Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 16:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 “D'ardaigh mé as an deannach thú agus chuir mé thú mar cheannaire ar mo phobal Iosrael, ach lean tú sampla Iarobám agus threoraigh tú mo phobal Iosrael chun peacaí a dhéanamh a ghriogann mé chun feirge.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Ar son gur thóg misi súas thú as an luáithreadh, agus go ndéarna mé prionsa dhiot ós cionn mo phobuil Israel; agus ar shiubhail tusa a slighe Ieroboam, agus ar chuir tú dfíachaibh ar mo phobal Israel peacughadh, dom bhrostughadh chum feirge re na bpeacadhuibh;

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 16:2
16 Tagairtí Cros  

Tabharfaidh sé cúl le hIosrael de bharr na bpeacaí lenar pheacaigh Iarobám agus a thug sé ar Iosrael a dhéanamh.”


Téigh go Iarobám agus abair leis: ‘Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: D'ardaigh mé ó lár an phobail thú agus rinne mé ceannaire díot ar mo phobal Iosrael.


Rinne sé an t‑olc i láthair an Tiarna, agus lean sé drochshampla a athar agus rinne aithris ar an bpeaca inar threoraigh sé Iosrael chun peacú.


Rinne sé an t‑olc i láthair an Tiarna agus rinne sé aithris ar Iarobám agus ar an bpeaca inar threoraigh sé Iosrael chun peacú.


Dúirt Maois le hÁrón: “Cad a rinne an pobal seo leat a rá is go dtug tú peaca chomh mór sin sa mhullach orthu?”


Cruinníonn na leanaí brosna, deargann na haithreacha an tine, suaitheann na mná an taos le cácaí a dhéanamh do bhanríon neimhe; agus, le holc ormsa, doirteann siad amach ofrálacha dlí do dhéithe eile.


Dá bhrí sin, an té a chuirfidh aon aithne ar ceal den chuid is lú de na haitheanta seo, agus a mhúinfidh do dhaoine eile an rud céanna a dhéanamh, measfar é sin ar an té is lú i ríocht na bhflaitheas. Ach an té a choimeádfaidh iad agus a mhúinfidh, measfar eisean ina dhuine mór i ríocht na bhflaitheas.


Leag sé prionsaí óna gcathaoireacha, agus d'ardaigh sé daoine ísle;


Mo náire, a mhaca, ní aon scéalta fónta fúibh a chluinim á scaipeadh ag pobal an Tiarna.


Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan.


Éisteadh mo thiarna an rí anois le briathra a shearbhónta; más é an Tiarna a ghriog thú i mo choinne, glacadh sé le hofráil; ach más daoine a rinne amhlaidh, go raibh mallacht orthu i láthair an Tiarna; óir tá mé ar ionnarbadh acu inniu i dtreo nach bhfuil aon pháirt agam in oidhreacht an Tiarna; dúradar: ‘Imigh leat agus déan seirbhís do dhéithe eile.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí