Is í an chros siombail íobairt uachtarach Íosa chun an chine daonna a shlánú. Léiriú í den ghrá is mó riamh, fianaise ar an maithiúnas nár thuill muid, Dia ag tabhairt grá osnádúrtha do ghlúin pheacaí.
Meabhraíonn an chros dúinn, in ainneoin an fhulaingthe agus na cruatain, go bhfuil dóchas ann i gcónaí a choinníonn sinn. Fuaimid solas inti i lár an dorchadais, agus sólás a eascraíonn as gealltanas na beatha síoraí.
Nuair a bhreathnaímid ar an chros, spreagaimid chun scrúdú a dhéanamh ar ár saol féin agus ceist a chur orainn féin faoi bhrí ár ngníomhartha. Tugann sí cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar ghrá neamhchoinníollach Dé agus a thoilteanas deis eile a thabhairt dúinn. Trí an chros a fhaighimid maithiúnas agus réiteach lenár gCruthaitheoir.
Dúshlán dúinn í an chros ár gcroí a oscailt agus ár saol féin a ofráil mar íobairt, mar a rinne Íosa. Treoraíonn sí sinn chun diúltú dúinn féin agus a lorg a leanúint, ag tabhairt a theachtaireachta grá agus comhbhá don domhan.
Go spreagfadh ár machnamh ar an chros sinn chun cónaí de réir phrionsabail agus reachtanna Dé, ag taispeáint comhbhá, maithiúnas agus grá dár gcomharsana. Go bhfaighimid an neart in gach céim a thógaimid chun ár gcros féin a iompar agus lorg Íosa a leanúint, agus muid ar an eolas go bhfuil a ghrá dochloíte linn i gcónaí.
Oir as amadanachd don dreim théid a múgha bríathar na croichthe; achd dhúinne atá air ar slanúghadh as é cúmhachda Dé é.
Agus gidh bé nach iomchrann a chros déin, agus nach leanann mise, ní héidir leis bheith ná dheisciobal agamsa.
A dubhairt Iósa an tansin ré na dheisciobluibh, Más áill le neach teachd am dhiaghsi, díultadh sé dhó fein, agus tóghadh sé a chros, agus leanadh se misi.
Oír atáid mórán ag siúbhal, fár labhair mé ribh go mici, agus fá a bhfuilim ag gul a nois dá innisin díbh, gur naimhde íad do chroich Chríosd:
Gidheadh nár léige Día go ndéanuinnse mórdháil, achd as croith ar Dtighearna Iósa Críosd, tré a bhfuil an sáoghal céusda agumsa, agus misi ag an tsáoghal.
Agus do bhí a mhathair na seasamh a naice croiche Iósa, agus deirbhshíur a mhathar, Muire bean Chleophas, agus Muire Mhagdalén.
Agus ag iomchar a chroiche dhó do chúaidh sé amach don áit dá ngoirthear ait na cloigne, dárab ainm a Neabhrais Golgota:
Do thóg Día ar naithreachne Iósa súas, noch do mharbhabhairse ar na chrochadh a gcrann.
Agus ar ndul a mach dhóibh, fúaradar óglach ó Shírene, dar bhaimn Símón: agus do chuireadar dfíachuibh air dul leis do chum a chroiche diomchar.
An fearso, ar mbeith ar na thoirbhirt tré chomhairle chinte agus tré réimhfheachuin Dé, do ghabh sibhse, agus ar na chéasadh lé lamhaibh drochdháoine do mharbhabhair é:
Agus ar na fhagháil a bhfioghair mar dhuine, do ísligh sé é féin, ar mbeith dhó ar ná dhéunamh úmhal gus an mbás eádhon bás na croiche.
Acht is ar son ar lochtne do loiteadh é, do brúigheadh é ar son ar cciontadhne: is airsion do bhí smachdughadh ar síothchána; agus is le na chneadhuibhsion atamaóidne slánuighthe.
An tí diomchair ar bpeacuighne ann a chorp féin air an gcrann, ionnus air mbeith dhúinne marbh do na peacuighibh, go mairfemís do nfíréuntachd: an tí agár leigheasadh sibhse ré na chréuchduibh.
Achd foillsighidh Día a ghrádh féin dúinne ann so, do bhrigh ag mbeith dhúinn fós ar bpeacthachuibh, gur fhuiling Críosd bás air ar son.
Ar sgríos sgríbhinne na norduigheadh do bhí ar nadhuighne dhó, agus do bhí contrárrdha dhúinne, do thóg se as a tslighe í, ága greamadh don chroich;
Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige.
Do céusadh mé má ráon ré Críosd: gidheadh atáim beo; bíodh nach misi feasda, achd Críosd atá béo ionnam: agus an bheatha chaithim a nois sa gcoluinn is tré chreideamh Mhic Dé chaithim í, noch do ghrádhuigh mé, agus tug é féin ar mo shon.
Agus a dubhairt sé riá uile, Madh áill ré héinneach misi do leanmhuin, díultadh sé dho féin, agus toghbadh sé a chros gach láoi agus leamadh sé misi.
Oír níor léig mé oram féin bhur measgsa eólas do bheith agum air ní ar bith, achd amháin air Iósa Críosd, agus é fós ar na chéusadh.
Agus an tan tanagadar do nionad dá ngoirthear Ait na cloigne, do chrochadar ann sin é féin, agus na meirligh, fear air a dheis, agus fear eile air a láimh chlé.
Oir ní chum baisdigh do dhéunamh do chuir Chríosd mé, achd chum an tsoisgéil do sheanmórughadh: ní re gliocas briathar, deagla croichthe Chríosd do chur a neimhbhrígh.
Agus do sgríobh Píoláidh fós tiodal, agus do chuir sé ós cionn na croiche é. Agus as é do bhí sgríobhtha ann, IOSA NASARDHA RI NA NIUDAIDHEADH.
Ar mbeith fhios so aguinn, go bhfuil ar seanduine ar ná chéusadh maráon rision, do chum go sgriosfuidhe corp an pheacaidh, ionnus nách déanamaóis seirbhis ó so súas don pheacadh.
Oír an drung as le Críosd do cheusadar an cholan maille ré na toil agus ré na míanghusuibh.
Achd dfúasguil Críosd sinne ó mhallachd air ar son: óir atá sgríobhtha, As malluighe gach áon chrochdar a gcrann:
Agus an tan do rugadar léo é, ar mbreith ar Shiréanach áirighe, dar bhainm Simon, do bhí ag teachd ón túaith, do chuireadar an chroch air, dá hiomchara ndíaigh Iósa.
Ann sin ar ngabháil an bhínégre Díosa, a dubhairt sé, Atá sé ar na chríochnughadh: agus ar gcláonadh a chin, do thoirbhir sé a spiorad.
A dubhairt Iósa an tansin ré na dheisciobluibh, Más áill le neach teachd am dhiaghsi, díultadh sé dhó fein, agus tóghadh sé a chros, agus leanadh se misi. Oír gidh bé neach lé nab mían a anam féin do chumhdach caillfidh sé é: agus gidh bé neach chaillfeas a anam arm o shonsa do gheabha sé é. Oír créd é a tharbha do dhuine, da ngnodhuigheadh sé an domhan uile, agus a anam féin do leígean a mugha? No créd í an mhalairt do bheuradh duine ar son anma féin.
Agus go ndéanadh réidh ar áon íad ré Día náonchorp tres an gcroich, lér chuir sé an naimhdeanas ar gcúl:
As ann so atá an grádh, ní hé go dtugamairne grádh do Dhía, achd go dtug seision grádh dhúinne, agus gur chuir úadh a Mhac féin na iodhbairt réitigh air son ar bpeacuighne.
Agus, na huile neither do dhéunamh réidh ris féin thrídsion, ar ndéunamh siothchána tré fhuil a chroichesean; mas air talamh íad, no air neamh.
¶ Go deimhin diomchuir sé ar ndoilghiosa, agus diomchuir sé ar ndóbrón: gidheadh do mheasamar é buáilte, buáilte ó Dhía, agus smachtuighthe.
Ag féuchuinn ar Iósa ceannphort agus fear críochnuighe an chreidimh; noch ar son an tsóláis do cuireadh as a chomhair do fhúlaing céusadh na croithe, ag gcur na masla a neamhshuim, agus do shuigh ar deis árdchathaóire Dé.
Oír do fhulaing Críosd fós éunuáir amháin ar son na bpeacadh, an firéun ar son na neimhfhiréun, ionnus go dtiubhradh sinne chum Dé, do bhásuigheadh é a dtáobh na colla, achd do béodhaigheadh é ris an Spioruid:
Oír do rinne seisean air ar soinne, peacadh don tí ag nách raibh fios peacaigh; ionnus go ndéuntaói fíréuntachd Dé dhínne annsan.
As mar na gcéudna fuáir Críosd a iodhbhairt éunuáir amháin chum peacuidh mhóráin do sgríos dó; agus búdh léir é an dara huáir gan pheacadh don druing atá ag fuireach ris chum slánuighthe.
Ionnus go mbíadh aithne agum airsion, agus ar chúmhachd a eiséirghe, agus ar chumann a pheannuidhe, ar mbeith dhamh dom chur a gcosamhlachd chrotha ré na bhás;
Agus ar ngairm an tslúaigh agus a dheisciobail chuige dhó, a dubhairt sé ríu, Gidh bé lé nab aill misi do leanmhuin, díultadh sé dhó féin, agus tógbhadh sé a chros, agus leanadh sé misi.
Oír an ní nár bhéidir don dligheadh do dhéunamh, ar mbeith dhó anbhfann trés an bhfeól, ar gcur a Mhic féin do Dhía ag cosamhlachd cholla an pheacuigh, agus ar son peacaigh, do dhamnuighe sé an peacadh sa ccoluinn:
Uimesin bhéara misi cuid dhó a mórán, agus roinnfe sé an chreach ris an ccumhachdach; do bhrígh gur dhóirt sé amach a anam chum báis: agus gur hairmheadh a measc na cciontach é; agus gur iomchuir sé peacuidhe mhóráin, agus go ndéarna sé guidhe ar son na cciontach.
Iona bhfuil fuásgladh aguinn tré na fhuil, (maithmheachas na boeacadh,) do réir sháidhbhris a ghrássan:
Do fhóir sé ar dháoinibh eile; agus ní heidir leis é féin dfhóirighin. Más é Rí Israél, tigeadh sé a núas a nois as an gcroich, agus creidfiomáoidne dhó.
An té nár choigill a Mhac díleas féin, achd tug air ar soinne uile é, cionnas nach ttiodhluicfeadh sé dhúinn gach uile ní maille ris?
Ag rádh, Is éigin Mac an duine do thabhairt a lámhuibh dháoine peacthach, agus a chrochadh, agus a eiséirghe an treas lá.
Gidheadh fós do nímidne Críosd ar na chéusadh do sheanmórughadh, na oilbhéim do na Iuduighibh, agus na éigcríonnachd do na Gréugaibh;
Noch do órduigh Día na cheann réightigh tré chreideamh ann a fhuil, chom a fhíréantachda dfoillsiughadh, tré mhaithmheachas na bpeacadh do chuáidh tharuinn, a bhfoighid Dé;
A dubhairt Iósa ris, As misi an tslighe, agus a nfírinne, agus a bheatha: ní thig áonduine chum a Nathar, achd tríomsa.
Agus ar néigheamh Díosa do ghúth mhór, a dubhairt sé, A Athair, táobham mo spiorad ann do lamhaibhsi: agus an tan a dubharit sé na neithesi, do chúaidh a spiorad ás.
Is as so is aithnigh dhúinn grádh Dé, gur chuir sé a anum síos air ar soinne: uime sin atá dfíachuibh oruinne ar nanmanna do chur síos ar son ar ndearbhraithreach.
Eadhon dá nadmha tú ód bhéol an Tighearna Iósa, agus dá gcreide tú ad chróidhe gur thóg Día é ó mharbhuibh, sláinéochthar thú.
An toil ré a bhfuilmídne air ar ndéunamh náomhtha tré íodhbairt chúirp Iósa Críosd éunuáir amháin.
Oír ní tháinic Mac an duine ionnas go ndéantuigh seirbhís dó, achd do dhéanamh seirbhísi, agus do thabhairt a anma féin mar éiric ar son mhórain.
As rádh fírinneach so: Oír más bás dúinn ná fhochair, búdh marthuinn dúinn mar an gcéudna na fhochair:
Agus a dhearbhráíthre, má nímse mar an gcéudna an timchillghearradh do sheanmóir, créud fá bhfuil gérleanmhuin fós dá dhéunamh oram? go deimhin atá sgannuil na croithe ar na cur ar gcúl.
Oír tug mé dhibh ar tús an ní fuáir me mar an gcéadna, eadhon go bhfuáir Críosd bás ar son ar bpeacaidhne do réir na sgriobtúr; Créud fá bhfuilmídne fós a nguáis gach uile uáir? Dar bhur ngáirdeachusa noch atá agumsa a Níosa Críosd ar Dtighearna, do gheibhim bás gach laói. Más do réir nóis dáonna do chomhruic mé ré hainmhidhibh a Nephesus, créud é an tarbha a dtéid sé dhamh, muna néirghid na máirbh? itheam agus íbheam; óir do ghéubham bás a márach. Ná mealltar sibh: truáillidh droch chomhráite béusa maithe. Músgluidh chum firéuntachda, agus na déunaidh peacadh; óir ní bhfuil éolus Dé ag cuid aguibh: as chum adhnáire do chur oraibh a deirim so. Achd a déuraidh neach éigin, Cionnus éirghid na mairbh? agus créud é samhail an chuirp ann a dtigid síad? O a dhuine mhichéllidh, an síol chuireas tusa ní bhéodhthuighear é, muna bhfaghuidh sé bás air tús: Agus a ní shíolchuireas tú, ní hé an corp bhías do shiolchuireas tú, ach grán lom, éadhon, cruithneachda, nó arbhar éigin eile: Achd do bheir Día corp dhó do réir a thola féin, agus dá gach uile shíol a chorp féin fó leith. Ní háon fheóil amháin gach uile fheóil: achd atá feóil ar leith ag dáoinibh, agus feóil ar leith ag ainmhithibh, agus feóil ar leith ag íasguibh, agus feóil ar leith ag éunlaith. Agus gur hadhlaiceadh é, agus gur éiridh sé an treas lá do réir na sgríobtúr:
An lá na dhíaigh sin do chunnairc Eóin Iósa ag teachd chuige féin, agus a dubhairt sé, Féuch Uan Dé, thógbhas peacadh an domhain.
Oír tugadh dhíbhse a naisgidh ar son Chríosd, ní hé amháin creideamh dhíbh ann, achd mar an gcéudna fulang ar a shon;
Thug mé mo dhruim do na buáilteoribh, agus mo ghruaidhe don druing do tharruing an fionnadh asta: níor fholuigh mé mo ghnúis ó náire agus ó sheilighibh.
Ar a nadhbharsin, tar éis ar sáortha a nois lé na fhuilsion, is mó go mór choimhéudfuidhthear sinn thrídsion ó fheirg.
Ar mbeith a fheasa aguibh nach lé neithibh truáillighe, ré hairgead ná hór do fúasgladh síbh ó bhur gcoinbhearsaid dhíomhaóin dár leanabhair do réir luirg na sinnsear; Achd ré fuil mhórluáidh Chríosd, amhuil uáin gan cháidhe gan lochd:
Oír do cheannchadh sibh ar lúach: uime sin tugaidh glóir do Dhía ré bhur gcorp, agus ré bhur spioraid, óir is lé Día íad.
Oír bíodh gur céusadh é tré éugcrúas, mairidh sé fós tré chumhachd Dé. Oír atámuidne fós éugcruáidh maille rision, gidheadh bíam beó maille ris tré chúmhachd Dé bhur dtáobhsa.
Noch do fuáir bás aír ar son, ionnus, mas dúsachd nó codladh dhúinn, go mairfemís na fhochairsion.
Ar a nadhbharsin, a dhearbhráithre, ó atá sáoirse aguinn ré dhul a steach don naóimhiosdadh tré fhuil Iosa,
Achd a nois a Níosa Críosd atá sibhse bhi ar uáiribh neamhchómhgaracg ar bhur ndéunamh comhgarach tré fhuil Chríosd.
A né nách ro mhó ná sin dhéunas fuil Chríosd, noch do fhoráil é féin gan cháidhe do Dhía trés an Sbiorúid shíorruidhe, bhur ccoinnsíassa ghlanadh ó oibreachuibh marbha chum seirbhíse do dhéunamh don Día bheó?
Agus timcheall an náomhadh húair do éigh Iósa do ghuth ard, ag rádh, Elí, Elí, lama Sabactáni? sé sin re rádh, Mo Dhía, mo Dhiá, créd far thréig tú mé?
Amhuil mar do bheith mórán ag machtnamh ort; (do bhí a ghnúis coimhmillte sin ní is mó ná aonduine, agus a dhealbh ní is mó ná mic na ndaóine):
Agus go bhfuáir seisean bás ar son na nuile, ionnus nach bíadh an dream atá béo ó so amach béo dhóibh féin, achd don to fuáir bás ar a son, agus do éiséirghe.
Tug é féin ar son ar bpeacuighne, chum ar sáortha ón drochsháoghalsa do láthair, do réir dheághthoile Dé eádhon ar Nathaírne:
Oír is í so mfuilsi na tiomna núaidhe, dhoírtear ar som mhóráin chum maitheamhnuis na bpeacadh.
Ag rádh, A Athair, mas toil leachd, cuir an cupánsa thoram: ach cheana nar ab í mo thoilsi, achd do thoilsi, do dhéantar.
Ag fádhbhadh na núachdaránachd agus ná gcúmhachd dó, do thaisbéin sé go follas íad, ar ndul dó ann féín go caithréimeach ós a gcionn.
Noch tug é féin na fhúasgladh ar son na nuile dháoineadh, mar fhiadhnuise a nám iomchubhaidh.
Atá sé ar na tharcuisniúghadh, agus ar na mhímheas ag na daóinibh; duine doilghiosach, agus éolach ar dhóbrón: agus foileochamaoidne mur budh eadh ar naighthe úadh; do tarcuisnigheadh é, agus ní raibh meas aguinn air.
Oír ní bhfuil árdsagart aguinn ris nách féidir ar néugcruáis a mhóthughadh; achd air ar cuireadh cáthughadh sna huile neithibh a gcosamhlachd rinn, gan pheacadh.
Oir ar bhfagháil bháis dó, is don pheacadh fuáir sé bás éunuáir amháin: achd ar mbeith béo dhó, is do Dhía atá sé béo.
Amháil as nach dtáinic Mac an duine do chum go ndéantáoi seirbhís dhó, achd do dhéanamh seirbhísi, agus do thabhairt anma féin mar éiric ar son mhóráin.
Agus ó Iósa Críosd, an fhíadhnuisí fhíre, an chéidghin ó mharbhuibh, agus prionnsa ós ríoghuibh na talmhan. An tí do ghrádhuigh sinn, agus do ionnail sinn ór bpeacadhuibh ré na fhuil féin,
Agus siúbhluidh a ngrádh, amhuil do ghrádhuigh Críosd sinne, agus tug sé é féin air ar son a ofráil agus na iodhbairt dheaghbhaluidh do Dhía.
Agus is eision an réidhteach air son ar bpeacuighne: ní ar son ar bpeacuighne amháín, achd air son an domhuin uile mar an gcéudna.
Oír thangadar madraidhe am thimchioll: díadhadar coimhthionól na ndrochdhaóine am thimchioll: do tholladar mo lámha agus mo chosa.
¶ Agus dóirtfidh mé air thigh Dháibhi, agus ar áitreabhthachaibh Ierusalem, spiorad na ngrás agus na neadarghuidheadh; agus féuchfuid orumsa noch do tholladar, agus caóidhfid air a shonsan, mar chaóidhios duine ar son a aoínmhic, agus béid siad a ndoilghios air a shon, amhuil mar bhíos duine a ndoilghios ar son a chéidghine.
Ar a nadhbharsin do árduigh Día é go ro árd mar an gcéudna, agus tug sé ainm dhó ó cionn gach uile anma:
Achd do chímid Iósa, ar bhfágháil choróine glóire agus onóra, noch do rinneadh feadh sealuid bhig ní sa ísle ná na haingil tré fhulang an bháis; ionnas go mblaisfeadh sé tré ghrás Dé bás ar son gach áoin.
Noch do bhásuigheadh air son ar gciontaine, agus do haithbheódhuigheadh chum sinne sháoradh.
O A Ghalatíanacha gan chéill, cía rinne piseóga dhaóibh, as nách géillfeadh sibh don fhírinne, agar thaisbéunadh Iósa Críosd daóibh roimhe so a bhfiadhnuisi bhur súl, ar na chéusadh bhur measg?
Agus a dubhairt Iósa, A Athair, maith dhóibh; óir ní bhfuil a fhios aca créd do nid síad. Agus an roinn a éaduighsion, do theilgeadar crannchar orthu.
Agus ar mbreith bhuidheachais dó, do bhrís sé é, agus a dubhairt sé, Glacaidh, íthidh: a sé so mo chorpsa, bhrisdear ar bhur sonsa: déunaidh so mar choimhniughadh oramsa. Agus an cupán mar an gcéudna, tar éis suipéir, ag rádh, A sé an cupánsa an tiomna núadh trém fhuilse: déunaidh so, dhá mhioncachd íbhthi é, mar choimhniughadh oramsa.
Oír do rugadh leanabh dhúinne, tugadh mac dhúinn: agus biáidh an ríaghladh air a ghúaluinn: agus goirrfighear a ainm Iongantach, Comhairleach, An Día cumhachtach, An Tathair síorruidhe, An Prionnsa na Síothchána.
Oír is aithne dhaóibh grása ar Dtighearna Iósa Criósd, do bhrígh ar mbeith dhó saidhbhir, go dtarla dhó bheith bochd ar bhur sonsa, chum sibhse do dhéunmah saidhbhir ré na bhochdainesion.
Agus ar nimtheachd dó beagán as sin, do leig sé é féin siós ar a aghuidh, ag déanamh urnuighe, agus ag rádh, A Athair, mas éidir é, gabhadh an cupánsa thoramsa: achd cheana na bíodh sé már is toil leamsa, achd mar is áill leatsa.
Ar a nadhbharsin tar éis ar soártha tré chreideamh, atá siothcháin aguinn ré Día tré ar Dtighearna Iósa Críosd:
Mo Dhía, mo Dhía, cred fár thréigis mé? agus tú a bhfad óm shlánughadh, ó bhriathruibh mo ghártha?
Amhuil do thógh sé sinn annsan, sul do chrúthuigheadh an dómhan, ionnus go mbéimís náomhtha agus neimhchiontach dhá lathairsion a ngrádh:
Achd ar bhfaicsin an chreatha talmhon, agus na neitheadh do éirigh ann, don chaptín agus dá raibh na fhochaír, ag coimhéad Iósa, do ghabh eagla mhór íad, ag rádh, Go fírinneach dob é so mac Dé.
Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide.
Ní ag cur ghrás Dé ar gcúl atáim: oír má thig trés an reachd fíréuntachd, is gan adhbhar fuáir Críosd bás.
A gcorp a fhéola féin tré bhás, chum bhur ndéunta náomhtha glan agus neimhchiontach na fhíadhnuise féin:
Agus ar mbeith a nanbhuain mhóir dhósan do rinne sé urnuighe ní as díthchiolluighe: agus do bhí a allas mar bhráona mora fola ag tuitim ar talamh.
Ar nách bhfuil riachdanus go láetheamhuil, mar do bhí ar na hárdsagartuibh úd, iodhbartha do dhéunamh ar tús, ar son a pheacuigheadh féin, na dhiáigh sin ar son pheacuigheadh an phobail: óir do rinne sé so eunúair amháin, an tan do rinne sé íodhbairt de féin.