Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Iób 16 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil XVI. Gearán Iób. 7 Fáth a dhoilghios, 17 agus fós a mheisneach.

1 Annsin do fhreagair Iób agus a dubhairt,

2 Do chúala mé mórán dá leithéidibh sin do neithibh: is buáidheartha na cobharthacha sibh uile.

3 An mbiáidh deireadh ar bhríathruibh díomhaóine? nó créd ní thusa dána as a bhfreagrann tú?

4 Dféadfuinnsi féin labhairt mar an gcéadna mar do níthíse: dá mbeith bhur nanum a náit manmasa, dféadfuinn bríathra do chrúachadh súas ann bhur naghaidh, agus mo cheann do chrothadh oruibh.

5 Do neirteochuinn sibh lé mo bhéul, agus do laighdeochadh corrughadh mo phuisíneadh bhur ndoilghios.

6 Matá go labhruimsi, ní laghduighthear mo dhoilghios: agus má tá go ccoisgiom, créd é an fúaradh atá agum?

7 Acht a nois do rinne sé currtha mé: do rinne tusa mo chuideachda uile uáigneach.

8 Agus do líon tú do chnaguibh me, mar fhiaghnuise am aghaidh; agus mo thrúadhus ag eirghe súas ionnum do ní sé fiadhnuise a cclár méadain.

9 Stíalluidh sé mé iona fheirg, an té fhuaithighios mé: do ní sé gíoscán le na fhiaclaibh orum; géuruigh mo námhuid a shúile orum.

10 Do chraososcladar orum le na mbéul; do bhuáileadar mé air an ngruáidh go scannlach; do chruinnigheadar íad féin a cceann a chéile am aghaidh.

11 Do sheachuid Día don duine neimhdhíadha mé, agus diómpoigh sé úadh me a lámhuibh na ndrochdhaóine.

12 Do bhí mé a súaimhneas, acht do bhrís sé ó chéile mé: do ghlac fós ar mhuineal mé, agus do chroith a mbloghuibh mé, agus do chuir súas mar chomhartha dhó féin mé.

13 Do thimchiolladar a shaigheadóirigh mé fa gcuáirt, brisidh sé mo dhubháin ó chéile, agus ní choigleann sé; dóirtigh sé mo dhomblas amach air an ttalamh.

14 Brisidh sé mé lé briseadh ar bhriseadh, riothuidh sé orum amhuíl aitheach.

15 Dfuáigh mé saicéadach ar mo chroicionn, agus do shaluigh mé madharc annsa lathuigh.

16 Atá mo ghnúis gránna ó ghul, agus atá scáile an bháis ar fhordhubhuibh mo shúl;

17 Ní air son éainégceirt ann mo láimhsi: mar an gcéadna as glan murnaighe.

18 O a úir, na foluighse mhfuil, agus ná faghadh méighiomh ionad ar bith.

19 Mar an gcéadna anois, feuch, atá mfíadhnuise ar neamh, agus atá mo chuimhniughadh os árd.

20 Is tarcuisneach lem cháirdibh mé: acht atáid mo shúile ág dórtadh déur chum Dé.

21 Uch nach éidir lé neach tagra ar son duine re Dia, amhuil thagras duine ar son a chomharsan!

22 A nuáir thiucfaid beagán blíadhan, annsin rachuidh mé san tslighe as nach bhfillfidh mé.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí