Má dhéanann tú leatrom ar m'iníonacha nó má ghlacann tú mná eile seachas m'iníonacha, cuimhnigh air, tá Dia ina fhinné eadrainn, fág nach mbeidh aon duine farainn.”
Iób 16:19 - An Bíobla Naofa 1981 Anois féin, féach, tá m'fhinné ar neamh, Agus tá mo chosantóir ansiúd thuas. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Mar an gcéadna anois, feuch, atá mfíadhnuise ar neamh, agus atá mo chuimhniughadh os árd. |
Má dhéanann tú leatrom ar m'iníonacha nó má ghlacann tú mná eile seachas m'iníonacha, cuimhnigh air, tá Dia ina fhinné eadrainn, fág nach mbeidh aon duine farainn.”
Is eol dom go maireann mo chosantóir beo, Agus go seasóidh seisean, an neach deireanach, an fód go daingean ar talamh.
Cad é tiarnas agus urraim atá ag dul do [Dhia]! Cuireann sé an tsíocháin i réim sna harda.
Cén roinn a dheonaíonn Dia ó neamh? Cén oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ó na flaithis?
Mar, an Dia a mbím ag seirbhís dó ó m'anam i ndea-scéal a Mhic, tá sé ina fhinné agam air go mbím ag cuimhneamh oraibh gan staonadh i m'urnaithe i gcónaí,
Táim ag insint na fírinne i gCríost, agus tá mo choinsias á dhearbhú dom sa Spiorad Naomh, nach aon bhréag dom a rá
Dearbhaím daoibh ar m'anam i bhfianaise Dé gur d'fhonn gan goilliúint oraibh a d'fhan mé gan teacht go dtí Corant go fóill.
Tá a fhios ag Dia, ag Athair ár dTiarna Íosa Críost, moladh go deo leis nach aon bhréag atáim á rá:
Tá a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia go rabhamar ionraic macánta neamhurchóideach libhse, a bhfuil an creideamh agaibh.
Dúirt sé leo: “Nach finné é an Tiarna in bhur n‑aghaidh, agus nach finné é a ungthach inniu nach bhfuair sibh aon ní ar chúl mo ghlaice?” “Sea, is finné é,” ar siad.