Irimia 7 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil VII. Is leasughadh gniomh, do chonmhas Iudah ó bhrúid, 4 agus ni maóidheamh as an tteampall, 21 no as iodhbairt, 25 no as Sinnsioracht. 1 An focal tháinic go Ieremiah ón TIGHEARNA, ghá rádh, 2 Seas a ngeata thighe an TIGHEARNA, agus fúagair an rádhso annsin, agus abair, Eistighsi bríathar an TIGHEARNA, a Iúdah uile, thigios a steach annsna geatadhuibhsi dadhradh an TIGHEARNA. 3 Is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel, Leasuighidh bhur slighthe agus bhur ngníomha, agus do bhéara misi oruibh áitreabh annsa náitsi. 4 Ná táobhuighidh ré bríathruibh bréagacha, gha rádh, Teampall an TIGHEARNA, Teampall an Tighearna, Teampall an Tighearna, íad so. 5 Oír má leasuighthí bhur slighthe go hiomlán agus bhur ngníomha; má bhearthaói breitheamhnus go hiomlán idir duine agus a chomharsa; 6 Muna mbrúighti an coimhthigheach, an dilleachta, agus an bhaintreabhach, agus gan fuil neimhchiontach do dhórtadh ann sa náitsi, agus gan siubhal a ndiáigh dée oile chum bhur ndochair féin: 7 Annsin do bhéara misi oruibh áitreabh ann sa náitsi, ansa dúthaigh thug mé dá bhur naithribh, go bráth agus choidhche. 8 ¶ Feuchuidh, créd thig do bhríathruibh bréagacha, nach bhféudann tárbhughadh. 9 An ngadfuidhe, an muirfidhe, a ndéantaói adhaltrannas, agus mionna bréige do thabhairt, agus túis do losgadh do Bhaal, agus imtheacht a ndiáigh dée oile nach feas díbh; 10 Agus teacht agus seasamh am fhiadhnuisise annsa tighsi, noch goirthear a mainm, agus a rádh, Atámaoidne sáor ó dhéanamh na gráineamhlachtsa uile? 11 An bhfuil an tighse, goirthear am ainmsi, na phruchlais shladmhóireadh ann bhur radharcsa? Féuch, eadhon do chonnairc misi sin, a deir an TTIGHEARNA. 12 Acht éirghidhe anois dom áitsi noch do bhí a Siloh, mar ar shuighidh mé mainm an chéaduáir: agus féuchuidh cred do rinne mé ann ar son uilc mo phobail Israel. 13 Agus anois, do bhrígh go ndéarnabhair na hoibreachaso uile, a deir an TIGHEARNA, agus gur labhair misi ribh, ag éirghe go moch agus ag labhairt, acht ní chúalabhairsi; agus do ghoir mé sibh, acht níor fhreagrabhair; 14 Uimesin do dhéana mé ris an ttighse, ghoirthear am ainm, iona bhfuil bhur ndóighsi, agus ris a náit thug mé dhíbh agus dá bhur naithribh, mar do rinne mé re Siloh. 15 Agus teilgfidh mé sibh as mo radharc, mar do theilg mé bhur ndearbhráithre uile amach, eadhon síol Ephraim uile. 16 Uimesin ná guidhsi ar son na ndaóinesi, agus ná tóig comhairc na urnaigh ar a son, agus ná cuir impídhe orumsa: óir ní chluinfidh mé thú. 17 ¶ Nach bhfaicionn tú cred do níd síad a ccaithreachaibh Iúdah agus a sráidibh Ierusalem? 18 Cruinnighid an chlann connadh, agus dearguid na haithre an teine, agus súathaid na mná táos, do dhéanamh bairghion do bhainríoghuin neimhe, agus do dhórtadh amach ofrálach dighe do dhéeibh oile, dom bhrostughadhsa chum feírge. 19 An ccorruighid síad mé chum feirge? a deir an TIGHEARNA: nach íad féin bhrostuighid síad do náiriughadh a naightheach féin? 20 Uimesin is marso a deir an Tighearna DIA; Féuch, dóirtfighear mfearg agus mo chúthach amach air a náitsi, ar dhuine, agus air ainmhidhe, agus ar chrannuibh an mhachaire, agus air thoradh na talmhan; agus loisgfidh sé, agus ní múchfuighear é. 21 ¶ Is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Día Israel; Cuiridh bhur nofhrálach loisge a gcionn bhur níodhbarthach, agus ithidh feóil. 22 Oír níor labhair misi re bhur naithribh, ní mó daithin mé dhíobh annsa ló a ttug mé as talamh na Hégipte íad, a ttáobh ofrálach loisge nó íodhbartha: 23 Acht daithin mé an ní so dhíobh, dhá rádh, Umhluighidh dom ghlór, agus budh misi bhur Ndía, agus beithíse bhur bpobal agamsa: agus siubhluighidh annsna huile shlighthibh dar aithin mé, chor go mbeithear go maith aguibh. 24 Acht níor éistiodar, ní mó do chláonadar a ccluás, acht do shiúbhladar a ccomhairleachaibh agus a neasurraim a ndrochchroidhe féin, agus do chúadar ar a ccúl, agus ní air a naghaidh. 25 On ló fá ttangadar bhur naithre amach as crich na Hégipte gus a niugh do chuir me mo sheirbhísigh uile chugaibh na fáighe, ag éirghe go moch go laétheamhuil agus dá ccur uáim: 26 Gidheadh níor éisteadar riom, níor chláonadar a cclúas, acht do chruaidheadar a muinéil: do rínneadar níos measa náid a naithre. 27 Uimesin a déara tú na bríathraso uile ríu; acht ní éistfidsion riot: goirfidh tú orra mar an ccéadna; acht ní freagoruid síad thú. 28 Acht a déara tú ríu, Is cineadh íad so nach úmhluighionn do ghúth an TIGHEARNA a Ndía, agus nach gabhann smachd: déug a nfírinne, agus do gearradh amach í ó na mbéul. 29 ¶ Geárr dhiot do ghruág, a Ierusalem, agus teilg uait í, agus toig súas caóineadh ar áitibh árda; óir do tharcuisnigh an TIGHEARNA agus do thréig sé ginealach a fheirge. 30 Oír do rinneadar clann Iúdah olc ann mo radharc, a deir an TIGHEARNA: do chúireadar a ngráineamhlachda annsa tigh ghoirthear a mainmsí, dá thruáilleadh. 31 Agus do thógbhadar áite árda Tóphet, noch atá a ngleann mhic Hinnom, do losgadh a mac agus a ninghean annsa teíne; ni nach ar aithin misi, agus nach ttáinic ann mo chroidhe. 32 ¶ Uimesin, féuch, tiucfa an lá, a deir an TIGHEARNA, nach goirfighear Tóphet de ní sa mó, nó gleann mhic Hinnom, acht gleann a náir: óir adhlaicfid síad ann Tóphet, nó go rabhuid gan ionad aca ann. 33 Agus béid cuirp na ndaóinesi na mbiadh ag éunuibh a naiéir, agus ag beathachuibh na tahnhan; agus ní dhibéora aónduine dhíobh íad. 34 Ann sin do bhéara mé fa deara sgur ó chaithreachaibh Iúdah, agus ó shráidibh Ierusalem, gúth an tsúbhachus, agus gúth na lúathghaire, gúth a nfir núadhphosda, agus gúth na mná núadhphósta: óir biáidh an dúthaigh na fásach. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society