Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 132 - An Bíobla Naofa 1981


Gealltanas Dé do Theaghlach Dháiví
1 Amhrán Oilithreach.

1 Amhrán Oilithreach. 1 Cuimhnigh, a Thiarna, ar Dháiví, agus ar a bhfuair sé de dhua agus de dhochraide,

2 ar an mionn a mhionnaigh sé don Tiarna, ar a mhóid do Neach cumhachtach Iacóib:

3 “Ní rachaidh mé faoi dhíon mo thí; ná ní luífidh mé ar an leaba a cóiríodh dom.

4 Ní thabharfaidh mé suan do mo shúile; ná codladh do rinn mo rosc

5 nó go bhfaighidh mé ionad don Tiarna, teach cónaithe do Neach cumhachtach Iacóib.”

6 Chualamar trácht air, féach, in Eafrát; agus fuaireamar é ar mhachairí Iár.

7 “Téimis isteach ina áras; agus adhraimis ag stóilín a chos.”

8 Gabh isteach in áit do shuaimhnis, a Thiarna, tú féin agus áirc do mhaorgachta.

9 Go raibh éadaí na fíréantachta ar do shagairt; go raibh do naoimh ag canadh go meidhreach.

10 Ar mhaithe le Dáiví do sheirbhíseach, ná diúltaigh don té a d'ung tú.

11 Mhionnaigh an Tiarna do Dháiví, briathar daingean nach rachaidh sé siar air: “Is é mac do cholainne féin a chuirfidh mé ar do chathaoir ríoga.

12 Má choimeádann do chlann mo chonradh, agus na teagaisc a mhúinfidh mé dóibh, beidh a gclann siúd freisin go brách ina suí ar do chathaoir ríoga.”

13 Óir roghnaigh an Tiarna Síón; is é ba rogha leis mar áras dó féin.

14 Is é seo áit mo shuaimhnis go brách; bainfidh mé fum ann óir is ann atá mo thaitneamh.

15 Beannóidh mé le flúirse bia é; tabharfaidh mé a sáith dá dhaoine bochta.

16 Gléasfaidh mé a shagairt le slánú, agus beidh a chuid fíréan ag canadh go meidhreach.

17 Tiocfaidh bláth ann ar bhuinneán Dháiví; réiteoidh mé lóchrann do m'ungthach.

18 Clúdóidh mé a naimhde le náire, ach caithfidh sé féin a choróin faoi ghradam.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí