Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 16:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Tháinig briathar an Tiarna in aghaidh Bháiseá chun Iéahú mac Hanáiní á rá:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 An sin tháinic bríathar an TIGHEARNA go Iehu mac Hanani a naghaidh Bhaasa, gha radh,

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 16:1
7 Tagairtí Cros  

Sa tríú bliain de ré Ásá rí Iúdá, tháinig Báiseá, mac Aichíá, i gcoróin ar Iosrael ag Tirzeá, agus mhair a ré ceithre bliana fichead.


Ina theannta sin, trí bhéal an fháidh Iéahú mac Hanáiní, fógraíodh briathar an Tiarna in aghaidh Bháiseá agus a theaghlach sa chéad áit de bharr a ndearna sé d'olc i láthair an Tiarna, á ghriogadh chun feirge lena ghníomhartha, agus ag teacht ar aon dul le teaghlach Iarobám; agus sa dara háit de bhrí gur scrios sé an teaghlach sin.


Mar sin féin thug an Tiarna an rabhadh seo d'Iosrael agus do Iúdá trí bhéal na bhfáithe agus an lucht físe go léir: “Filligí ó bhur ndrochshlite agus coinnigí m'aitheanta agus mo reachtanna de réir an dlí iomláin a leag mé amach do bhur n‑aithreacha agus a thug mé daoibh trí mo shearbhóntaí, na fáithe.”


Ghabh Iéahú mac Hanáiní, an físí, amach ina choinne, agus dúirt sé leis an rí Iahóiseáfát: “Ar chóir duit lámh chúnta a thabhairt don choirpeach? Ar chóir duit grá a thabhairt dóibh siúd ar fuath leo an Tiarna agus a fhearg a thabhairt sa mhullach ort dá bharrsan?


An chuid eile de stair Iahóiseáfát, ó thús deireadh, nach bhfuil sé scríofa in Annála Iéahú mac Hanáiní atá cóipeáilte i Leabhar Ríthe Iosrael.


Taispeánann tú cineáltas do na mílte, ach cúitíonn tú éigeart na n‑aithreacha go hiomlán lena gclann ina ndiaidh. Dia mór, cumhachtach, arb é Tiarna na Slua a ainm!


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí