Iób 10:14 - An Bíobla Naofa 1981 Dá ndéanfainn peaca, súil a choinneáil orm Agus gan mo choir a mhaitheamh dom. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Má pheacuighim, annsin comharthuigh tú mé, agus ní sáorfuidh tú mé óm éicceart. |
Abair gur pheacaigh mé, cén dochar duit sin, A fhir faire an chine dhaonna? Cad ab áil leat ag déanamh sprice díom, I dtreo gur ualach ort mé?
Cad chuige nach dtógann tú mo pheaca ar shiúl Agus mo choir a mhaitheamh dom? Óir is gearr go luífidh mé sa chré; Agus lorgóidh tú mé, ach ní bheidh mé ann chuige.
Tagann eagla mo phianta go léir sa mhullach orm, Mar tá a fhios agam nach nglacfaidh tú liom mar neamhchiontach.
Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 1 Scrúdaíonn tú mé, a Thiarna, agus is eol duit mé,
Chuir tú ár n‑urchóidí os do choinne, ár bpeacaí folaithe faoi sholas do ghnúise.
leanann sé dá bhuanghrá i leith na mílte, maitheann lochtanna, coir agus peaca; ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n‑aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.”
Óir tá mo shúile ar a n‑imeachtaí uile, níl siad ceilte orm, ní mó tá a gcionta i bhfolach ar mo shúile.
‘Is mall é an Tiarna chun feirge, is lán é de bhuanghrá; maitheann sé coir agus peaca, ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n‑aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.’