9 D'fhuadaigh sé mo ghlóir, Agus bhain an choróin de mo cheann.
9 Do nochd sé as mó ghlóir mé, agus rug sé an choróin dom cheann.
Fágann sé comhairleoirí ag siúl cosnochta Agus breithiúna ina n‑amadáin.
Fágann sé sagairt ag siúl cosnochta Agus leagann ar lár na huaisle.
D'fhuaigh mé éadach róin ar mo chraiceann Agus sádh mo cheann sa lathach.
Ach is ceap magaidh mé anois Ag na sóisir, ag dream is óige ná mé féin, Nárbh fhiú liom a n‑aithreacha A chur i bhfeighil mo thréad le mo mhadraí.
Ach theilg tú uait le déistin is le corp feirge an té a d'ung tú féin.
Bhris tú do chonradh le do ghiolla; agus thruailligh tú a choróin sa deannach.
Mhaolaigh tú faobhar a chlaímh; is níor thug tú an bua dó sa chath.
Ní buan maoin, agus an maireann saibhreas ó aois go haois?
Ach goirfear daoibhse sagairt an Tiarna agus tabharfar oraibh lucht freastail ár nDé. Beidh saibhreas na gciníocha agaibh le caitheamh agus a maoin ar fad faoi réir agaibh.
Tá an choróin tar éis titim dár gceann; is mairg dúinn de bhrí gur pheacaíomar.
Tá acmhainn Eafráim ag eitilt uaithi mar éan, agus beidh sí gan bhreith, gan bhroinn, gan ghin.