Bíobla ar líne

Fógraí

An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua


Eoin 10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Eoin 10

CAIBIDIOL X. Isé Críost an dorus, agus isé Críost an t-aodhaire fóghanta. Is aon é agus a athair.

1 Go deimhin deimhin adeirim libh, an t-é ná tagann an dorus isteach i gcró na gcaorach, ach do thagann isteach ar a mhalairt de chuma le sárú, bitheamhnach iseadh é sin agus robálaidhe.

2 Ach an t-é a thagann isteach an dorus, siné aodhaire na gcaorach.

3 Osgalann an dóirseóir dó san, agus airighid na caoire a ghuth, agus glaodhann sé ar a chaoire féin, as a n-ainim, agus seólann sé amach iad.

4 Agus nuair a sheólann sé amach a chaoire féin gluaiseann sé rómpa, agus leanaid na caoire é, mar aithnighid siad a ghuth.

5 Ach ní leanaid siad duine iasachta, ach teithid siad uaidh, mar ní aithnighid siad guth na ndaoine iasachta.

6 Do labhair Íosa an tsoluíd sin leó. Ach ní fheadradar cad a bhí aige d’á rádh leó.

7 Ansan dubhairt Íosa leó airís: Go deimhin deimhin adeirim libh gur mise dorus na gcaorach.

8 Gach ar tháinig, bitheamhnaigh agus robálaithe ab eadh iad, agus níor éist na caoire leó.

9 Is mise an dorus. Má’s tríom-sa a raghaidh duine isteach, saorfar é; agus geobhaidh sé isteach agus amach, agus gheobhaidh sé an fhosuigheacht.

10 Ní thagann an bitheamhnach ach chun bheith ag guid agus ag marbhú agus ag dísgiú. Thánag-sa ionus go mbeadh an bheatha acu, agus go mbeadh sí acu níos iomadamhla.

11 Mise an t-aodhaire fóghanta. Tugann an t-aodhaire fóghanta a anam ar son a chaorach.

12 An fear tuarasdail ámhthach, óir ní h-é an t-aodhaire é, agus ní leis féin ná caoire, chíonn sé an machtíre ag teacht, agus fágann sé na caoire agus teitheann sé; agus deineann an machtíre foghail ar na caoire agus sgaipeann sé iad.

13 Agus teitheann an fear tuarasdail mar is fear tuarasdail é, agus ní’l speóis aige ins na caoire.

14 Mise an t-aodhaire fóghanta agus aithnighim mo chuid féin, agus aithnighid siad-san mé.

15 Fé mar a dh’aithnigheann an t-Athair mise is eadh dh’ aithnighim-se an t-Athair leis; agus tá m’anam agam ’á thabhairt ar son mo chaorach.

16 Agus tá caoire eile agam ná baineann leis an gcró so; agus tá orm iad san a thabhairt liom, agus éistfid siad le m’ ghlór; agus beidh aon chró amháin ann agus aon aodhaire amháin.

17 Mar gheall air seo atá grádh ag an Athair dom, mar go bhfuilim ag tabhairt m’anama uaim, i dtreó go ndéanfainn é ghlacadh chúgham airís.

18 Ní’l aoinne ’ghá thógaint uaim, ach is uaim féin atáim ’ghá thabhairt uaim; agus tá ar mo chumas é thabhairt uaim, agus tá ar mo chumas é thógaint chúgham airís. Siní an aithne a fuaras ó m’Athair.

19 D’eirigh siosma airís idir na Iúdaigh mar gheall ar an gcaint sin.

20 Agus dubhairt cuid acu: Is amhlaid atá deamhan ann, agus tá sé as a mheabhair; cad ab aíl libh ag éisteacht leis?

21 Dubhairt tuille acu: Ní caint fir go mbeadh deamhan ann an caint sin; an bhféadfadh deamhan súile na ndall a dh’osgailt?

22 Agus bhí féile an toirbheartha i n-Ierúsalem, agus sa gheimhreadh ab eadh é.

23 Agus bhí Íosa ag siubhal sa teampul, i bpóirse Shalomóin.

24 Agus tháinig na Iúdaigh ’n-a thímpal, agus bhíodar ’ghá rádh leis: An fada a leanfair ag baint an anama asainn? Má’s tú Críost, innis dúinn é go soiléir.

25 D’fhreagair Íosa iad: Táim ’ghá innsint daoibh, agus ní chreideann sibh é. Na h-oibreacha atá agam ’á dhéanamh i n-ainim mh’Athar, tá fiadhnaise acu ’á dhéanamh dom.

26 Ach ní chreideann sibh-se, mar ní de’m’ chaoire-se sibh.

27 Éistid mo chaoíre-se le m’ ghlór, agus aithnighim-se iad, agus leanaid siad mé.

28 Agus tá an bheatha shíoruidhe agam-sa ’á thabhairt dóibh; agus ní caillfar go deó iad, agus ní dhéanfaidh aoinne iad a dh’fhuadach as mo láimh-se.

29 Tá an nídh a thug m’Athair dom níos mó ’ná gach uile nídh; agus ní féidir d’aoinne fuadach as láimh m’Athar.

30 Is aon mise agus an t-Athair.

31 Ansan do thóg na Iúdaigh na clocha chun gabháil do chlochaibh ann.

32 D’fhreagair Íosa iad: Tá a lán oibreacha fóghanta taisbeánta agam daoibh ó m’Athair; cé’cu obair acu go bhfuil sibh ag gabhail do chlochaibh ionam mar gheall air?

33 D’fhreagair na Iúdaigh é: Ní mar gheall ar obair fhóghanta atáimíd ag gabháil do chlochaibh ionat, ach mar gheall ar dhiamhaslad, agus go ndeineann tú Dia dhíot féin, bíodh gur duine thu.

34 D’fhreagair Íosa iad: Ná fuil sgríobhtha i nbhúr ndlígh féin, Dubhart-sa, is déithe sibh?

35 Má dubhairt sé gur dhéithe iad súd gur labhradh briathar Dé leó, agus nách féidir an scriptiúir do chur ar neamhnídh,

36 An t-é a bheannuigh an t-Athair agus do chuir sé uaidh ar an saoghal, an ndeir sibh-se leis, Tá diamhasladh agat ’á dhéanamh, toisg go ndubhart, Is mé Mac Dé?

37 Mura ndeinim oibreacha m’Athar ná creididh mé.

38 Ach má dheinim, mura maith libh mise chreideamhaint, creididh na h-oibreacha, i dtreó go mbeidh fhios agaibh an t-Athair a bheith ionam-sa agus mise sa n-Athair.

39 Ansan bhíodar a d’iarraidh beirthe air; agus d’imthigh sé as a lamhaibh.

40 Agus d’imthigh sé airís thar Iórdan, chun na h-áite ’n-a raibh Eóin ag baisteadh ar dtúis; agus d’fhan sé ansan.

41 Agus tháinig a lán daoine ag triall air, agus deiridís: Níor dhein Eóin aon nídh mírbhúilteach;

42 Ach na neithe go léir adubhairt Eóin ’n-a thaobh so dob’ fhíor iad. Agus do chreid a lán ann.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society