Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 53:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 ach é ina dhíol tarcaisne agus tréigthe ag daoine, fear pianta agus seanaithne ag an mbreoiteacht air; a ndála siúd a gclúdaímid ar n‑aighthe ina bhfianaise, ba tháir agus ba tharcaisne linn é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Atá sé ar na tharcuisniúghadh, agus ar na mhímheas ag na daóinibh; duine doilghiosach, agus éolach ar dhóbrón: agus foileochamaoidne mur budh eadh ar naighthe úadh; do tarcuisnigheadh é, agus ní raibh meas aguinn air.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 53:3
38 Tagairtí Cros  

Scriostar as leabhar na mbeo iad agus ná scríobhtar a n‑ainmneacha i measc na bhfíréan!


Óir tá m'anam lánualaithe le buarthaí; tá mo bheatha ag druidim leis an uaigh.


Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael, leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air, le sclábh na dtíoránach: Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort, rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu, de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta, Neach Naofa Iosrael a thogh thú.


Lig mé mo dhroim le lucht a bhuailte agus mo ghruanna leo siúd a bhí ag piocadh na féasóige asam; níor cheil mé mo ghnúis ar mhasla ná ar sheile.


Mar a bhí scéin trath ar na sluaite ar a fheiceáil, (bhí sé chomh loite sin ina chuma - ní raibh cruth duine dhaonna air níos mó)


Ba thoil leis an Tiarna é a bhascadh le breoiteacht. Má thugann sé a anam in éiric an pheaca, feicfidh sé a shliocht, cuirfidh sé fad lena shaol, agus rachaidh toil an Tiarna chun cinn ina lámha.


Ní hea! ach ár mbreoiteachtaí a bhí sé a iompar agus ár bpianta, ba iad a thromualach. Sinne, áfach, dar linn gur milleadh é, gur leag Dia lámh air agus go raibh sé cloíte.


Ach tusa, a Bheithil Eafrátá bíodh gur beag thú i measc chlanna Iúdá is asatsa a thiocfaidh chugam an té a bheidh ina cheann urra ar Iosrael, an té a dtéann a shinsearacht na cianta siar go dtí an t‑am fadó.


In aon mhí amháin chuir mé an triúr aoire dá gcois. Ach bhí briste ar an bhfoighne agam leis an tréad agus ba ghráin leosan mise chomh maith.


Ansin chaith siad seile san aghaidh air, agus ghabh siad de dhoirne air, agus bhí cuid acu a bhuail lena mbasa é


agus dúirt siad: “A dhuine uasail, tá sé tar éis teacht chun ár gcuimhne go ndúirt an mealltóir úd agus é beo: ‘I gcionn trí lá, aiséireoidh mé.’


“Seo anois sinn ag dul suas go Iarúsailéim agus tabharfar Mac an Duine ar láimh d'uachtaráin na sagart agus do na scríobhaithe. Daorfaidh siad chun báis é agus tabharfaidh siad ar láimh do na gintlithe é.


Agus déanfaidh siad fonóid faoi agus seilí a chaitheamh air agus é a sciúrséail agus é a chur chun báis; agus éireoidh sé arís tar éis trí lá.”


Agus dúirt sé leo: “Tá buaireamh mór ar m'anam go pointí báis. Fanaigí anseo agus bígí ag faire.”


Agus bhí siad á bhualadh sa cheann le giolcach agus ag caitheamh seilí air, agus ag teacht ar a nglúine ag déanamh ómóis dó.


Dúirt sé leo: “Tagann Éilias ar dtús gan amhras chun an uile ní a chur ina cheart arís. Agus conas atá sé scríofa i dtaobh Mhac an Duine nach foláir dó mórán a fhulaingt agus bheith faoi dhrochmheas?


Bhí na Fairisínigh, a thug grá don airgead, ag éisteacht leis an méid sin uile agus bhí siad ag dranngháire faoi.


Nuair a tháinig sé i ngar don chathair agus radharc aige uirthi, ghoil sé mar gheall uirthi,


Agus bhí siad ag fonóid faoi, agus a fhios acu gur marbh a bhí sí.


agus dúirt: “Ní foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt, agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.”


Bhris a ghol ar Íosa.


D'fhreagair na Giúdaigh agus dúirt siad leis: “Nach bhfuil an ceart againn nuair a deirimid gur Samárach thú agus go bhfuil deamhan ionat?” D'fhreagair Íosa:


[Chaith Iacób bia agus bhí a sháith aige;] Thit Isiriún chun feola agus thug speach. (Thit tú chun feola, chun méithris agus chun gaoithe.) Thréig sé an Dia a rinne é, mhaslaigh sé Carraig a shlánaithe.


Ní amhlaidh atá ardsagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh.


Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí