Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Iób 20:8 - An Bíobla Naofa 1981

Baileoidh sé leis ar nós brionglóide agus ní bheidh fáil air. Imeoidh sé leis dála aisling oíche.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Eitillfidh sé ar siubhal amhuil aisling, agus ní fhuighthear é: agus teithigh sé amhuil brionnglóid na hoidhche.

Féach an chaibidil



Iób 20:8
14 Tagairtí Cros  

Beidh scanradh air ó uafáis ina thimpeall, Agus iad á leanúint go dlúth ar a shála.


Tiomáinfear é ó sholas go dorchadas, Agus ruaigfear as an saol é.


Tiocfaidh uafáis sa mhullach air mar thuile, Agus fuadóidh stoirm é san oíche.


Cad chuige nach dtógann tú mo pheaca ar shiúl Agus mo choir a mhaitheamh dom? Óir is gearr go luífidh mé sa chré; Agus lorgóidh tú mé, ach ní bheidh mé ann chuige.


An tsúil a chonaic mé, ní fheicfidh sí mé níos mó. Casfaidh do shúil i mo threo, ach beidh mé ar iarraidh.


D'ísligh sé na spéartha agus thuirling sé, agus néal dubh dorcha faoina chosa.


Amhail taibhreamh a scaiptear le dúiseacht cuirfidh tú a samhailtí ar ceal, a Thiarna.


Seachtó bliain suim ár saolré; nó ceithre fichid má fhaighimid ár sláinte. Saothar agus stró a sealsan; imíonn siad ar luas agus bíonn deireadh linn.


Sciobann tú chun siúil iad amhail aisling, nó mar fhéar úrghlas na maidine.


Tar éis na stoirme, bíonn deireadh leis an urchóideach; ach bíonn bonn faoin bhfíréan go brách.