Chuir Forann fios ar Iósaef ansin agus thugadar leo láithreach bonn as an gcarcair é. Bhearr sé é féin, chuir malairt éadaigh air féin agus tháinig i láthair Fhorainn.
1 Samúéil 2:8 - An Bíobla Naofa 1981 Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tógbhuidh sé an bochd as an luáithreadh, agus tógbhnidh sé fear íarata na déirce súas as an ccárnan aóiligh, dá ccur na suidhe eidir phrionnsadhuibh, agus do thabhairt orra cathaóir ghlóire do shealbhughadh: óir is leis an TTIGHEARNA uáithnighe na talmhan, agus do shuighigh sé an domhan orra. |
Chuir Forann fios ar Iósaef ansin agus thugadar leo láithreach bonn as an gcarcair é. Bhearr sé é féin, chuir malairt éadaigh air féin agus tháinig i láthair Fhorainn.
Beidh tú i bhfeighil mo thí go léir, agus déanfaidh mo mhuintir go léir de réir d'orduithe; ní bheidh céim sa bhreis agam ort ach an ríchathaoir seo amháin.”
Seo an rud is gá duit a rá le mo sheirbhíseach Dáiví: ‘Deir Tiarna na Slua an méid seo: Thóg mé ón talamh féaraigh thú agus ó aoireacht na gcaorach chun go mbeifeá i do thaoiseach ar Iosrael, mo phobal.
“D'ardaigh mé as an deannach thú agus chuir mé thú mar cheannaire ar mo phobal Iosrael, ach lean tú sampla Iarobám agus threoraigh tú mo phobal Iosrael chun peacaí a dhéanamh a ghriogann mé chun feirge.
D'éirigh sé agus chuaigh sé isteach sa teach. Dhoirt an t‑ógánach an ola ar a cheann á rá: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Déanaim thú a ungadh i do rí ar phobal an Tiarna, ar Iosrael.
á rá: “Tarrnocht a tháinig mé as broinn mo mháthar, Agus tarrnocht a fhillfidh mé inti arís. An Tiarna a bhronn orm, agus an Tiarna a rug uaim. Moladh le hainm an Tiarna.”
Deirim: “A Dhia liom, ná tóg mé chun siúil, ná sciob mé leat i lár mo laethanta, ós tú a mhaireann go brách na breithe.”
Chuir tú an talamh ina sheasamh ar a bhonn; ní dhéanfar a bhogadh go brách na breithe.
Ach tógann sé na boicht as a n‑ainnise, go ndéanann a dteaghlaigh chomh líonmhar le tréada.
Is é féin a bhunaigh ar an aigéan é agus a dhaingnigh ar an bhfarraige íochtarach é.
fiú amháin más amhlaidh a tháinig sé ó charcair go coróin agus gur rugadh bocht é ina ríocht siúd.
Cuirim i bhfostú é mar bheadh tairne in áit dhaingean: déanfar cathaoir onóra de i gcomhair theaghlach a athar.
Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda
Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n‑oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?
agus a rinne ríocht agus sagairt dá Dhia agus dá athair dínn, don té sin go raibh glóir agus cumhacht ar feadh na síoraíochta. Amen.
Ní bheidh oíche ann feasta, agus ní bheidh gá acu le solas lóchrainn ná solas na gréine, óir lonróidh an Tiarna Dia orthu agus rialóidh siad ar feadh na síoraíochta.
An té a bheireann bua, tabharfaidh mé cead dó suí taobh liom i mo ríchathaoir, faoi mar a bhí an bua agamsa agus gur shuigh mé taobh le m'athair ina ríchathaoir.
Dúirt Samúéil: “Bíodh gur beag an meas atá agat ort féin nach bhfuil tú i do cheann ar threibheanna Iosrael? Rinne an Tiarna thú a ungadh i do rí ar Iosrael