Salm 75 - An Bíobla Naofa 1981Is é Dia an Breitheamh Cóir 1 Don stiúrthóir. Leis an bhfonn “Ná Scrios”. Salm Ásáf. Amhrán. 2 Is leat a ghabhaimid buíochas, a Dhia; gabhaimid buíochas leat; agraímid d'ainm agus déanaimid d'éachtaí a fhógairt. 3 “An uair a shocróidh mé féin tabharfaidh mé breith de réir an chirt. 4 Bíodh go gcorraítear an talamh agus a bhfuil ann is mé a dhaingnigh a cholúin. 5 Deirim le lucht bladhmainn: ‘Scoirigí de bhur mbladhmann’; agus leis na hurchóidigh: ‘Ná maígí bhur neart, 6 ná déanaigí gaisce as bhur neart, ná labhraigí go dolba dána.” 7 Óir ní ón aird anoir ná aniar, ón bhfásach ná ón sliabh a thig an bhreith; 8 is é Dia féin an breitheamh; umhlaíonn sé nó ardaíonn sé de réir mar a oireann. 9 Tá cupán d'fhíon dearg ag an Tiarna; spíosraí ann is an cúr ag cur thar maoil. Doirtfear amach é agus déanfar a dhiúgadh; diúgfaidh urchóidigh uile an talaimh é. 10 Maidir liomsa: déanfaidh mé gairdeas go deo; canfaidh mé Salm do Dhia Iacóib. 10 Brisfidh mé cumhacht lucht an oilc agus ardófar na fíréin i gcumhacht. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart