Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eoin 10:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Osgalann an dóirseóir dó san, agus airighid na caoire a ghuth, agus glaodhann sé ar a chaoire féin, as a n-ainim, agus seólann sé amach iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Is roimhe a osclaíos an doirseoir; tugann na caoirigh cluas orthu féin leis, agus gaireann sé ina n‑ainmneacha ar a chuid caorach féin, agus seolann sé amach iad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Is dó seo a fhosclas an doirseoir, agus cluineann na caoirigh a ghuth, agus goireann sé chuige a chaoirigh féin fá n-a n-ainmneacha agus treoruigheann sé amach iad.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Is dó‐san fhosclas an geatóir; agus airigheann na caoirigh a ghlór: agus glaodhann sé as a n‐ainm ar a chaoiribh féin, agus seolann sé amach iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Is dó so osglas an doirrseóir; agus éisdid na cáoirigh a ghuth: agus goiridh sé a cháoirigh réir a nanmann, agus tréoruighidh sé amach iád.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Osclaíonn an doirseoir dó seo agus éisteann na caoirigh lena ghuth, agus glaonn sé ar a chaoirigh féin ina n-ainm, agus seolann amach iad.

Féach an chaibidil Cóip




Eoin 10:3
32 Tagairtí Cros  

Mise an t-aodhaire fóghanta agus aithnighim mo chuid féin, agus aithnighid siad-san mé.


Agus tá caoire eile agam ná baineann leis an gcró so; agus tá orm iad san a thabhairt liom, agus éistfid siad le m’ ghlór; agus beidh aon chró amháin ann agus aon aodhaire amháin.


Agus nuair a sheólann sé amach a chaoire féin gluaiseann sé rómpa, agus leanaid na caoire é, mar aithnighid siad a ghuth.


Is mise an dorus. Má’s tríom-sa a raghaidh duine isteach, saorfar é; agus geobhaidh sé isteach agus amach, agus gheobhaidh sé an fhosuigheacht.


Gach nídh d’á bhfuil tabhartha dhómh-sa ag m’ Athair tiocfaidh sé chúgham, agus an t-é a thiocfaidh chúgham ní chaithfead amach é.


Tá sgríobhtha ins na fáidhibh: Agus beid siad go léir d’á dteagasg ag Dia. Gach duine a chlois ó’n Athair agus d’ fhoghluim, tagann sé chúgham-sa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí