Má leag sé anuas, níl tógáil i ndán; Má chuireann sé duine i ngéibheann, níl fuascailt ann dó;
Iób 19:10 - An Bíobla Naofa 1981 Rinne sé mé a bhascadh ó gach taobh, agus ghéill mé. Stoith sé mo dhóchas mar phlanda as an talamh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do mhill sé mé da gach áon taóibh, agus dimthigh mé: agus do áthruigh sé mo dhóthchus amhuil crann. |
Má leag sé anuas, níl tógáil i ndán; Má chuireann sé duine i ngéibheann, níl fuascailt ann dó;
Mar a chaitheann na huiscí na clocha, Mar a scuabann an tuile luaithreach na talún leis, - Sin mar a scriosann tú dóchas an duine.
Cá bhfuil mo dhóchas, más ea, Agus cé d'fhéadfadh aon [aoibhneas] a fheiceáil i mo chomhair?
Agus d'imigh an Sátan amach ó láthair an Tiarna agus bhuail sé Iób le neascóid ghangaideach ó bhonn a choise go baithis a chinn.
Dhéanfadh an bhroinn a dhealbhaigh é dearmad air, Agus ní thabharfaí a ainm chun cuimhne a thuilleadh. Mar sin a bhascfaí an urchóid mar a dhéanfaí crann.”
Is luaithe mo laethanta ná fearsad fíodóra, Agus tá siad arna gcríochnú gan dóchas.
de dheasca do dhíbheirge agus do dheargbhuile, óir thóg tú mé agus theilg tú uait arís mé.