Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 12:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Coimeádann an duine tuisceanach a chuid eolais i bhfolach; ach fógraíonn croí na n‑amadán a mbaois.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Ceilidh an duine glic éolus: acht fúagraidh croidhe na namadán amadánacht.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 12:23
13 Tagairtí Cros  

Ansin d'éirigh mé san oíche, mé féin agus cúpla fear eile, agus gan é ráite agam le haon duine cad a bhuail Dia isteach i mo chroí a dhéanamh ar mhaithe le Iarúsailéim, agus gan agam d'ainmhithe ach an beithíoch a bhí do m'iompar.


Ní raibh a fhios ag na hoifigigh cár chuaigh mé ná cad a bhí ar siúl agam; ní raibh aon ní fós ráite agam leis na Giúdaigh ná na sagairt, ná na huaisle, ná na hoifigigh, ná le haon dream eile ar a mbeadh cúram na hoibre.


Cuireann lucht na heagna an t‑eolas i dtaisce; ach leanann an tubaiste go dlúth ar an mbéal baoth.


Nuair is líonmhar iad na briathra, ní bhíonn an choir in easnamh; is críonna é an té ag a bhfuil srian ar a theanga.


Sceitheann an duine béalscaoilteach nithe a bhíonn faoi cheilt ach coimeádann an duine iontaofa rúin.


Ní dhéanann an duine críonna beart gan eolas, ach déanann an t‑amadán a bhaois a fhógairt os ard.


Lonnaíonn an eagna i gcroí fhear na tuisceana ach [níl fiú aithne uirthi] i gcroí lucht na baoise.


Riarann teanga na n‑eagnaí eolas, ach bíonn baois ar sileadh le béal na n‑amadán.


Ní hé an machnamh is geal leis an amadán, ach bheith ag tabhairt a thuairime os ard.


Scaoileann an t‑amadán lena racht feirge, ach cuireann an saoi srian leis agus smacht air.


Fiú amháin ag siúl an bhóthair dó, bíonn an daoi ar easpa céille agus tugann sé amadán ar gach duine eile.


Dúirt Sól lena uncail: “Ní dhearna sé ach a rá go bhfuarthas na hasail,” agus níor inis sé focal dó dá ndúirt Samúéil faoi ghnó na ríogachta.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí