Óir is eol duit nach bhfuilim urchóideach, Agus nach bhfuil aon duine le fuascailt a dhéanamh as do láimh.
Iób 13:15 - An Bíobla Naofa 1981 Maraíodh sé mé más áil leis, níl de dhóchas agam Ach mo bhealaí a chosaint ina láthair. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Dá mbeadh go muirfeadh sé mé, thairis sin cuirfe mé mo dhóigh ann: acht coiséona mé mo shlighthe féin dá lathair. |
Óir is eol duit nach bhfuilim urchóideach, Agus nach bhfuil aon duine le fuascailt a dhéanamh as do láimh.
Féach, dá bhféadfainn mo chúis a agairt, Tá a fhios agam gur mise a thiocfadh slán.
Déanann sé cás duine a thagairt i láthair Dé Mar a dhéanfadh mac an duine ar son a chomharsan.
Ach dá mbeadh eolas aige ar mo bhealaí, Dá ndéanfadh sé mé a phromhadh sa soitheach leá is mar ór a thiocfainn as.
Gura fada uaim a admháil go bhfuil tú sa cheart! Go lá mo bháis ní shéanfaidh mé m'ionracas.
An bhfuil céile comhraic an Uilechumhachtaigh ar tí géilleadh? An bhfuil freagra tagtha chun an té atá ag áiteamh le Dia?
An dteastaíonn uait mo bhreith a bhréagnú, Mise a chur san éagcóir d'fhonn thú féin a chur sa chóir?
Is luaithe mo laethanta ná fearsad fíodóra, Agus tá siad arna gcríochnú gan dóchas.
Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t‑olc agus tú faram le do shlat is do bhachall chun sólás a thabhairt dom.
Scriosann a urchóid féin an coirpeach; ach faigheann an fíréan foscadh óna dhea-iompar.
Ansin shocraigh an Tiarna go ndéanfadh iasc mór Ióna a shlogadh siar ina chraos agus chaith Ióna trí lá agus trí oíche i mbolg an éisc.