Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 2:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 A theaghlach Iacóib, tagaigí, agus siúlaimis i solas an Tiarna!

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 O a thigh Iácob, tigidh, agus siubhluighiom a solus an TIGHEARNA.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 2:5
16 Tagairtí Cros  

óir is leatsa atá foinse na beatha; agus i do sholas-sa a fheicimid an solas.


Cóir agus ceart atá mar bhonn do do ríchathaoir; gabhann buanghrá agus dílseacht romhat amach.


Is aoibhinn don phobal arb eol dóibh an gháir áthais; siúlann siad faoi sholas do ghnúise, a Thiarna.


is iomaí pobal a rachaidh ann agus a déarfaidh: “Seo linn, téimis suas go sliabh an Tiarna go teach Dhia Iacóib, chun go múine sé dúinn a shlite agus go siúlaimis a bhealaí.” Óir ó Shíón rachaidh an dlí amach, agus ó Iarúsailéim briathar an Tiarna.


Glaoigh amach in ard do chinn, na coinnigh siar é, ardaigh do ghlór mar a bheadh adharc á séideadh. Taispeáin do mo phobal a gcoireanna agus do theaghlach Iacóib a bpeacaí.


chun a soilsithe siúd atá ina suí sa dorchadas agus faoi scáil an bháis; chun ár gcéimeanna a sheoladh i mbóthar na síochána.”


mar ní raibh ionaibh tráth ach dorchadas, ach is solas anois sibh sa Tiarna. Iompraígí sibh féin, más ea, ar nós clann an tsolais -


Agus seo é an scéala a chualamar uaidh agus a fhógraímid daoibhse: gur solas é Dia, agus gan aon dorchacht ann.


Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí