Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 38:15 - An Bíobla Naofa 1981

15 Agus go mbaintear a solas de na héagráifigh, Agus go mbristear an ghéag a ardaíodh chun buille a bhualadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

15 Agus congmhuighthear a solus ó na drochdhaóinibh, agus brísfighthear an rígh árd.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 38:15
17 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí na hArámaigh ag druidim leis ghuigh Eilíseá chun an Tiarna: “Buail an dream seo, guím thú, le daille,” agus bhuail sé le daille iad de réir mar a d'impigh Eilíseá.


Tiomáinfear é ó sholas go dorchadas, Agus ruaigfear as an saol é.


Ní foláir, ambasa, solas an choirpigh a mhúchadh, Agus lasair a thine a dhul in éag.


Is cuma iad nó naimhde an tsolais; Ní eol dóibh a bhealaí, Agus seachnaíonn siad a chosáin.


Má rinne mé amhlaidh, go dtite mo ghualainn ó mo shlinneán, Agus go stractar mo ghéag as alt!


Agus sa chaoi go dtugtar a chruth chun léire mar a bhuailtear cló ar chré le séala, Agus go ndéantar é a dhathú mar bhrat,


Bíonn dorchadas rompu sa lá Agus bíonn siad ag amharcaíl oíche um mheán lae.


Fuasclaíonn sé an neamhurchóideach óna gcraos, Agus an bocht ó láimh an chumhachtaigh.


Déan cumhacht an éagráifigh agus an urchóidigh a bhriseadh, agair a n‑urchóid orthu go ndéanfar a milleadh.


óir brisfear ar chumhacht na n‑éagráifeach agus beidh an Tiarna ina chúl taca ag an bhfíréan.


Tá bealach na n‑urchóideach mar an duibheagán domhain; ní eol dóibh céard a bhaineann tuisle astu.


Tugaigí glóir don Tiarna ár nDia sula mbéarfaidh sé dorchadas anuas, sula dtuisleoidh bhur gcosa ar na sléibhte dorcha. Tá súil agaibh le solas, ach fillfidh seisean i scáile é, déanfar de dorchacht tiubh.


Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé in aghaidh Fhorainn, rí na hÉigipte, agus brisfidh mé a ghéaga, an ceann slán agus an ceann a bhí briste cheana, agus tabharfaidh mé ar an gclaíomh titim as a láimh.


Ach an té a pheacaíonn d'aonghnó, más dúchasach, más coimhthíoch, tugann sé masla don Tiarna féin. Déantar an duine sin a ghearradh amach óna phobal;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí