Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 15:30 - An Bíobla Naofa 1981

30 Ní scarfaidh sé leis an dorchadas; Loscfaidh lasair a bhachlóga Agus scuabfaidh an ghaoth a pheaca ar shiúl.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

30 Ní dheileochuidh sé amach ar dorchadas; tiormochuidh an lasair súas a bheangáin, agus lé hanáil a bhéil rachuidh sé as.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 15:30
25 Tagairtí Cros  

Ní bheidh aon dóchas aige go bhfillfidh sé ón dorchadas; Tá a fhios aige gurb é an claíomh is dán dó,


Agus a bheith ina bhia ag badhbha. Tá a fhios aige go bhfuil an mí-ádh mar chinniúint aige,


Óir níl an rath ar chuideachta na n‑urchóideach, Agus loscfar bothanna na breibe le tine.


Seargfaidh a fhréamha laistíos, Agus feofaidh a chraobha lastuas.


Tiomáinfear é ó sholas go dorchadas, Agus ruaigfear as an saol é.


Agus tá an dorchadas go léir ar a thí. Tá tine gan bhoilg lena alpadh; Agus sloigfidh sí a bhfuil fágtha ina bhoth.


“Scriosadh a [réim] go dearfa, Agus loscadh a gconách le tine!”


Coir a d'adhnfadh tine a loscfadh go hAbadón. Agus a dhófadh m'fhómhar go léir.


Scriosann anáil Dé iad, Agus milleann racht dá fhearg iad.


Bíonn dorchadas rompu sa lá Agus bíonn siad ag amharcaíl oíche um mheán lae.


Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre. Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine, agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.


Óir is fada leac teallaigh ullamh cois Toifit, agus ullamh le haghaidh Mhoilic chomh maith, clais dhomhain leathan, lán cocháin agus adhmaid, agus anáil an Tiarna ag cur tine leis, mar a bheadh rabharta ruibhe ann.


Dá dheasca sin bím á scláradh trí bhíthin na bhfáithe agus á marú le briathra mo bhéil. Sa tslí seo foilsítear ceart mo bhréithe mar splanc solais.


Ansin dúirt an rí leis an lucht freastail: ‘Cuirtear ceangal cos agus lámh air agus caítear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’


Ansin déarfaidh sé le lucht na láimhe clé ar a seal: ‘Imígí uaim, a dhream mhallaithe, isteach sa tine shíoraí a ullmhaíodh don diabhal agus dá chuid aingeal.


ach clann na ríochta féin, caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.”


Toibreacha gan uisce an dream seo agus scamaill á dtiomáint ag an ngála, agus tá ifreann duairc in áirithe dóibh.


tonnta fiáine mara iad ag caitheamh a mbearta táire féin aníos mar chúrán; réaltaí fáin iad a bhfuil ifreann duairc i ndán dóibh go brách.


Bhí claíomh géar ag síneadh óna bhéal chun ciníocha a bhascadh. Déanann sé iad a rialú le slat iarainn agus pasálann sé cantaoir fhíon feirge Dé Uilechumhachtaigh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí