Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eoin 10:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

8 Gach ar tháinig, bitheamhnaigh agus robálaithe ab eadh iad, agus níor éist na caoire leó.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 Lucht bradaíola agus bithiúntais a bhí inar tháinig romham; ach ní raibh aire ag na caoirigh orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

8 An méid a tháinic uilig, is gadaidhthe agus sladairí iad, agus níor éist na caoirigh leo.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Gach a dtáinig rómham is gadaidhthe agus bitheamhnaigh iad: acht níor airigh na caoirigh iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 A dtáinig romham uile as gaduidhthe iád agus biothamhnuigh: achd níor éisdeadar na cáoirigh riú.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Gach ar tháinig romham, bithiúnaigh ab ea iad agus robálaithe, agus níor éist na caoirigh leo.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 10:8
11 Tagairtí Cros  

Go deimhin deimhin adeirim libh, an t-é ná tagann an dorus isteach i gcró na gcaorach, ach do thagann isteach ar a mhalairt de chuma le sárú, bitheamhnach iseadh é sin agus robálaidhe.


Éistid mo chaoíre-se le m’ ghlór, agus aithnighim-se iad, agus leanaid siad mé.


Ach ní leanaid siad duine iasachta, ach teithid siad uaidh, mar ní aithnighid siad guth na ndaoine iasachta.


D’eirigh, sa n-aimsir a chuaidh thorainn, Teodas, agus dubhairt sé gur dhuine mór é féin, agus d’aontuigh tímpal cúig chéad duine leis. Ach do marbhuigheadh é, agus an mhuinntir a chreid ann do sgaipeadh iad agus chuadar an neamhnídh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí