1 Ríthe 16 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil XVI. Tairrghir ar Bhaasa. 11 A scrios. 15 Israel roinnte. 28 Olcas Abab mhac Omri. 1 An sin tháinic bríathar an TIGHEARNA go Iehu mac Hanani a naghaidh Bhaasa, gha radh, 2 Ar son gur thóg misi súas thú as an luáithreadh, agus go ndéarna mé prionsa dhiot ós cionn mo phobuil Israel; agus ar shiubhail tusa a slighe Ieroboam, agus ar chuir tú dfíachaibh ar mo phobal Israel peacughadh, dom bhrostughadh chum feirge re na bpeacadhuibh; 3 Féuch, sgriosfa mísi sliochd Bháasa, agus síolradh a thighe; agus do dhéana mé do thigh cosmhuil ré tigh Ieroboam mhic Nébat. 4 An té gheabhus bás ó Bhaasa annsa chathruigh íosuid na madruidh é; agus an ré leision do gheabhus bás ar an mhachaire íosuid éanlaith a naiéir é. 5 ¶ Anois an chuid oile do ghníomhradh Bhaasa, agus gach a ndéarna sé, agus a chumhachd, nach bhfuilid síad scriobhtha a leabhar croinice ríogh Israel? 6 Mar sin do choduil Baasá a bhfochair a aithreadh, agus do hadhlaiceadh a Ttirsah é: agus do ríaghluidh Elah a mhac iona áit. 7 Agus mar an gcéadna lé láimh an fháidh Iehu mhic Hanani tháinic briathar an TIGHEARNA a naghaidh Bhaasa, agus a naghaidh a thighe, eadhon ar son gach uilc dá ndéarna sé a radharc an TIGHEARNA, dá bhrostughadh chum feirge lé hoibrighthibh a lámh, do chionn go raibh cosmhuil ré tigh Ieroboam; agus do chionn mar do mharbh sé é. 8 ¶ Annsa seiseadh bhlíadhain fithchiod do Asa rígh Iúdah do thosuigh Elah mac Baasa bheith na rígh ar Israel ann Tirsah, dhá bhlíadhuin. 9 Agus do chomhchoguir a sherbhíseach féin Simri, (caiptín leithe a charbad) na aghaidh, an feadh do bhí ag ól a Ttirsah, nó gur chuir é fein ar meisge a ttigh Asa stiobhard a thighe a Ttirsah. 10 Agus do chuáidh Simrí a steach agus do bhuail é, agus do mharbh é, annsa seachdmhadh blíadhain fhithchiod do Asa rígh Iudah, agus do ríoghaidh féin iona áit. 11 ¶ Agus tárla, a nuáir do thosuigh a rioghachd, comhlúath agus do shuigh sé iona chathaóir ríogha, gur mharbh sé tigh Bhaasa uile: níor fágbhadh duine aige do mhúnfadh a naghaidh an bhalla, dá gháol, nó dá cháirdibh. 12 Marso do scrios Simri tigh Bhaasha uile, do réir bhréithre an TIGHEARNA, do labhair sé a naghaidh Bhaasa re Iehu an fáidh. 13 Arson pheacadh Bhaasa uile, agus pheacadh Elah a mhic, lér pheacuidheadar, agus lé ttugadar air Israel peacughadh, ag brostughadh an TIGHEARNA Día Israel chum feirge lé na ndíomháineasaibh. 14 Anois an chuid oile do ghníomhuibh Elah, agus a ndéarna sé uile, nach bhfuilid siad scriobhtha a leabhar croinice ríogh Israel? 15 ¶ Annsa seachdmhadh blíadhain fithchiod do Asa rígh Iúdah do bhí Simri na rígh seachd lá ann Tirsa. Agus do bhádar an pobal na suighe a naghaidh Ghibbeton, noch do bhain leis na Philistinibh. 16 Agus an muinntir do bhí san champa do chúaladar dhá radh, Dfeall Simri, agus fós do mharbh sé an rígh: ar a nadhbharsin do rinne Israel uile rígh do Omri, caiptín an tslóigh ós cionn Israel an lá sin annsa champa. 17 Agus do chúaidh Omri súas ó Ghibbeton, agus Israel uile maille ris, agus do shuigheadar a naghaidh Thirsah. 18 Agus tárla, a núair do chonnaire Simri gur ghabhadh an chathair, go ndeachaidh sé go pálás thighe an rígh, agus do chuir sé tigh an rígh tre theine ós a chionn, agus déug sé, 19 Ar son a pheacuidh do pheacuidh sé a ndeanamh uilc a radharc an TIGHEARNA, ag siubhal a slighe Ieroboam, agus iona pheacadh do rinne sé, da thabhairt ar Israel peacadh dhéanamh. 20 Anois an chuid oile do ghníomhradh Shimri, agus a nfeall do rinne sé, nach bhfuilid síad scríobhtha a leabhar croinice ríogh Israel? 21 ¶ Ann sin do bhádar pobal Israel roinnte a ndá chuid: do lean leath an phobuil Tibni mhac Ginat, do dhéanamh righ dhe; agus do lean an leath oile Omri. 22 Acht an chuid do lean Omrí do bhuáidheadar ar an ccuid oile do lean Tibni mhac Ginát: mar sin fúair Tibni bás, agus do bhí Omri na rígh. 23 ¶ Ann sa náonmhadh bliadhuin déag ar fhithchid do Asa rígh Iúdah do thosuigh Omri a rioghachd ós cionn Israel, dha bhlíadhuin déug: do bhí sé na rígh a Ttirsah sé blíadhna. 24 Agus do cheannuigh sé an cnoc Sámaria ó Shémer ar dhá thalluinn airgid, agus do rinne foirgneamh ar an gcnoc, agus do ghoir sé ainm na caithreach do rinne sé, do réir anma Shemer lér leis an cnoc, Samária. 25 ¶ Acht do rinne Omri olc a radharc an TIGHEARNA, agus do rinne nios measa ná a raibh roimhe uile. 26 Oír do shiubhail sé a sligbe Ieroboam mhic Nébat uile, agus iona pheacadh lé ar chuir sé dfíachaibh ar Israel peacughadh, do bhrostughadh an TIGHEARNA Día Israel chum feirge lé na dhiomháoineasaibh. 27 ¶ Anois an chuid oile do ghniomhradh Omri noch do rinne sé, agus a chumhachd do thaisbeín sé, nach bhfuilid siád scríobhtha a leabhar croinice ríogh Israel? 28 Mar sin do choduil Omri a bhfochair a aithreadh, agus do hadhlaiceadh é a Samária: agus do bhí Ahab a mhac na rígh ann a áit. 29 ¶ Agus annsa nochtmhadh bliádhain déug ar fithchid do Asa rígh Iúdah do thosuigh Ahab mac Omri a bheith na rígh ós cionn Israel: agus do bhí Ahab mac Omri na rígh oscionn Israel a Samária dhá bhlíadhuin agus fithche. 30 Agus do rinne Ahab mac Omri olc a radharc an TIGHEARNA ós cionn a nuile rígh do bhí roimhe. 31 Agus tárla, amhuil agus budh ní éattrom dósan siubhal a bpeacadhuibh Ieroboam mhic Nébat, go ttug sé Iesebel inghean Etbaal rígh ná Sidonianach na mnáoi, agus do imthigh agus do rinne serbhís do Bháal, agus do adhuir sé dhó. 32 Agus do thóg sé súas altóir do Bháal a ttigh Bháail, noch do rinne sé a Samária. 33 Agus do rinne Ahab garrán; agus do rinne Ahab nios mó do bhrostughadh an TIGHEARNA Día Israel chum feirge náid ríghthe Israel uile do chuáidh roimhe. 34 ¶ Is iona laéthibh do chuir Híel an Bet‐eliteach Iericho súas: do chuir sé síos a bunáit a mbás a chéidgheine Abiram, agus do chuir na geatadha súas a mbás Shegub a mhac dob oige, do reír bhréithre an TIGHEARNA do labhair sé tre Iosua mhac Nun. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society