Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 16:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 Sé mo ghlao chun Dé is abhcóide agam; Ritheann na deora ó mo shúile ina láthair.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Is tarcuisneach lem cháirdibh mé: acht atáid mo shúile ág dórtadh déur chum Dé.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 16:20
15 Tagairtí Cros  

“Cuimhnigh, impím ort, mar a d'iompair mé mé féin go dílis agus le dúthracht chroí i do láthair agus a rinne mé an ceart i do láthair.” Agus ghoil Hiziciá go fuíoch.


Tá mo cheannaithe craorag le neart goil, Agus tá gruaim mar ualach ar fhabhraí mo shúl.


Déanann sé cás duine a thagairt i láthair Dé Mar a dhéanfadh mac an duine ar son a chomharsan.


D'fhéadfainnse freisin labhairt mar thusa, Dá mbeadh d'anamsa in áit m'anamasa. An ndéanfainn thú a chiapadh le focail? Nó mo cheann a chroitheadh ort?


Anois ghoin mo chara cumainn mé Agus ciapann mo chuideachta go léir mé.


Tá lucht fonóide i mo thimpeall, Agus is í a mailís taibhreamh na súl oscailte agam.


Tá mo shúile á gcaochadh le gruaim, Agus is geall le scáil mo ghéaga.


Thréig mo bhráithre mé, Agus scar mo lucht aitheantais liom ar fad.


Uch gan a fhios agam cá bhfaighinn é, Le go rachainn faoi bhráid a shuí breithimh.


I ndíol mo ghrá dóibh bíonn siad do mo chúiseamh; ach bímse ag guí.


Glaoim os ard ar an Tiarna; achainím os ard ar an Tiarna.


Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí