Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 16:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Déanann sé cás duine a thagairt i láthair Dé Mar a dhéanfadh mac an duine ar son a chomharsan.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Uch nach éidir lé neach tagra ar son duine re Dia, amhuil thagras duine ar son a chomharsan!

Féach an chaibidil Cóip




Iób 16:21
11 Tagairtí Cros  

Glaoigh ansin agus tabharfaidh mé freagra ort! Nó cead cainte domsa agus freagairse mé!


Ba mhian liom labhairt leis an Uilechumhachtach; B'áil liom áiteamh le Dia.


Sé mo ghlao chun Dé is abhcóide agam; Ritheann na deora ó mo shúile ina láthair.


Óir tá blianta mo shaoil arna n‑áireamh, Agus is gearr go ndéanfaidh mé imeacht gan teacht.


Uch gan [Dia] le héisteacht liom! Tá deireadh ráite agam, ó A go U; freagraíodh an tUilechumhachtach mé.


Cibé ní a tháinig ann, tá ainm tugtha dó cheana féin agus is eol céard é an duine agus nach féidir dó conspóid a dhéanamh leis an té atá níos láidre ná é féin.


An dual don phota dul a chonspóid leis an bpotaire, nó an próca le fear a dhealfa sa chré? An dual don chreafóg a rá le fear a múnlaithe: “Cad tá ar bun agat?” An bhfuil a shaothar chun a rá leis: “Níl lámha ar bith ort”?


Airiú, cé hé tusa, a dhuine, le bheith tagarthach le Dia? An ndéarfaidh an pota leis an bpotadóir: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh mar seo?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí