únfairt sa dorchadas gan solas Agus fágann sé iad ag longadaíl mar a bheadh duine ar meisce.
Iób 5:14 - An Bíobla Naofa 1981 Bíonn dorchadas rompu sa lá Agus bíonn siad ag amharcaíl oíche um mheán lae. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Teagmhuidh an dorchadas ríu a naimsir an laói, agus do níd sméarthachd san meadhon laé amhuil ann sa noidhche. |
Bíonn siad ag únfairt sa dorchadas gan solas Agus fágann sé iad ag longadaíl mar a bheadh duine ar meisce.
Ní scarfaidh sé leis an dorchadas; Loscfaidh lasair a bhachlóga Agus scuabfaidh an ghaoth a pheaca ar shiúl.
Agus tá an dorchadas go léir ar a thí. Tá tine gan bhoilg lena alpadh; Agus sloigfidh sí a bhfuil fágtha ina bhoth.
Is cuma iad nó naimhde an tsolais; Ní eol dóibh a bhealaí, Agus seachnaíonn siad a chosáin.
Agus go mbaintear a solas de na héagráifigh, Agus go mbristear an ghéag a ardaíodh chun buille a bhualadh.
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Sín amach do lámh i dtreo neimhe i dtreo go mbeidh dorchacht ar thalamh na hÉigipte, dorchacht a ba fhéidir a mhothú.”
Agus shín Maois amach a lámh i dtreo neimhe agus b'sheo dorchacht thiubh ar thalamh na hÉigipte go léir ar feadh trí lá.
Tá bealach na n‑urchóideach mar an duibheagán domhain; ní eol dóibh céard a bhaineann tuisle astu.
Tá muid ag gliúmáil romhainn inár ndaill cois balla; mar a dhéanfadh daoine gan súile atá ár ngliúmáil. Tá muid ag tuisliú um nóin mar bheadh sa chlapsholas, tá cónaí orainn sa dorchadas ar nós na marbh.
An lá sin, a deir an Tiarna mo Dhia, tabharfaidh mé ar an ngrian dul faoi um nóin, agus clúdóidh mé an tír le dorchadas i lár an lae ghil.
agus beidh tú ag únfairt um mheán lae mar a bhíonn an dall ag únfairt sa dorchadas agus ní bheidh an t‑ádh i do bhóthar; ní bheidh ach leatrom agus slad á dhéanamh ort gan stad, gan lámh chúnta a fháil ó aon duine.