Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Íseáia 53:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Amhail bachlóg is ea a d'fhás sé os ár gcomhair a mbeadh a fréamh i dtalamh tirim. Níl cruth ná cumthacht air, dá bhfaca sinne ná scéimh ar bith go mbeadh dúil againn ann;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Oír éireochuidh sé súas as a choinne amhuil plannda máoth, agus amhuil fréumh as talamh thirim: ní bhfuil cuma nó sgéimh air; agus núair chinnd é, ní bhfuil scíamh go níarrfamaóis é,

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 53:2
22 Tagairtí Cros  

Tá bachlóg ag eascar as bun chrann Ieise, agus gas ag teacht óna fhréamh;


Sa lá sin, beidh geamhar an Tiarna faoi loinnir agus faoi mhaise, agus toradh na talún mar ghlóir agus mar scéimh ag iarmhar Iosrael.


Mar a bhí scéin trath ar na sluaite ar a fheiceáil, (bhí sé chomh loite sin ina chuma - ní raibh cruth duine dhaonna air níos mó)


Níl teorainn lena thiarnas ná críoch lena shíocháin ar chathaoir ríoga Dháiví agus ar a ríogacht, ag cur bun agus taca leo, sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách. - Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.


Feach, tá na laethanta ag teacht - an Tiarna a labhraíonn - agus ardóidh mé do Dháiví beangán fíréanta; rialóidh sé ina rí go críonna, agus déanfaidh sé breithiúnas agus ceart sa talamh.


Éist, mar sin, a Iósua, a ardsagairt - tú féin agus do chompánaigh atá ina suí os do chomhair - óir, is fir dhea-thuair sibh. Is amhlaidh atáimse chun tabhairt ar mo sheirbhíseach, an Beangán, teacht.


agus abair é seo leis: Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: Seo fear darb ainm ‘An Beangán’; eascróidh sé mar a bhfuil sé agus tógfaidh sé Teampall an Tiarna.


Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?” Agus ghlac siad scannal ann.


Dúirt sé leo: “Tagann Éilias ar dtús gan amhras chun an uile ní a chur ina cheart arís. Agus conas atá sé scríofa i dtaobh Mhac an Duine nach foláir dó mórán a fhulaingt agus bheith faoi dhrochmheas?


agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta.


Dúirt Íosa leis: “Tá prochóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.”


Ach scread siad amach arís: “Ní hé seo, ach Barabas.” Agus robálaí a ba ea Barabas.


Tháinig Íosa amach ansin, an choróin dheilgneach air agus an brat corcra, agus dúirt [Pioláit] leo: “Siúd é an duine!”


An ní nárbh fhéidir don dlí a dhéanamh mar gur fhág an cholainn gan feidhm é, rinne Dia é i dtaobh an pheaca nuair a sheol sé uaidh a Mhac féin i riocht colainne an pheaca, agus gur thug sé daorbhreith ar an bpeaca sa cholainn


más do ghobharnóirí é, de bharr gur sheol seisean iad le coirpigh a phionósú agus le lucht dea-bheart a mholadh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí