Thug Hágár ainm ar an Tiarna a labhair léi: “Is tú Dia na Físe,” mar ar sí, “nach áit é seo ina bhfaca-sa go dearfa chomh maith an té a fheiceann mise.”
Iób 34:21 - An Bíobla Naofa 1981 Óir tá súil aige ar iompar an duine, Agus faireann gach coiscéim dá ngabhann. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír atáid a shúile ar shlighthíbh an duine, agus do chí sé a imtheachda uile. |
Thug Hágár ainm ar an Tiarna a labhair léi: “Is tú Dia na Físe,” mar ar sí, “nach áit é seo ina bhfaca-sa go dearfa chomh maith an té a fheiceann mise.”
Ós rud é go mbíonn súile an Tiarna ar guardal ar fud chlár na cruinne lena chumhacht a chur i bhfeidhm ar mhaithe leo siúd a bhfuil a gcroí gan cháim ina leith, is baoth mar a rinne sibh sa ghnó seo; as seo amach beidh cogaí in bhur measc.”
Is eol dó a pheacúla atá an duine; Tá an urchóid os comhair a shúl, agus tugann sé aird uirthi.
Scrúdaigh mé, a Dhia, agus féach mo chroí; déan mo thástáil, agus féach mo smaointe.
Óir tá bealaí an duine os comhair súile an Tiarna, agus faireann sé a shlite go léir.
Óir tá mo shúile ar a n‑imeachtaí uile, níl siad ceilte orm, ní mó tá a gcionta i bhfolach ar mo shúile.
Mise, an Tiarna, scrúdaím an croí, dearbhaím na duáin, a thabhairt do gach aon fhear de réir a iompair agus de réir toradh a ghníomhartha.
An bhféadann aon duine é féin a fholach i gcúinne dorcha agus nach bhfeicfidh mise é? - an Tiarna a labhraíonn. Nach líonann mise neamh agus talamh? - an Tiarna a labhraíonn.
Mór i gcomhairle, agus cumasach i ngníomh, a bhfuil a shúile oscailte ar bhealaí uile na ndaoine, a thabhairt do gach aon duine de réir a shlite agus torthaí a ghníomhartha!
Féach, tá súile an Tiarna Dia ar an ríocht pheacúil agus scriosfaidh mé í de dhromchla na talún; ach ní mhillfidh mé teach Iacóib go hiomlán,” a deir an Tiarna.