Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




2 Corantaigh 13:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Is fíor gur céasadh ar an gcrois é le barr laige ach tá sé beo anois le cumhacht Dé. Is é an dála céanna againne é: táimidne lag ann ach beimid beo mar aon leis trí chumhacht Dé chun freastal oraibhse.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Céasadh é ina laige, ach maireann sé beo le cumhacht Dé. Dá laige sinne ann, nuair a bhímid ag plé libhse, beimid beo ann le cumhachtaí Dé.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Óir má’s fíor gur céasadh é tré laige, maireann sé beo tré chumhacht Dé. Óir atáimíd féin lag i n‐éinfheacht leis, acht mairfimíd beo i n‐éinfheacht leis de bhárr cumhachta Dé ’n‐bhur dtaobh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Oír bíodh gur céusadh é tré éugcrúas, mairidh sé fós tré chumhachd Dé. Oír atámuidne fós éugcruáidh maille rision, gidheadh bíam beó maille ris tré chúmhachd Dé bhur dtáobhsa.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Is fíor gur céasadh ar an gcros é le barr laige ach tá sé beo anois le cumhacht Dé. Is é an dála céanna againne é: táimidne lag ann ach beimid beo mar aon leis trí chumhacht Dé chun freastal oraibhse.

Féach an chaibidil Cóip




2 Corantaigh 13:4
26 Tagairtí Cros  

Níl aon duine á tógáil uaim; is uaim féin a thugaim uaim í, agus tá sé ar mo chumas í a thabhairt uaim agus tá sé ar mo chumas í a ghabháil chugam arís. Sin í an aithne a fuair mé ó m'Athair.”


“Más ea, bíodh a fhios go dearfa ag teaghlach Iosrael ar fad go ndearna Dia Tiarna agus Meisias den Íosa seo a chéas sibhse ar chrois.”


“Is é an t‑ainm sin Íosa agus an creideamh atá againne ann a thug a lúth agus a neart don fhear seo a fheiceann sibh os bhur gcomhair agus a bhfuil aithne agaibh air. Is é an creideamh úd, a thagann trí Íosa, a d'fhág an fear seo slán folláin in bhur bhfianaise uile.


ach sa mhéid gur spiorad na naofachta é tá sé oirnithe i gcumhacht mar Mhac do Dhia ó aiséirí dó ó mhairbh.


Mar is chuige seo a fuair Críost bás agus a d'éirigh beo: chun go mbeadh tiarnas ar bheo agus ar mhairbh araon aige.


Go deimhin comhadhlacadh sinn sa bhás leis tríd an mbaisteadh i dtreo go siúlóimisne freisin i mbeatha úrnua, faoi mar a tógadh Críost ó mhairbh trí ghlóir an Athar.


Mar is críonna díth céille Dé ná eagna dhaoine agus is treise laige Dé ná an duine.


Cuirtear in easonóir; éireofar i nglóir. Cuirtear i laige; éireofar i neart.


Is mé a bhí go lagbhríoch in bhur measc agus mé lán d'uamhan agus d'eagla.


Mar ní amháin gur thóg Dia an Tiarna ó mhairbh ach tógfaidh sé sinne ó mhairbh lena chumhacht chomh maith.


“Bíonn a chuid litreacha daingean, feidhmiúil,” a deir daoine, “ach is dearóil an teacht i láthair atá ann agus tá a chuid urlabhra gan éifeacht.”


Sin é fáth go bhfuilim sásta le mo laigí, leis na tarcaisní, na hangair, na géarleanúintí agus na cúngrachtaí a bhíonn le fulaingt agam ar son Chríost. Mar nuair a bhím lag, sin í an uair a bhím láidir.


Bíonn áthas orainn fiú amháin nuair a bhímid féin lag agus sibhse go láidir. Is é ár nguí go gcuirfear sibhse ar lán bhur leasa.


Níl uaim anois ach aithne a chur ar [Chríost] agus ar éifeacht a aiséirí, ar bheith páirteach leis ina phiolóidí agus bheith cosúil leis ina bhás


Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.


Óir fuair Críost bás an t‑aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d'fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad


Chuaigh seisean suas ar neamh agus tá ar dheasláimh Dé agus aingil agus tiarnais agus cumhachtaí ag géilleadh dó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí