Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 12:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Is fuath leis an Tiarna beola an éithigh; ach is gean leis lucht labhartha na fírinne.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Is adhfhúathmhaireacht don TIGHEARNA na béil bhréagacha: acht is íad an drong dhéanas go fírinneach a dhúil.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 12:22
14 Tagairtí Cros  

D'fhreagair an fear eile: “Is fáidh mise ar aon dul leat, agus dúirt aingeal liom ar ordú an Tiarna: ‘Tabhair leat ar ais chun do thí é ionas go gcaithfeadh sé bia agus deoch.’ ” Ach ba bhréag a d'inis sé dó.


A Thiarna, saor m'anam ar an mbéal urchóideach, agus ar an teanga chealgach.


Ní sheasfaidh an scaothaire an fód os comhair do shúl.


Tá an ghráin ag an Tiarna ar an meá éagórach, ach is gean leis an meáchan cóir.


Is fuath leis an Tiarna lucht droch-chroí; is geal leis an mhuintir nach cam cosán.


Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh; is gean leis urnaí an fhíréin.


Ní oireann béal soilbhir don bhaoth, ach is lú ná sin a oireann éitheach don phrionsa.


Lucht treoraithe an phobail seo, tá siad ar strae, agus an dream atá siad a threorú, tá siad ar seachrán.


Ach an té a dhéanfadh glóir, déanfadh sé glóir as seo: go dtuigeann agus go n‑aithníonn sé mise. Óir is mé an Tiarna, rialaím ar talamh, le cineáltas, le ceart agus le fíréantacht; sea, is iontu seo atá mo dhúil - an Tiarna a labhraíonn.”


Mhaslaigh sibh mise os comhair mo phobail féin ar son dornáin eorna agus blúirí aráin, á marú siúd nár chóir a mharú agus ag cothú dream nár chóir a chothú, trí bhréaga a insint do mo phobal a dtaitníonn leo éisteacht le bréaga.


De bhrí gur chuir sibh imní le bréaga ar an bhfíréan nár chuir mise imní air; agus gur spreag sibh an ciontach ionas nach gcasfadh sé óna drochiompar lena bheatha a shlanú;


Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”


Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dúnmharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí