Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 10:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus nuair a sheólann sé amach a chaoire féin gluaiseann sé rómpa, agus leanaid na caoire é, mar aithnighid siad a ghuth.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Nuair a bhíos a chuid caorach féin tugtha amach aige, siúlann sé rompu amach agus bíonn na caoirigh á leanúint, mar aithníonn siad glór a chinn.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus nuair a leigeas sé amach a chaoirigh féin, téid sé rompa, agus leanann na caoirigh é, de bhrígh go n-aithneann siad a ghuth.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus nuair bhíos a thréad uile seolta amach aige, siubhlann sé rómpa, agus leanann na caoirigh é: óir aithnigheann siad a ghlór.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus an tan léigheas sé a cháoirigh féin amach, siobhluidh sé rómpa, agus leanuid na cáoirigh é: óir aithnighid siád a ghúth.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Nuair a bhíonn a chaoirigh uile seolta amach aige, téann sé rompu agus leanann a chaoirigh é, mar aithníonn siad a ghuth.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 10:4
23 Tagairtí Cros  

Ansan dubhairt Íosa le n-a dheisgiobuil: Ma’s áil le h-aoinne teacht am’ dhiaidh-se, séanadh sé é féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé.


Agus tá caoire eile agam ná baineann leis an gcró so; agus tá orm iad san a thabhairt liom, agus éistfid siad le m’ ghlór; agus beidh aon chró amháin ann agus aon aodhaire amháin.


Éistid mo chaoíre-se le m’ ghlór, agus aithnighim-se iad, agus leanaid siad mé.


Osgalann an dóirseóir dó san, agus airighid na caoire a ghuth, agus glaodhann sé ar a chaoire féin, as a n-ainim, agus seólann sé amach iad.


Ach ní leanaid siad duine iasachta, ach teithid siad uaidh, mar ní aithnighid siad guth na ndaoine iasachta.


Gach ar tháinig, bitheamhnaigh agus robálaithe ab eadh iad, agus níor éist na caoire leó.


Má fhriothálann duine mise, leanadh sé mé; agus an áit i n-a bhfuilim-se is ann a bheidh an t-é a fhriothálfaidh. Má dheineann duine friothálamh orm-sa tabharfaidh m’Athair onóir dó.


Óir tá sampla tabhartha agam daoibh, ionus fé mar tá déanta agam-sa dhaoibh-se go ndéanfad sibh-se mar an gcéadna.


Ansan dubhairt Pílát: An rí thu, mar sin? D’fhreagair Íosa: Mar adeirir, is rí mé. Is chuige do rugadh mise, agus is chuige do thánagh ar an saoghal, chun go ndéanfainn fiadhnaise do’n bhfírinne. Gach n-aon a bhaineann leis an bhfírinne, éisteann sé le m’ ghlór-sa.


An t-é go bhfuil an bhainchéile aige siné an céile; ach cara an chéile, atá ’n-a sheasamh ag éisteacht leis, glacann sé áthas mór ó ghuth an chéile. An t-áthas so d’a bhrígh sin atá orm-sa, tá sé iomlán.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí