A dubhairt Iósa ris, As misi an tslighe, agus a nfírinne, agus a bheatha: ní thig áonduine chum a Nathar, achd tríomsa.
Tréoruigh mé ann thfírinne, agus teagaisc mé: óir is tú Día mo shlánuighthe; ortsa bhím ag feithiomh air feadh an laói.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Teagaisg dhamh a THIGHEARNA, do shlightheacha; agus siubhólad ann tfírinne: coimhcheangail mo chroidhe chugadsa deaglughadh hanma.
As fírinne tosach do bhreithre: agus biaidh huile bhreitheamhnuis fíréanta go síorruidhe.
Is ó Sbioruid Dé tháinic an sgriobtúir uile, agus is tarbhach é chum teaguisg, chum spreagtha, chum ceartuighthe, chum foirceaduil na fíréuntachda: Ionnus go mbíadh óglach Dé diongmhalta, agus ullmhuighe go hiomlán chum na huile dhéaghoibhre.
Achd an tan thiocfus seisean, Spiorad na fírinne, tréorochaidh sé sibh chum gach uile fhírinne: óir ní úadh féin laibhéoras sé; achd laibhéoruidh sé, na huile neithe chluinnfeas sé: agus foillséochuidh sé dhíbh na neithe atá chum teachda.
Achd ar mbeith dhúinn ag leanmhuin do fhírínne a ngrádh, fásam sna huile neithibh, chum an tí as ceann ann, eadhon Críosd:
Atá dligheadh an TIGHEARNA iomlán, ag iompógh a nanma: is fírinneach fiaghnuise an TIGHEARNA, ag déanamh an tsimpligh críonna. Atáid reachda an TIGHEARNA ceart, ag gáirdiughadh an chroidhe: atá áithne an TIGHEARNA fiorghlan, ag tabhairt radhairc do na súilibh.
Is adhfhúathmhaireacht don TIGHEARNA na béil bhréagacha: acht is íad an drong dhéanas go fírinneach a dhúil.
Ar a nadhbharsin a dubhairt Pioláid ris, Má seadh an rí thú? Do fhreaguir Iósa, A deir tusa gur rí mé. Is chuige so rugadh mé, agus is chuige tháinig mé ar a tsáoghal, ionnus go ndéanuinn fínné don fhírinne. Gach uile dhuine atá ar tháobh na fírinne éisdidh sé mo ghuthsa.
Ní bhfuil gáirdeachas agum as mó ná so eadhon go gcluinim go bhfuilid mo chlann, ag suibhal sa bhfírinne.
Agus má atá aóinneach aguibh a neasbhuibh éagua, íarruidh í air Dhía, noch do bheir go fairsing úadh do na huilibh, agus nach déun maóidheamh; agus do bhéurthar dho í.
A chlann bheag, nár ab a mbréithir, ná a dteanguidh bhías bhur ngrádh; achd a ngníomh agus a bhfírinne.
Ní dhéanann gáirdeachus sa néugcóraidh, achd gabhuidh sé gáirdeachus sa bhfírinne;
An té shiubhluighios go díreach, agus oibrighios fíréantachd, agus labhrus a nfírinne iona chroidhe.
Achd atá a fhios aguinn go dtáinic Mac Dé, agus go dtúg sé tuigse dhúinn, ris an Día fhíre daithniughadh, agus atamuid sa Día fhíre sin, ann a Mhac Iósa Críosd. A sé so an fír-Dhía, agus an bheatha mharthannach.
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Is Spiorad Día: agus an dream adhras é as éigin dóibh a adhra a spioraid agus a bhfírinne.
O rinneabhair bhur nanmanna glan a númhlachd na fírinne trés an Spiorad chum grádha bráithreamhuil gan fhallás, bíodh grádh díoghraiseach aguibh dhá chéile ó chróidhe ghlan:
Déun díthchioll ar thú féin do tháisbéunadh ionmholta do Dhía, a tfior oibre nách rig a leas adhnaire do bheith aire, ag gearradh bhreithre na fírinne go cómhthrom.
Oir atá bríathar Dé beó, agus bríoghmhar, agus ní sa ghéire ná clóidheamh ar bith dhá fháobhar, agus téid sí thrín a steach go roinn a nanma agus na sbioruide, na nalt agus an smeara ré chéile, agus is breathamh í ar smúaintighibh agus ar bhreathnuighibh an chróidhe.
Uime sin seasuidh, ar mbeith dá bhur leasrachuibh ar na gcreaslughadh ré firinne, agus ar gcur éidigh uchda na fíreantachda iomuibh;
Cuir chugam do sholus agus thfírinne: tréoruighdís mé; tugaidís mé chum do chnuic náomhtha, agus chum hionaid comhnuighe.
Dá nabram go bhfuil cumann aguinn ris, agus sinn ag siubhal a ndorchadus, do nímid bréug, agus ní leanmáoid an fhírinne.
Oír laibhéoraidh mo bhéul fírinne; agus is adhfhúathmhaireacht dom phuisínibh a nurchóid.
¶ Isíad so na neithe do dhéantáoi; Labhradh gach áon aguibh a nfírinne re na chomharsoin; déanuidh breitheamhnus fírinne agus síodhchána ann bhur ngeatadhuibh:
Achd do thréigeamar na neithe folaightheach míomhacántuis, ní ag siubhal a cceilg, ná ag truáilleadh bhréithre Dé; achd maille ré foillsiughadh na fírinne do nímid sinn féin ionmholta do choinsias gach áon a bhfíadhnuisi Dé.
An tí a deir, Atá aithne agum air, agus nach ccoimhéudann a aitheanta, as bréugach é, agus ní bhfuil fírinne ann.
Is íad puisíne fíreanta dúil nan rígh; agus is ionmhuin léo an té labhras an ceart.
Agus do rinneadh féoil don Bhreithir, agus do chomhnuigh sé eadruinne, (agus do chunncamar ghlóirsion, mar ghlóir éingheine Mhic an Athair,) lán do ghrásuibh agus dfírinne.
Agus a deirim go raibh Iósa Críosd na mhinistir an timchillghearrtha ar son fírinne Dé, chum geallamhnach na naithreach do dhainniughadh:
Ar a nadhbharsin déunam an fhéusda choimhéud, ni ré seanlaibhín, na ré laíbhin uilc agus droichmhéine; achd ré harán an fhíorghloine augs fírinne gan laibhín.
Tréorachuidh iomláine na nionnrac íad féin: acht millfidh urchóid na sáruightheach íadsan.
Mar dhruing do iompóidh fírinne Dé a mbréig, agus do rinne onóir agus seirbhís don chreatúr ag treigean an Chruthaighthéora, noch atá beannaighe go síorraidhe. Amén.
Oír ní féidir linn ní ar bith do dhéanamh a nádhuigh na firinne, achd ar son na fírinne.
As ó Dhía atámuidne: an tí atá a neólas Dé éisdigh sé rinn; an tí nach bhfuil ó Dhía ní éisdeann sé rinn. Is as so aithnighemid sbiorad na fírinne, agus sbiorad an tseachráin.
Achd gidh bé do ní an fhirínne thig sé chum an tsoluis, ionnus go mbeidís a oibreacha follus, tré gur ab a Ndía atáid siád ar na ndéunamh.
Ré na sciathán foileochaidh sé thú, agus fa na sciathánaibh chuirfios tú do dhóthchus: is scíath agus buicléir a fhirinne.
Ní a bhfolach do labhair mé, a náit dhorcha don talamh: ní dúbhairt mé re síol Iácob, Iarruidh mé go díomhaóin: misi an TIGHEARNA labhrus fírinne, foillsighim neithe atá ceart.
Fagh críonnacht, fagh tuigsi; ná dearmuid í: agus ná cláon ó bhríathraibh mo bhéilse. Ná tréig í, agus cuimhdeochuidh si thú: grádhuigh í, agus coimhéadfuigh sí thú. Asi a neagna an ní is oirdheirce; uimesin fagh eagna: agus maille red uile fhagháil fagh tuigse.
Gidh bé labhrus uádh féin, a sí a ghlóir an té chuireas uádh é, atá sé fírinneach, agus ní bhfuil éagcóir ann.
Atá fírinne Chríosd ionnam, nách dúnfuighthear an maóithfeachussa am adhuigh a gcríochaibh na Hachaía.
Tuille eile, a dhearbhraithre, gidh bé ar bithe neithe atá firinneach, gidh bé neithe atá trómgha, gidh bé neithe atá ceart, gidh bé neithe atá glan, gidh be neither as fíu grádh, gidh bé neithe ar a bhfuil deaghtheisd; ma tá súbhailcighe ar bith, agus má tá moladh, go madh híad bhías sibh a smuáineadh.
Teagosfa mé thú, agus múinfead thú san tslighe iona ngéubhair: do bhéar comhairle dhuit ré mo shúil do beith ort.
Oir ráinic tuarasgbháil bhur númhlachdsa na huile dháoine. Ar a nadhbharsin atá gáirdeachas orum bhur dtáobhsa: gidheadh is mían riom bheith dháoibh eagnuighe a dtáoibh na maitheasa, agus neamhurchoideach a dtaobh a nuilc.
Tabhruidh bhur naire ribh nach meallfuidh éinneach sibh tré fheallsámhnachd agus tré mhealltóireachd dhiomhaíun, do réir thráchduighe na ndaóine, do réir chéudthosuigheadh an dómhuin, agus ní do réir Chríosd.
Gidh be shiúbhluighios go fíréanta biaidh sé sáor: acht an té bhíos urchóideach iona shlighthibh tuitfe sé a néinfheacht.
Is ón TTIGHEARNA orduighthear coiscéime an duine: an tan bhías dúil aige iona shlighe. Bíodh go ttuitfeadh, ní teilgfighthear síos é: óir congmhaidh an TIGHEARNA a lámh súas.
Achd ma ním muill ré theachd, chum a fheasa do bheith agad cionnas as cóir dhuit thú féin diomchar a dtigh Dé, eadhon eagluis Dé bhí, posda agus daingean na fírinne.
Spiorad na fírinne; noch nach bhféudan an sáoghal do ghabháil, ar a nadhbhar nach bhfaiceann sé é, agus nach aithnigheann sé é: achd aitheantaóisi é; óir fanuidh sé aguibh, agus biaidh sé ionnuibh.
Agus do cluinfid do chlúasa focal táobh shíar dhíot, dhá rádh, Sí so an tslighe, siubhluighidh innte, a nuáir fhillfidhe ar an láimh dheis, agus a nuáir fhillfidhe ar an láimh chlé.
Mar do thioghluic a chúmhachd díaghasan na huile neithe dhuinne bheanas ré beatha agus ré díaghachd, tré eólas an tí do ghoir sinn chum glóire agus súbhailce:
Is trócaire agus fírinne slighthe an TIGHEARNA uile don luchd chongmhus a chunnradh agus a fhiaghnuiseadh.
Acht daithin mé an ní so dhíobh, dhá rádh, Umhluighidh dom ghlór, agus budh misi bhur Ndía, agus beithíse bhur bpobal agamsa: agus siubhluighidh annsna huile shlighthibh dar aithin mé, chor go mbeithear go maith aguibh.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Ní huime sgríobh mé chuguibh do bhrígh go raibh sibhse ainbhfiosach sa bhfirinne, achd ar a nadhbhar go bhfuil a eólus aguibh, agus nach bhfuil bréug ar bith ón bhfírinne.
Daingnidh mo choiscéime ann do bhréithir: agus ná léig durchóid ar bith úachtaránacht do bhreith orum.
¶ Lorguidhsi an TIGHEARNA an feadh bhías sé ar fagháil, goiridh air an feadh atá sé a bhfogus: Tréigeadh an drochduine a shlighe, agus an duine neimhfhíréanta a smuaintighthe: agus filleadh sé chum an TIGHEARNA, agus do dhéana sé trócaire air; agus chum ar Ndénne, óir maithfidh sé go líonmhar.
Má fhanann sibh ionnamsa, agus má fhanuid mo bhríathrasa ionnuibhse, íarruidh gach ní bhus áill libh, agus do dhéuntar dhaóibh é.
Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
Atá síothcháin mhór don lucht ghrádhuigheas do dhligheadhsa: agus ní bhfuil ceap tuislighe na naghaidh.
Dá nabram nach bhfuil peacadh oruinn, atámuid dár mealladh féin, agus ní bhfuil an fhirinne aguinn. Dá nadmham ar bpeacuidh, atá seision fírinneach agus ceart re ar bpeacuigh do mhaitheamh dhúinn, agus ré ar nglanadh ó anuile neamhfhiréuntachd.
Mar naóidheanuibh núaidhbheartha, bíodh fonn aguibh a mbainne fhíorghlan na bréithre, chum bheith dhíbh ag fás ris:
A mhic, má ghabhann tú mo bhríathrasa, agus maitheanta dfolachagad féin; A nuáir rachus a neagna a steach ann do chroidhe, agus bhías éolus taitneamhach dot anam; Cuimhdeochuidh deiscréid thú, coimhéadfuidh tuicse thú: Dot sháoradh ó shlighe an drochdhuine, ón duine labhras neithe éaigcneasta; Noch thréigios slighe a nionnracais, do shiubhal a slighthibh an dorchadais; Noch lúathgháirighios um dhéanamh uilc, agus dhúilighios a néigcneasdacht na cciontach; A bhfuilid a slighthe cam, agus íad éaigcneasta iona slighthibh: Dot sháorach air an mnaói choimhthigh, eadhon an coimhthigheach noch mheallus le na bríathruibh; Noch thréigios éoluighe a hóige, agus dhearmadas cunnradh a Dé. Oír cláonuidh a tigh chum báis, agus a casain chum na marbh. Ni fhílleann áonduine dá ttéid go nuige í a rís, ní mó ghlacaid síad greim do chasánabh na beatha. Iondus go ccláonfa tú do chlúas chum na heagna, agus go ttinbhra tú do chroidhe don tuigsin; Go madh héidir léatsa imtheacht a slighthibh na ndaoine maith, agus coiscéime na bhfíréun do choimhéad. Oír coimhneochuidh an tionnraic annsa dúthaigh, agus buáineochuidh an duine iomlán innte. Acht géarrfuighthear na drochdhaóine amach as an ttalamh, agus tochaltar lucht an tsaruighthe as amach. Má éighionn tú fós a ndiáigh éoluis, agus go ttóigfe tú do ghuth súas chum na tuigsiona; Má íarrair í amhuil airgiod, agus go spíonfuidh tú da híarruidh mar ionnmhusaibh foluightheacha; Annsin tuigfidh tú eagla an TIGHEARNA, agus do gheabha tú éolus Dé.
Ionnus go dtíubhradh Día ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na glóire, Sbiorad éagna agus foillsighe dháoibh chum eision dadmháil: Ag soillsiughadh súl bhur ccroidhe; chum a fheasa do bheith aguibh créud í muinighin a ghlóire a óighreachda sna náomhuibh,
As misi án fhíneamhuin, sibhsi na géuga: Gidh bé fhanus ionnamsa, agus misi annsan, do bheir sé toradh mór: óir gan misi ní héidir libh éainni do dhéanamh.
Ar mbeith dhamh dearbhtha as an ní céudnasa, eadhon an tí do thionnsguin obair mhaith ionnuibh go gcuirfe sé críoch uirrthe go lá Iósa Críosd:
Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe;
Acht bí slíghe a nfíréin amhuil solus lonnrach, noch shoillsighios ní sa mhó agus nísa mhó go nuige an lá iomlán.
Múin do shlighe dhamh, a THIGHEARNA, agus tréoruidh a ród chomhthrom mé, do bhrígh mó námhad.
Achd íarruigh ar tús flaitheas Dé, agus a fhiréuntachdsan; agus teilfidhthear na neithesi uíle chugaibh.
Síubhlam go cubhaidh amháil sa ló; ní a gcráos ná a meisge, ná a seómradóireachd ná a macnus, ná a gceannarraic ná a dtnúth.
An té shiubhlas go hionnruic imthighidh go daingion: acht an té mhillios a shlighthe aitheontar é.
Agus bíghidh bhar luchd na bréithre chur a ngníomh, agus ní bhur luchd a héisdeachda amháin, dá bhur mealladh féin.
Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna.
Ar a nadhbharsin atámuid adhlaice maráon risean tré bhaisdeadh chum báis: ionnus do réir mar do tógbhadh súas Críosd ó mharbhaibh chum glóire a Náthar, gur mar sin mar an gcéudna do dhéunmais siubhal a núaidheachd beatha.
Ionnus go siúbhalfadh sibh mar as cubhaidh don Tíghearna maille ré sa thoil do dhéunamh sna huile neithibh, ag tabhairt toruidh uáibh sa nuile dheaghobair, agus ag fás a néolas Dé;
Uime sin mas íthe, nó ibhe dháoibh, nó gidh bé ar bith ní do ní sibh, go madh chum glóire Dé dhéana sibh na huile neithe.
Oir isé an TIGHEARNA do bheir eagna: as a bhéul thig an téolus agus an tuigse. Do ní sé stór gliocuis iomláin do nfíréun: bí sé na scéith don druing shubhluighios go hionnraic. Coimhéaduigh sé casáin an bhreitheamhnuis, agus cumhduighidh sé slighe a náomh.
Acht atá tusa, a THIGHEARNA, Día trócaireach, grásamhuil, ag fulang a bhfad, agus lán do thrócaire agus dfírinne.
Achd a néagna úd ó neamh atá sí glan ar tús, na dhiáigh sin síothchánta, ceannsuigh, sótheaguisg, lán do thrócaire agus do dheaghthórtuibh, gan chláon, gan fhallas.
Is beannuigh an fear nach siubhluighionn a ccomhairle na neimhdhiadhach, nach seasann a slighe na bpeacach, agus nach suighionn a suigheachán na ttárcuisneach. Acht atá a dhúil a ndligheadh an TIGHEARNA; agus iona dhligheadh smuaineann sé do ló agus doidhche.
Agus tréorochuidh an TIGHEARNA thú a ccomhnuidhe, agus sásfuidh sé hanam a ttiormach, agus do dhéana sé do chnámha méith: agus budh cosmhuil thú re gáirdín ar na fhliuchadh, agus cosmhuíl re tobar fioruisce nach bhfáillighid a uisgeadha.
Do thabhairt soillsi don droing do bhí na suidhe a ndorchadas agus a sgáile an bháis, agus do dhíorghadh ar gcos a slighe na síothchána.
Agus fós, an mhéid ler mían a mbeatha chaitheamh go díagha a Niósa Críosd fuileónguin síad gerleanmhuin.
Na bí glic ann do shúilibh féin: bíodh eagla an TIGHEARNA ort, agus seachain an tolc.
Agus an duine núadh do chur íomuibh, noch atá ar na chrúthughadh do réir Dé a bhfiréuntachd agus a bhfíornáomhthachd.
Bíghidh measarrgha, déunuidh faire; óir atá bhur namhuid an díabhal, mar leomhan bhéicfeach, ag gabháil fá gcuáirt dá fhéuchain cía shluighfeadh sé: Cuiridhse na aguidh ar mbeith dhíbh láidir a gcreideamh, ar mbeith a fheasa aguibh go gcoimhlíontar na buáidheartha céudna sa gcuid eile dá bhur ndearbhraithribh atá sa tsáoghal.
Oír a sé so grádh Dé, eadhon sinne do choimhéud a aitheantadh: agus ní bhfuilid a aitheanta trom.
Oir bí fios slighe na bhfiréun ag an TTIGHEARNA: acht rachaidh slighe na neimhdhíadhach seachad.
Achd a sé as toradh don Spiorúid grádh, gáirdeachas, síothcháin, foíghid fhasa, ceannsachd, rún maitheasa do dhéunamh, creideamh, Macántas, measardhachd: ní bhfuil dligheadh a nadhuigh a samhuil sin.
Tabhair air mo shúilibh gabháil seacha ó dhíomhaoineas dfaicsin; béoghuidh mé ann do shlighe.
Ní hé go bhfuilmíd cumasach ar áoinní smuáineadh uáinn féin mar uáinn féin; achd is ó Dhía atá ar gcumas;
Fá dheóigh, a dhearbhráithreacha, bíghidh neartmhar sa Dtíghearna, agus a gcúmhachd a neirtsion. Cuiridh iomuibh armáil Dé go huilidhe, ionnus go madh féidir libh seasamh a nadhuigh shlightheadóireachd an Díabhail.
Achd a bhféugmhuís chreideimh ní féidir taitneamh ris: oír an tí thig chum Dé is éigean dó a chreideamh go bhfuil sé ann, agus go dtabhairt sé lúach sáothar don druing íarras é.
Go madh mar sin dhealróchus bhur soillsisi a bhfíaghnuisi na ndáione, a gcrúth go bhfaicfidh síad bhur ndeaghoibrighthe, agus do dtiobhruid glóir dá bhur Nathair atá ar neamh.
Múin damh do thoil do dhéanamh; óir is tú mo Dhía: tréoruigheadh do dheighspiorad mé, a steach a ttalamh an díorghuis.
Oír gidh bé neithe do sgríobhadh roimhe so is chum sinne theagusg do sgríobhadh íad, ionnus go mbeith dóthchas aguinn tré fhoighid agus tré chómhfhurtachd na sgríobtúr.
Oír is lóchrann a naithne; agus is solus an dligheadh; agus a síad iomaithbhear an teagaisg slighe na beatha:
Uime sin, sirimse air mbeith um bhráighe ar son an Tíghearna, dathchuimghe oruibh síubhal dáoibh mar is iomchubhaidh do ghairm chum ar goireadh sibh, An tí do chuáidh síos a sé an neach céudna do chuáidh súas go hard ó na huile neamhuibh, chum na nuile do líonadh dhó. Uime sin tug sé drung áirighe, na nabsdaluibh; agus drung eile, na bhfaidhibh; agus drung eile, na náodhairighibh agus na luchd teaguisg; Chum na náomh do cheangal go diongmhálta ré chéile, chum oibre na miniosdrálachda, agus chum follamnuighthe chuirp Chríosd: Go teachd dúinn uilea náondhachd an chreidimh, agus eólais Mhic Dé, mar dhuine iomlán, agus do réir mhiosúir áoise iomláine Chríosd: Ionnus nach beimís ó so amach ar leanbuibh, dár mbogadh agus dár nglúasachd, fa gcuáirt ré gach uile shuinnéun teaguísg, ré cleasradh dáoineadh, agus ris an ngliocas ceilge, an a mbíd ag luigheachan chum mealltóireachd; Achd ar mbeith dhúinn ag leanmhuin do fhírínne a ngrádh, fásam sna huile neithibh, chum an tí as ceann ann, eadhon Críosd: O na bhfaghann an corp uile ar mbeith dhó go ceart coimcheanguilte, agus dluthaighthe ré chéile tré choimhcheangal na nuile bhall ré a gcoimhlíontar é, maille ré hoibriughadh bríoghmhar do réir mhiosúir gach éunbhuill, fás iomchubhaidh cuirp chum a fhollamhuighthe féin a ngrádh. Uime sin a deirim so, agus tógbhuim an Tíghearna dfíadhnuise air, gan sibhse do shiúbhal feasda, mar shiúbhluid na Cineadhachda eíle, a ndiomháoineas a ninntinne, Agá bhfuil a dtuigse ar na dalladh, ar mbeith dhóibh na gcoimhightheachuibh do bheatha Dé do bhrígh a nainbhfis atá ionnta, tré chrúas a gcroidhe: Noch ar mbeith dhóibh gan móthughadh ionnta tug iad féin do mhíonáire, chum gach uile neamhghloine do dhéunamh maille ré saint. Maille ris a nuile úmhlachd inntinne agus cheannsachd, maille ré foighid fhada, ag iomchur ré cheile a ngrádh;
Iarruigh, agus do bhéurthar dhaóibh; lorgairídh, agus do gheabhtháoi; búalidh an dorus, agus oisgéoltar dháoibh:
Uime sin leanum na neithe bheanus ré soithcháin, agus na neithe bheanus ré follamnughadh a chéile.
Nach é so an trosgadh do thogh misi? do sgaoileadh cuibhreach a nuilc, déadtromadh na núalach trom, agus an mhuinntir sharuighte dfhuasgladh, agus go mbriseadh sibh gach uile chuibhreach? Nach chum haráin do roinn ar na hocrachaibh, agus go ttugthá dot thigh na boicht air seachrán? a nuáir do chife tú an tárrnochd, go bhfoileocha tú é, agus nach bhfoileocha tú thú féin ód fheoil féin?
Ar a nadhbharsin gach uile neach do chluinn na bríathrasa agamsa, agus do ní íad, saimhléochaidh mé lé duine glic é, neach do rinne a thigh air chárraig:
Go ndéuna sé sibh diongmhalta sa nuile deaghobair, chum a thola do dhéunamh, ag oibriughadh ionnuibh an neithe as geanamhuil na fhíadhnuise, tré Iósa Críosd; dá bhfuil glóir go sáoghal na sáoghal. Amén.
Déanuidh gáirdeachus annsa TIGHEARNA, agus bíthí lúathgháireach, sibhsi a fhíréuna: agus déanuidh lúathgháir, sibhsi uile noch atá díreach a ccroidhe.
Is marso a deir an TIGHEARNA Thfúascaltóir, Aon Náomhtha Israel; Is misi an TIGHEARNA do Dhía noch mhúineas duit tarbhughadh, noch thréornighios thú annsa tslighe ionar chóir dhuit gabháil.
Ar a nadhbharsin tar éis ar soártha tré chreideamh, atá siothcháin aguinn ré Día tré ar Dtighearna Iósa Críosd:
Uime sin a dubhairt Iósa ríu, Atá an solus bhur measg fós ar feadh tamuill bhig. Siubhlaidh an feadh bhías an solus aguibh, deagla go mbéuradh an dorchadus, oruibh: Oír gidh bé shiobhlus ann sa dorchadus, ní feas do gá háit a ngabhann sé.
Achd náomhuígh an Tíghearna Día ann bhur gcróidhthibh: Agus bíghidh ullamh do ghnáth lé freagra thabhairt uáibh do gach aóinneach shireas oruibh réusun na muinighne atá aguibh maille ré ceannsachd agus ré faitcheas:
Ar a nádhbharsin ó thárrla a chomhmór sin do néull fíadhnuiseadh ar dtimchiollne mar an gceudna, ag cur gach uile thruim dhínn, agus an pheacuigh leanus din go héusguidh, riótham maille ré foighid chum chin na coimhleanga atá romhuinn, Oír do bhádarson dár smachdughadhne beagan láethe réir a dtola féin; achd chum ar leasa eision, ionnus go nglacfamaóis a náomhthachd san. Achd ní cosmhuil smachdughadh air bith ré headh na nuáire sin do bheith solásach, achd dólasach: gidheadh do bheir sé na dhiáigh sin toradh smuáimhneach na fíréuntachda don druing chleachdas é. Uime sin tógbhuidh súas na lámha díomhaóineach, agus na glúine gan sbracadh; Agus déunuidh céimniughadh díreach ré bhur gcosuibh, deagla a neithe atá bacach do chláonadh as a tslighe; ach go madh táosga leighéosaidh é. Leanuigh síothchain ris na huile dhaóinibh, agus náomhthachd, óir gan í ní fhaicfidh éinneach an Tíghearna. Tabhruidh aire ribh fá gan áoinneach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé; fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan; Deagla go mbíadh éinneach na sdríopuigh, ná neimhdhíagha, mar Esau, noch do reac a cheart óighreachda ar son éinchinn amháin bídh. Oír atá a fhios aguibh an tan bá mían rís fós ná dhiáigh sin, an bheannachd fhagháil mar oighreachd, gur diultadh é: óir ní bhfuáir sé áit aithrighe, bíodh gur íarr sé í maille re déuruibh. Oír ní chum an tsléibh thangabhair ré a bhféudtar cumailt, ná chum na tíneadh lasarrgha, ná chum na sdoirme, ná an dorchaduis, na an gairbhshíain, Ná chum fuáime an sduicm bá ghótha na mbríathar; agár shireadar an dream do chúaluidh é dathchuinge gan an bhríathar do labhairt ríu féin ní sa mhó: Ag féuchuinn ar Iósa ceannphort agus fear críochnuighe an chreidimh; noch ar son an tsóláis do cuireadh as a chomhair do fhúlaing céusadh na croithe, ag gcur na masla a neamhshuim, agus do shuigh ar deis árdchathaóire Dé.
Feuchuidh sibh féin, an bhfuil sibh sa gcreideamh; cúartuighe sibh féin. A né nach feasach sibh oruibh féín, go bhfuil Iósa Criosd ionnuibh, achd muna dáoine éidearbhtha sibh.
Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide.
Agus do bhéara mé na daill a slighe nach aithne dhóibh; tréorochuidh mé íad a slighe nar bhfeas dóibh: do dhéana mé an dorchadas na sholus rompa, agus na neithe cama díreach. Ag so na neithe dhéanas mé dhóibh agus ní thréigfe mé íad.