Bhí seacht míle caora, trí mhíle camall, cúig céad cuingir damh, cúig céad asal baineann, agus líon tí raidhsiúil aige.
Iób 21:28 - An Bíobla Naofa 1981 Óir deir sibh: “Cá bhfuil teach an fhlatha? Agus cá bhfuil an both inar lonnaigh an coirpeach?” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír a dearthaói, Cáit a bhfuil teagh an phrionnsa? agus cáit a bhfuilid áite comhnuighthe na ndrochdhaóine? |
Bhí seacht míle caora, trí mhíle camall, cúig céad cuingir damh, cúig céad asal baineann, agus líon tí raidhsiúil aige.
Gur gearr í caithréim an urchóidigh, Agus nach bhfuil ach gal soip i lúcháir an pheacaigh.
Rachaidh sé ar ceal go brách dála an chátha; Déarfaidh an mhuintir a chonaic é: “Cá bhfuil sé?”
Is maith is eol dom bhur smaointe Agus na bearta atá á dtaibhreamh daoibh i m'aghaidh,
Nár chuir sibh riamh ceist ar lucht taisteal na slí? Nó ar bhain sibh míchiall as séadchomharthaí?
Dá dtuigfeadh sibh féin go léir iad, Ní chuirfeadh sibh bhur n‑anáil amú ar bhriathra baotha.
Tabharfaidh mé cúntas ar gach beart de mo shaol, Agus rachaidh mé go fearúil, mar thaoiseach, ina araicis.
Beidh náire mar bhrat ar lucht d'fhuatha Agus rachaidh both na gcoirpeach ar ceal.
Ag gabháil thar bráid dom athuair bhí sé imithe; chuaigh mé á lorg ach ní raibh sé le fáil.
Scaoilfidh mé an mhallacht seo uaim amach, a deir Tiarna na Slua, agus rachaidh sí isteach i dteach an ghadaí agus i dteach an duine a thugann mionn éithigh dar m'ainmse. Fanfaidh sí i lár a thí agus scriosfaidh sí é idir adhmad agus chlocha.”