Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 7:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Is mar seo a d'ordaigh mé dóibh: Éistigí le mo ghlór, agus beidh mise i mo Dhia agaibhse, agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa. Siúlaigí ar feadh na slí a ordaím daoibh, agus beidh an rath oraibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Acht daithin mé an ní so dhíobh, dhá rádh, Umhluighidh dom ghlór, agus budh misi bhur Ndía, agus beithíse bhur bpobal agamsa: agus siubhluighidh annsna huile shlighthibh dar aithin mé, chor go mbeithear go maith aguibh.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 7:23
38 Tagairtí Cros  

Má éisteann siad agus rud a dhéanamh air, Bíonn an rath ar dheireadh a saoil, Agus a mblianta deiridh go sochma.


An mhuintir nach ndéanann urchóid; ach a shiúlann ina shlite.


Nach iomaí sin éacht a rinne tú, a Thiarna is mo Dhia! Níl aon neach inchurtha leatsa sna comhairlí a cheap tú dúinn. Dá mb'áil liom a n‑insint nó a n‑áireamh rachadh a gcomhaireamh díom.


Thug mé suas iad do mhianta a gcroí; chun cibé ní ab áil leo a dhéanamh.


Ansin dúirt sé: “Má éisteann tú go cáiréiseach le glór an Tiarna do Dhia agus a bhfuil ceart ina láthair a dhéanamh agus aird a thabhairt ar a aitheanta agus a reachtanna a choimeád, ní dhéanfaidh mé aon cheann de na holca a d'imir mé ar na hÉigiptigh a imirt ort; mar is mise an Tiarna do shlánaitheoir.”


Agus dúirt Maois: “Seo mar a d'ordaigh an Tiarna: ‘Líon ómar de le coimeád do shliocht bhur sleachta, i dtreo go bhfeicfidh siad an bia lenar bheathaigh mé sibh san fhásach nuair a thug mé amach ó thír na hÉigipte sibh.’ ”


Abraigí: “Is méanar don fhíréan, mar íosfaidh sé toradh a ghníomhartha;


a d'ordaigh mé do bhur n‑aithreacha nuair a thug mé ón bhfoirnéis iarainn iad, as críoch na hÉigipte. Umhlaígí do mo ghlóir, dúirt mise leo, déanaigí an uile ní a ordóidh mise daoibh, is ansin a bheidh sibhse in bhur bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia agaibh,


Mar an lá a thug mé bhur n‑aithreacha aníos as críoch na hÉigipte, thug mise rabhadh dóibh go dúthrachtach, agus níor scoir mé den rabhadh go dtí inniu: Umhlaigí dom ghlóir.


Óir díreach mar a theannann an crios le com duine, is mar sin ba rún domsa teach Iúdá uile a theannadh liomsa - an Tiarna a labhraíonn - go mbeidís ina bpobal agam, ina nglóir, ina n‑onóir, ina moladh agam. Ach níor éist siad.’


Labhair mise leat i do shonas, ach dúirt tú: ‘Ní éistfidh mé.’ Ba é seo do bhéasa ó d'óige; níor umhlaigh tú do mo ghuthsa.


Is mar seo a deir an Tiarna: Cleachtaigí macántacht agus fíréantacht; saoraigí an truán as láimh an té a dhéanann leatrom air; ná déanaigí éagóir ar an gcoimhthíoch, ar an dílleachta, ar an mbaintreach; ná déan éigean; ná doirt fuil neamhchiontach san áit seo.


Tabharfaidh mé croí dóibh le go n‑aithneoidh siad gur mise an Tiarna. Beidh siad ina bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia acusan, óir fillfidh siad orm ó lán a gcroí.


Ach is é seo an conradh a dhéanfaidh mé le teach Iosrael nuair a thiocfaidh na laethanta sin - an Tiarna a labhraíonn: Cuirfidh mé mo dhlí iontu istigh agus scríobhfaidh mé ina gcroí é. Beidh mé ansin i mo Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa.


Agus tháinig siad ann agus shealbhaigh é. Ach níor umhlaigh siad do do ghuthsa, ní mó a shiúil siad i do dhlí: ní dhearna siad aon ní den uile ní a d'ordaigh tú dóibh a dhéanamh; ar an ábhar sin thug tú faoi deara an t‑olc seo uile a theacht orthu.


“Ní thabharfar dóibh thú,” d'fhreagair Irimia, “ach umhlaigh do ghuth an Tiarna a labhraimse leat. Iarraim sin d'achainí ort, agus beidh sé go maith agatsa agus mairfidh tú beo.


Más olc maith linn é umhlóimid do ghlór an Tiarna ár nDia chun a gcuirimid thusa, le go mbeidh an scéal go maith againn, nuair a umhlóimid do ghlór an Tiarna ár nDia.”


Ní éisteann sí leis an teachtaireacht; ní ghlacann sí leis an teagasc; ní chuireann sí a muinín sa Tiarna, agus ní thagann sí in ngar dá Dia.


Tiocfaidh daoine atá i bhfad ar shiúl agus atógfaidh siad Teampall an Tiarna. Agus beidh a fhios agaibh gurbh é Tiarna na Slua a chuir chugaibh mé. Titfidh sé seo amach má éisteann sibh go haireach le guth an Tiarna bhur nDia.”


Nárbh iad seo na briathra a d'fhógair an Tiarna trí bhéal na bhfáithe tosaigh, nuair a bhí daoine ina gcónaí faoi rath in Iarúsailéim, agus sna bailte atá ina timpeall agus sa Neigib agus sna hÍsleáin freisin?’ ”


ach atá nochta anois agus curtha in iúl, ar ordú an Dé shíoraí le cabhair scríbhinní na bhfáithe, do na náisiúin uile d'fhonn iad a thabhairt chun géillsine an chreidimh.


agus gach sórt móiréise a sheasann in aghaidh eolas Dé, agus déanaimid cime de gach smaoineamh d'fhonn é a chur faoi réir Chríost.


an bheannacht, má ghéilleann sibh d'aitheanta an Tiarna bhur nDia a ordaímse daoibh inniu;


An Tiarna bhur nDia atá le leanúint agaibh, roimhe atá eagla le bheith oraibh, a aitheanta atá le coimeád agaibh, dá ghlor atá sibh le géilleadh; is dó atá sibh le seirbhís a dhéanamh agus is leis atá sibh le cloí.


Ach cuirtear an fáidh sin nó an t‑aislingeoir aislingí sin chun báis óir theagasc sé ceannairc in aghaidh an Tiarna bhur nDia, a thug sibh amach as tír na hÉigipte agus a d'fhuascail sibh as teach na daoirse; b'áil leis thú a chlaonadh ón mbealach a d'aithin an Tiarna do Dhia duit a shiúl. Díbir an urchóid sin ó do lár ar an tslí sin.


agus go n‑iompaíonn tú chun an Tiarna do Dhia, tú féin agus do chlann, agus go ngéilleann tú dá ghlór san uile ní a ordaím duit inniu, ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán,


i ngrá an Tiarna do Dhia, ag géilleadh dá ghlór agus ag cloí leis; óir sin é is beatha duit, agus is air a bhraitheann fad do ré sa tír a mhionnaigh an Tiarna do d'aithreacha, d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób, a thabharfadh sé dóibh.”


Géillfidh tú do ghlór an Tiarna agus coimeádfaidh tú na haitheanta go léir dá chuid a ordaímse duit inniu.


An lá a sheas tú i Horaeb i láthair an Tiarna do Dhia, dúirt an Tiarna liom: ‘Cruinnigh an pobal i mo thimpeall go gcloisfidh a gcluasa mo bhriathra d'fhonn go bhfoghlaimeoidís conas eagla a bheith acu romham gach lá dá gcaithfidh siad ar an saol, agus go múinfidís sin dá gclann.’


Coimeád a reachta agus a aitheanta dá bhrí sin mar a thugaim duit iad inniu i dtreo go mbeidh conách ort féin agus ar do shliocht, agus saol fada agat sa tír atá á thabhairt duit go brách ag an Tiarna do Dhia.”


Tabhair do d'athair agus do do mháthair onóir mar a d'aithin an Tiarna do Dhia duit i dtreo go mba fhada iad do laethe agus go mbeadh an rath ort sa tír a thugann an Tiarna do Dhia duit.


Uch gan a gcroí a bheith mar sin i gcónaí, socair ar m'eaglasa agus ar m'aitheanta a choimeád, i dtreo go mbeadh an rath orthu féin agus ar a gclann go brach!


Cloígí leis an mbealach go léir a d'aithin an Tiarna daoibh agus beidh an bheatha agaibh, agus beidh an rath oraibh, agus beidh fad saoil agaibh sa tír a bheidh in bhur seilbh.


Éist mar sin a Iosrael agus féach chuige go gcuirfidh tú i ngníomh na nithe a chuirfidh conách agus rath go hiomarcach ort, faoi mar a gheall an Tiarna Dia do shinsear duit i dtír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.


Nuair a tháinig sé chun foirfeachta rinneadh údar slánaithe shíoraí de don uile dhuine a bhíonn umhal dó


Ach d'fhreagair Samúéil: “An fearr leis an Tiarna tabhartais loiscthe agus íobairtí ná go n‑éistfí go humhal le glór an Tiarna? Féach! is fearr umhlaíocht ná íobairt, is fearr géilliúlacht ná geir reithí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí