Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Samúéil 2:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Cumhdóidh sé a dhílsigh ar a mbealach; Ach scriosfar na ciontaigh sa dorchadas, Óir ní bheidh an bua ag aon duine trí láimh láidir.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Cuimhdeochuidh sé cosa a naomh, agus béid na cionntuigh na ttochd an ndorchadas; óir ní bhéara éainneach buáidh le neart.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 2:9
41 Tagairtí Cros  

Tiomáinfear é ó sholas go dorchadas, Agus ruaigfear as an saol é.


Adhlaic le chéile sa chré iad, Agus iaigh sa charcair íochtarach iad, gan focal as a mbéal.


Fágann sin dóchas ag an dearóil, Agus a chlab dúnta ag an éagóir.


Beidh a fhios agat go bhfuil do bhoth slán, Agus fiosróidh tú do chró agus ní bheidh aon ní ar iarraidh.


Óir is cúram don Tiarna slí na bhfíréan, ach rachaidh slí na n‑éagráifeach ar ceal.


Sheol sé amach iad le hór is le hairgead, gan lagrachán ar bith ina dtreibheanna.


Nár lige sé duit tuisliú go deo; nár dhéana do gharda codladh.


Is é an Tiarna do gharda is do dhídean, agus é ar do dheis.


Coimeádfaidh an Tiarna thú ag imeacht is ag teacht duit, anois agus choíche.


Coimeádann an Tiarna gach duine a thugann grá dó; ach scriosfaidh sé na hurchóidigh go léir.


Taispeain do ghnúis ghrianmhar do do ghiolla; tabhair slán mé i do ghrá.


Óir is geal leis an Tiarna an fhíréantacht agus ní thréigfidh sé a dhílseoirí go deo. Déanfar lucht na héagóra a dhíothú agus sliocht na n‑urchóideach a scriosadh.


Nuair a shílim go bhfuil mo chosa ag imeacht uaim, is é do bhuanghrá, a Thiarna, a choinníonn i mo sheasamh mé.


Gránn an Tiarna an dream ar gráin leo an t‑olc; déanann sé anamacha a naomh a chosaint, á bhfuascailt ó láimh na n‑éagráifeach.


Beartaíonn duine a chúrsa ina chroí ach sé an Tiarna a threoraíonn a chéimeanna.


Cosnaíonn sé cosáin na córa; cumhdaíonn sé bealach na ndaoine a bhíonn dílis dó.


Óir is é an Tiarna a bheidh agat mar urra, agus a shaorfaidh do chéimeanna ón ngaiste.


Is é rud atá feicthe agam gur maith agus gur cóir don duine ithe agus ól agus aoibhneas a bhaint as an saothar uile a dhéanann sé abhus faoi luí na greine sa roinnt bheag laethanta a thugann Dia dó; mar is é sin a chinniúint.


Rud eile fós a chonaic mé abhus faoi luí na gréine: ní hiad na luatha a bhuann an rás, ná na croíthe crua a bhriseann cath, ná na saoithe a fhaigheann an bia, ná lucht na tuisceana a chnuasaíonn an saibhreas, ná an t‑aos léinn a thuilleann fabhar, mar tá siad go léir faoi chumhacht na drochuaire agus na cinniúna.


Mise, an Tiarna, atá i mo chaomhnóir air; bím de shíor ag coinneáil uisce leis ar eagla go dtitfeadh a dhuilliúr; de lá agus d'oíche bím á chaomhnú.


Suigh fút, bí i do thost, agus isteach sa dorchadas leat, - a iníon na gCaildéach. Óir ní thabharfar ort níos mó choíche máistreás na ríochtaí.


Cruinnígí! Déanaimis isteach sna bailte daingne agus faighimis bás iontu, mar cinntíonn an Tiarna ár nDia an bás dúinn; tugann sé uisce nimhe dúinn le hól, óir pheacaíomar ina aghaidh.


Is mar seo a deir an Tiarna: “Ná déanadh an fear críonna glóir as a chríonnacht, ná maíodh an fear cumasach as a chumas, ná an fear saibhir as a shaibhreas!


Is aithnid dó na daoine a théann ar a choimirce nuair a thagann an díle. Ach díothóidh sé na daoine a éiríonn ina choinne agus rachaidh sé sa tóir ar a naimhde isteach sa dorchadas.


Lá díbheirge an lá sin, lá buartha agus angair, lá léirscriosta agus millte, lá dorchadais agus doiléire, lá scamall agus dúnéalta,


Dúirt sé liom ansin, do mo fhreagairt: Seo é briathar an Tiarna i dtaobh Zarubáibil: “Ní le treise arm ná le teann fornirt a dhéanfar é ach le cuidiú mo spioraid féin, a deir Tiarna na Slua.


Go mbeannaí an Tiarna thú agus go gcumhdaí sé thú.


ach clann na ríochta féin, caithfear amach sa dorchadas iad; is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.”


Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia.


Tusa a ghráigh na haithreacha, is i do láimh atá na naoimh go léir. Thiteadar ag do chosa, agus chuadar ar aghaidh go mear faoi do threoir.


Tá sibh anois do bhur gcumhdach tríd an gcreideamh ag Dia na bhfeart, le haghaidh an tslánaithe atá réidh lena fhoilsiú ag deireadh ré.


Toibreacha gan uisce an dream seo agus scamaill á dtiomáint ag an ngála, agus tá ifreann duairc in áirithe dóibh.


Iúd, seirbhíseach lenár dTiarna Íosa Críost, agus deartháir Shéamais, chucu siúd atá glaoite, a bhfuil grá dóibh i nDia an tAthair, agus atá á gcaomhnú d'Íosa Críost.


tonnta fiáine mara iad ag caitheamh a mbearta táire féin aníos mar chúrán; réaltaí fáin iad a bhfuil ifreann duairc i ndán dóibh go brách.


A chairde cléibh, bhí an-fhonn orm scríobh chugaibh faoin slánú ina bhfuilimid páirteach; agus b'éigean dom scríobh chugaibh á impí oraibh troid go dian ar son an chreidimh a seachadadh aon uair amháin do na naoimh.


Anois, a uasail, dar an Tiarna beo, agus dar d'anam beo, agus dar an Tiarna a choinnigh thú ó choir na fola, agus ó dhíoltas a imirt le do láimh féin, go n‑imí an íde chéanna le Nábál ar do naimhde agus ar gach duine a bheartaíonn an t‑olc in aghaidh mo thiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí