Salm 139:1 - An Bíobla Naofa 19811 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 1 Scrúdaíonn tú mé, a Thiarna, agus is eol duit mé, Féach an chaibidilAn tSaltair 1965 (Ó Cuinn)1 A Thiarna, is tú a thomhais mé agus a chuir eolas orm: is feasach duit mo shuí agus mʼéirí; tuigeann tú mo smaointe i bhfad roimh ré. Féach an chaibidilPsalma Dhaibhí 18361 Do chuartuigh tu, ’s as aithne dhuit, Me féin a Thi’arna thréin. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)1 A THIGHEARNA, do chúartuigh tú mé, agus daithin tú mé. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20121 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. Scrúdaíonn tú mé, a Thiarna, agus is eol duit mé, Féach an chaibidil |
Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.
Dúirt sé leis an tríú huair: “A Shíomóin mhic Eoin, an bhfuil grá agat dom?” Tháinig buairt ar Pheadar mar go ndúirt sé leis an tríú huair: “An bhfuil grá agat dom?” Agus dúirt sé leis: “A Thiarna, tá fios gach ní agat. Tá a fhios agat go bhfuil grá agam duit.” Dúirt Íosa leis: “Déan mo chaoirigh a chothú.”