A chara, ar do thuras féin sa saol seo, bíonn an cosán soiléir uaireanta, agus dorcha go leor uaireanta eile. Múineann an Bíobla dúinn go bhfuil muid freagrach as na cinntí a dhéanaimid, agus as an treo a roghnaímid.
Sna Seanfhocail, tá an focal "cosán" luaite go minic. Ní cosán fisiciúil amháin atá i gceist, ach an treo a ghlacaimid sa saol. Deir an Rí Salómon linn: "Tabhair aire do chosaibh siúl i slí na réasúntachta, agus bíodh do chosáin uile díreach." (Seanfhocail 4:26). Tá sé orainn féin an cosán ceart a roghnú.
Tá difríocht mhór idir cosán an amadáin agus cosán an duine críonna. Siúlann an t-amadán trí sceacha agus driseacha, ach siúlann an duine críonna ar bhóthar réidh, gan stró. (Seanfhocail 15:19).
Ní timpiste a tharlaíonn an cosán a roghnaímid. Braitheann sé ar ár gcinntí agus ar ár ndearcadh. Má théimid amú ó chosáin Dé, is é ár rogha féin é, seachas ár mbeatha a chur i lámha an Tiarna. Deir an Bíobla: "Stiúrann an Tiarna céimeanna an duine, cé go socraíonn sé a chúrsa féin." (Seanfhocail 16:9).
Má tá tú ag imeacht ó chosáin Dé, níl sé ró-dhéanach filleadh. Glac le do chuid freagrachta, agus ná cuir an milleán ar dhaoine eile. Cuimhnigh go mbeidh an Tiarna ag iarraidh cuntas ort as do chuid roghanna.
Cuir do shaol i lámha an Tiarna, iarr a eagna, agus lean a chuid treoracha. Fiú má rinne tú botúin, tá grá agus trócaire Dé ar fáil chun tú a threorú ar ais ar an mbóthar ceart. Mar a deir an salmaire: "Treoraigh mo chéimeanna de réir do bhriathair, ná lig d’aon pheaca smacht a ghabháil orm." (Salm 119:133).
Mar sin, a sheachránaí, cuimhnigh go bhfuil tú freagrach as do chosán féin. Roghnaigh go ciallmhar, agus cuir do mhuinín as an Tiarna chun tú a threorú chuig an saol lán a gheall sé duit.
Oír do bhábhair mar cháorchuibh seachráin; achd a nois do filleadh sibh go Háodhaire agus go Heasbóg bhur nanmann.
Do chúamar uile amhuil caóiridh ar seachrán; do chláonamar gach uile dhuine aguinn air ar slighe féin; do leag an TIGHEARNA airsion ar ccionta uile.
Do chlaonadar uile, atáid síad uile truáilligh: ní bhfuil éainneach do ní maith, ní bhfuil, éainneach amháin.
An té sheachránuighios as slighe na tuigsiona anfaidh sé a ccomhcuruinniughadh na marbh.
Bá caóiridh ar ndul a mugha mo phobalsa: do chuireadar a náodhaireadha ar séachrán íad, dfilleadar seachad íad ar na sléibhtibh: do chúadar ó shlíabh go cnoc, do dhearmadar áit a suáimhnis.
Créd do chithear dháoibh? Dá mbeith céad cáora ag áonduíne, agus go rachadh áoncháora dhíobh ar seachrán, a né nach bhfúigeadh sé na náoi gcáoiridh déag agus ceithre fichid, agus nach rachadh sé ar na sléibhthidh, diárruidh na cáorach do chúaidh air seachrán? Agus ma theagmhan go bhfaghann sé í, a deirmsi ribh go fírinneach, gur ab mó a lúathgháir tríthe, ná ar son na náoi gcáorach ndeg agus cheithre fichid nach deachuidh ar seachrán. Mar an gcéadna ní hí toil bhur Natharsa a tá ar neamh, go rachadh éinneach do na dáoinibh a mugha.
Cía agaibhsi duine, agá bhfuil céad cáora, agus do léigfeadh áon díobh a mugha, nach bhfágann na naói gcaóiridh déug agus ceithre fichid ar an bhfásach, agus nach dtéid a ndiáigh na caorach úd do chúaidh a mugha, nó go bhfafann sé í? Agus ar na fagháil do, cuiridh sé go luathgháireach, í ar a ghuáillibh, Agus ar dteachd dá thigh dhó, goiridh se a cháirde agus a chomharsain a geanna chéile, ag rádh ríu, Déanuidh luathgháire leamsa; óir fuáir mé mo cháora do chuáidh a múgha. A derim ribh, gur ah mar sin bhias forbhfáilte ar neamh ar son éin pheaochach do mni is mó na ar son naói bhfréin dég agus fichid, ar nach bhfuil riachdanas aithrighe.
An té choimhéadas teagasg atá sé a slighe na beatha: acht an té dhíultas smachtughadh atá sé air seachrán.
Agus na Lebhítigh dimthigh a bhfad uáim, an tan do chuáidh Israel ar seachran, noch do chuáidh ar seachran a ndiáigh a niodhál; iomchoruid síad a néigceart féin.
Oír an dream atá ar na soillsiughadh áon uáir amháin, agus fuáir blas an tiodhluice neamhgha, agus lér roinneadh an Spiorad Náomh, Agus do bhlais deaghbhríathar Dé, agus subhailcidhe an tsáoghail atá chum teachda, Agus atá ar dtuitim, ní féidir a nathnúadhughadh a rís chum aithrighe; do bhrígh go bhfuilid ag céusadh Mhic Dé a rís dhóibh féin, agus ag sgige fáoi.
Budh leis na sagartaibh é atá náomhtha do mhacaibh Sádoc; noch do choimhéad mórduighthesi, nach deachuidh ar seachrán an tan do chúadar clann Israel ar seachrán, mar do chúadar na Lebhítigh ar seachrán.
Oír tar éis dealuighe dhóibh ré neamhghloine an tsáoghailse tré eólas an Tighearna agus an Tslanaightheóra Iósa Críosd, dá gcraiplighthear íad a rís innte, ar na sárughadh, as measa a gcríoch dheígheanach ná a dtosach. Oír do bhfearr dhóibh gan eólas do bheith aca ar shlíghe na firéuntachda, ná tar éis eólais dfaghail, impogh dhóibh ó náithne náomhtha tugadh dhóibh. Gidheadh do éiridh dhóibh do réir an tseanfhocail fhírinnigh, Do fhill an madradh tar a ais chum aithsgeathruighe; agus an mhuc do bhí ar na nighe chum a húnfurtaigh sa laithigh.
A mhairg dhóibhsion! óir do theithiodar uáimse: donas orra! do bhrigh gur chiontuigheadar am aghaidh: bíodh gur fhúascail mé íad, gidheadh do labhradar bréaga am aghaidh.
Ar mbeith chreidimh, agus cogúis mhaith agad; noch ar na thréigean do dhruing áirighe do luingbhriseadar fan ccreideamh: Chum Timotéus, mo mhac grádhach sa gcreideamh: Grása maille riot, trócaire, agus siothcháin ó Dhía ar Nathair agus o Iósa Críosd ar Dtíghearna. Agar ab díobh Himenéus agus Alecsandar; noch tug misi uáim do Shatán, ionnus ar mbeith dhóibh smachduithe go bhfoghlamaidís gan blaisphéime do labhairt.
Ar a nadhbharsin tabhair dod aire toirbheartas agus buirbe Dé: a bhuirbe, do tháobh na muinntire do thuit; achd a thoirbheartas, duitsi, dá bhfana tú ann a thoirbheartus: nó gearrfuidhear thusa mar an gcéudna.
Uime sin do bhí ro fhearg oram ris an gcineadh sin, agus a dubhairt mé, Atáid síad do ghnáth ar seachrán ann a gcroidhe; agus ní bhfúaradar eólas mo shligheadhsa.
Ann sin do gheabhuid móran adhbhar oilbheime, agus braithfid dáoine a cheile, agus bíaidh fúath aca dhá chéile. Agus éiréochuid mórán dfáidhibh fallsa, agus meallfuid mhórán. Agus do bhrigh go mbía a néagcóir ar na meadughadh, fúairéochuidh carthannachd mhóráin. Achd gidh bé bhías seasmhach go deireadh, a sé shláineochthar.
Do chúadar amach as ar measgne, oir ní rabhadar dhínn: óir dá mbéidís dínn, dfanfaidís go deimhin má ráon rinn: achd dimthigheadar uainn, ionnus go madh follas nach dínne íad uile.
Do chláonadar uile, atáid síad a néinfheachd ar na ndéunamh mítharbhach; ní bhfuil neach ann do dhéunadh maith, ní bhfuil, go héinneach.
A dheabhráithre, má atá aóin neach bhur measg ar ndul ar seachrán ón bhfírinne, agus gur impóigh éinneach é; Atá bhur saidhbhrios lóbhtha, atá bhur gcluigheacha ar na nithe ó mhíoluibh críona. Bíodh a fhios aige go sárfuidh an tí do iompóigh an peacach ó sheachrán a shligheadh anam ó bhás, agus go gcuirfe folach ar iomad peacadh.
A dhearbhraithre, má ghreamuighthear neach a gcóir ar bith go hobann, tuguidhse a dhream spioradálta, a shamhuil sin do dhuine ar a ais ré sbiorad ceannsachda; ag tabhairt aire leachd féin a dhuine, nach ccuirfidhe cáthughadh ortsa mar an gcéudha.
Gidheadh dá raibh doilgheas ar do dhearbhrathair ar son an bhídh, ní shiubhlann tú a nois do réir ghrádha. Ná cuir ammúgha réd bhiádh, an té agá bhfuáir Chríosd bás ar a shon.
Dá nadmham ar bpeacuidh, atá seision fírinneach agus ceart re ar bpeacuigh do mhaitheamh dhúinn, agus ré ar nglanadh ó anuile neamhfhiréuntachd.
Tuguidh aire ribh, a dhearbhráithre, nách mbiáidh dhroch chroídhe gan chreideamh ag éinneach aguibh uáir ar bith, ré dtuitfeadh sibh ón Día bheó. Achd teagusguidh a chéile go láeth eamhuil, an feadh ghoirthear An lá niúgh dhe; deagla éanduine aguibh do dhul a gcrúas tré mhealltóireachd an pheacuidh.
Fillidh, a chlann mhíochoinghiollach, agus leigheosuidh misi bhur míochoinghioll. Feuch, thangamar chugadsa; óir is tú an TIGHEARNA ar Ndía.
Uime sin seasuidh sa tsáoirse léur sháor Críosd sinn, agus ná bíghidh a rís ar bhur gcreapall ré cuing ná dáoirse.
Feuchuidh sibh féin, an bhfuil sibh sa gcreideamh; cúartuighe sibh féin. A né nach feasach sibh oruibh féín, go bhfuil Iósa Criosd ionnuibh, achd muna dáoine éidearbhtha sibh.
Lionfuighear re na shlighthibh fein an ghearrchumainnach a ccroidhe: agus fásfuighthear an duine maith úadh féin.
Oír dá bpeacuigheam dantoisg tar éis éolais na fírinne do ghabháil chuguinn, ní fhagthar íodhbairt aguinn ní sa mhó ar son na bpeacadh,
Bíghidh measarrgha, déunuidh faire; óir atá bhur namhuid an díabhal, mar leomhan bhéicfeach, ag gabháil fá gcuáirt dá fhéuchain cía shluighfeadh sé:
Agus do ghuidh misi air do shonsa, ionnus nach dtráoithfeadh do chreideamh: agus air bhfilleadh duitse, neartuigh do dhearbhraithreacha.
A dubhairt mé, A THIGHEARNA, déana trócaire orum: slánuigh manam; oír do pheacaidh mé ad aghaidh.
Do bhí mé ar seachrán mar chaóirigh ar ndul a múgha; lorgair do sheirbhíseach; óir níor dhearmaid mé haitheantasa.
Agus a dubhairt sé riá uile, Madh áill ré héinneach misi do leanmhuin, díultadh sé dho féin, agus toghbadh sé a chros gach láoi agus leamadh sé misi.
Oír is chuige so fós do goireadh sibh: óir do fhúluing Críosd mar an gcéudna air ar soinne, ag fábháil sómpla aguinn, ionnus go leanfadh sibh a lorg:
Oír, féuch, an lucht théid а bhfad uáit meithfid síad: scriosfair gach áon dá ttéid ré stríopachus uáit. Acht ís maith dhamhsa druidean ré Día: atá mo dhóigh annsa TTIGHEARNA Día, go bhfoillsighe mé hoibreacha uile.
Tiucfuidh fós an drong do rinne carraid a spioraid chum tuigsiona, agus an drong do rinne ithiomrádh foghlomfuid ealadha.
Oír do bhamairne féin ar úairibh éigcéillidhe, easúmhal, ag dul ar seachrán, ag leanmhuin dainmíanuibh agus danntoilibh eugsámhla, ag caitheamh ar mbeatha a miosguis agus a dtnúth, fúathmhar, agus ag fúathughadh a cheilé.
Ní é gach uile neach a deir riomsa, A Thighearna, A Thighearna, rachas a sdeach sa rióghachd neamhdha; achd an té do ní toil Mhatharsa atá áir neamh. As iomdha daóine a deuraidh ríum annsa la úd, A Thighearna, a Thighearna, a né nach ad ainmsi do rinneamar fáigheadóireachd? agus ad ainmsi do theilgeamar a mach na deamhain? agus do rinneamar iomad míorbhuileadh? Achd cheana aidmheóchuidh misi ós aird dhóibh an tansin, Níor aithin mé a riamh sibh: imthighidh uáim, a luch déunta na heugcóra.
Oir tiucfuidh aimsir nach mbiáidh fulang aca ar theagusg fhallái; achd ar mbeith dá gclúasuibh lionta do thochas cruinneóchuid síad dhóibh féin do réir a nainmían iomad teagusgóir; Agus fillfid síad a gclúasa ón bhfírinne, agus geillfid do sgéultuibh fábhuill.
Uime sin an tí sháoileas bheith na sheasamh tugadh aire ris féin deagla go bhfuigheadh sé leagadh.
Oír dá bpeacuigheam dantoisg tar éis éolais na fírinne do ghabháil chuguinn, ní fhagthar íodhbairt aguinn ní sa mhó ar son na bpeacadh, Achd feitheamh báoghlach ris an mbreitheamhnus agus ré teas na teineadh, noch shluigfeas na námhuid.
Acht an lucht chláonas chum na ndroichshligheadh, tréorochuidh an TIGHEARNA íad lé lucht oibrighthe a négceirt: go raibh síothcháin air Israel.
Dá bhfaicidh éinneach a dhearbhráthair ag peacughadh a bpeacadh nach bhfuil chum báis, íarraidh sé, agus do bhéura sé beatha don tí nach déun peacadh chum báis. Ata peacadh ann chum báis: ní air a shon sin a deirim leis guídhe.
Oír atáid mórán ag siúbhal, fár labhair mé ribh go mici, agus fá a bhfuilim ag gul a nois dá innisin díbh, gur naimhde íad do chroich Chríosd: Agár ab damnughadh a gcríoch dheigheanach, agus agar ab é a Ndía a mbolg, agus agá dtéid an ghlóir a náire dhóibh, noch smuáineas ar neithibh talmhuidhe.
Níor neartuigheabhair an teaslán, ní mo do leighisiobhair an tinn, ní mó do cheanglabhair súas an ní do bhí briste, ní mo thugabhair tar ais an ní do cuireadh as a shlighe, ní mó díarrabhair an ní do chuáidh a mugha; achd lé heigion agus lé héattrócaire do ríaghlabhair íad.
¶ Acht an tan fhillios an fíréun ó na fhíréuntacht, agus do ní éigceart, do réir na nuile ghraineamhlacht noch do ní an droch dhuine, an mairfidh sé sin? Ní luáighfíghear a uile fhíréantacht dá ndéarna sé: iona shárughadh ar sháruigh sé, agus iona pheacadh ar pheacaidh sé, do gheabha sé bás ionta sin.
Do chuireadar na peacaidh paintéar am choinne: gidheadh ní dheachus ar seachrán ód aitheantaibhsi.
Oír do ním dfiadhnuisi dhóibh go bhfuil teas ghrádha Dé aca, achd ní do réir éoluis.
An lucht so noch shuighios a ndorchadus agus a sgáile an bháis, cuibhrighthe a mbuáidhreadh agus a niarann; Do bhrígh gur chathuigheadar a naghaidh bhríathra Dé, agus gur tharcuisnigheadar comhairle an té is Airde:
Giodh bé nach bhfuil leamsa a tá sé a maghaidh; agus giodh bé nach ccruinnigheann leamsa scahuighe sé.
Atá an mhéid aguibh sháorthar trés an réachd, ar bhur ndealughadh ré Críosd; so thuiteabhair ó ghrás.
Noch a dtáobh na fírinne do chuáidh ar seachrán ón gcómhartha, ag rádh go ndeachuidh a neiséirghe thoruinn cheana; agus sgriosas creideamh dhruinge áirighe.
Tabhruidh aire ribh fá gan áoinneach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé; fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan;
Achd cuirim fá smachd an cholann, agus do bheirim fá umhlachd í: deagla ar éunchor, ar ndéunamh seanmóra do dhruing eile dhamh, ccuirfidh mé féin air ccúl.
An té, gheibh achmhusan minic agus chruáidhighios a mhuinéal, milltear é go hobann, agus gan tártháil.
Agus an dream úd air an gcarruic, noch an tan do chluinid, gabhuid chuca an briathar maille lé gáirdeachus; achd ní bhfuil fréamh aca so, noch chreideas feadh tamuill, agus fhilleas ar a nais a naimsir an chathaigthe.
Cía dhealóchus sinn ó ghrádh Chríosd? Trioblóid, nó amhgar, nó díbeirt, nó gorta, nó lomnochduighe, nó peiríacuil, nó cloidheamh? (Mar atá sgriobhtha, Is ar do shonsa mharbhthar sinn ar feadh an láoi; atámáoid air ar meas mar cháorcha ré huchd a marbhtha.) Achd, buáidhemíd ionnta so uile trés an té do ghrádhuigh sinn. Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Achd bí gach áon a gcathúghadh, an tan thairngeas agus bhréugan, a ainmhíana féin é. Na dhiáigh sin ar ngabháíl toirrcheasa chuige don nainmhían, beiridh sé peacadh: agus an tan, críochnuighthear an peacadh, beiridh sé bás.
Agus sibhse, do bhí a nallód bhur gcoimhightheachuibh agus bhur náimhdíbh ann bhur ninntinn tré drochóibrighibh, do réidhigh sé a nois daóibh A gcorp a fhéola féin tré bhás, chum bhur ndéunta náomhtha glan agus neimhchiontach na fhíadhnuise féin: Má chómhnuigheann sibh go fonndameinteach daingean sa gcreideamh, gan bheith dhíbh ar bhur nathrughadh ó mhuinighin an tsoisgéil, noch do chúalabhair, agus do rinneadh sheanmóir dá gach uile chreatúr atá faói neamh, dá bhfuilimse Pól am mhinisdir;
Agus fós éireóchuid dáoine dhíbh féin, noch laibheórus neithe sáobha, chum deisciobal do tharruing na ndiáigh.
A dubhairt an tamadán iona chroidhe, Ní bhfuil Día ann. Truáilligh atáid síad, do níd éaigceart adhuathmhar: ní bhfuil áonduine do ní maith. Dféuch Día ó neamh ar chloinn Adhaimh, dféachuin an raibh aon do thuicfeadh, nó díarrfadh Día. Do chuáidh gach áon ar ccúl: atáid a néinfheachd truáilligh; ní bhfuil áonduine do ní maith, ní bhfuil, fós áonduine.
Feuch, níor giorruigheadh lámh an TIGHEARNA, as nach bhféadann sé tartháil, agus ní trom a chlúas, as nach bhféadann cluinsion: Do nímid sméarracht ar na balluibh amhuil dalla, agus do nímid sméarracht mar nach beidís súile aguinn: tuislemid annsa meadhon laói mar a noidhche; atámuid a náitibh uáigneacha amhuil daóina marbha. Núallamuid uile amhuil mathghamhna, agus gubhamaoid go doiligh amhuil columa: atá ar súil ré breitheamhnus, acht ní bhfuil ar fagháil; ar son tárthala, atá sí a bhfad uáinn. Oír atáid ar ccionta ar bhfoirlíonadh ad lathairsi, agus fiaghnuighid ar bpeacuidhe ar naghaidh: óir atáid ar sáruighthe maille rinn; agus ar son ar néigceirt, is aithnid dúinn íad; A sárughadh agus a mbréagaibh a naghaidh an TIGHEARNA, agus a nimtheachd ar siubhal ó ar Ndía, ag labhairt leathtruim agus easumhla, ag tionnscnamh agus ag labhairt ó chroidhe bríathra bréagacha. Agus do filleadh breitheamhnus ar ccúl uáinn, agus seasuidh an ceart a bhfad uáinn: óir do thuit a nfírinne annsa tsráid, agus ní fhéadann an chóir dul a steach. Dfailligh fós, a nfírinne; an té sheachnus an tolc do ní sé creach dhe féin: agus do chonnairc an TIGHEARNA sin, agus dob olc leis nach raibh breitheamhnus air bith ann. ¶ Agus do chonnairc sé nach raibh áonduine, agus dob iongnadh leis nach raibh impidheach ar bith ann: uimesin thug a ruigh slánughadh chuige; agus a fhíréantacht, do chothuigh sí é. Oír do chuir sé fíréantachd uime mar uchtéadach, agus clogad an tslánuighthe ar a cheann; agus do chuir sé cúlaidh an dioghaltais uime mar éadach, agus do éaduigheadh é le teasghrádh amhuil clóca. Do réir a ngníomh, is mar an ccéadan chuiteochus sé, buile re na námhuid, luáigheacht dá eascáirdibh, do bhéara sé luáigheachd do luchd na noiléan. Marsin bhías eagla anma an TIGHEARNA orra ó náird shíar, agus a ghlóire ó éirghe na gréine. A nuáir thiucfas an námhuid a steach amhuil tuile tóigfe Spiorad an TIGHEARNA bratach súas na aghaidh. Acht do rinne bhur cciontasa dealughadh idir sibhsi agus bhur Ndía, agus dfoluigheadar bhur bpeacuidhe a aghaidh uáibh, go nach ccluinfidh sé.
Oír eiréochuidh Críosdanna fallsa, agus fáidh fallsa, agus do dheánuid comharthuidhe agus miorbhuile móra; ionnas go meallfuid síad (da madh éidir é) na dáoine toghtha féin.
Agus amhail mar nár chuireadar suim a néolus Dé do chongmháil, as mar sin tug Día íadsan dinntinn neamhchéillidhe, ionnus go ndéunaidís neithe nar bhiomchubhaidh.
A chairde, na creidigh gach éin spiorad, achd dearbhuidh na spioruid an ó Dhía atáid: óir do chúadar morán dfáidhibh fallsa amach fán domhan.
Uime sin a dhearbhráithre, go madh móide dhéunad dibh dúthrachd, ré bhur ngairm agus re bhur dtogha do dhéunamh diongmhalta: óir má ní sibh na neithese, ni bhfuighe sibh leagadh choidhche:
O A Ghalatíanacha gan chéill, cía rinne piseóga dhaóibh, as nách géillfeadh sibh don fhírinne, agar thaisbéunadh Iósa Críosd daóibh roimhe so a bhfiadhnuisi bhur súl, ar na chéusadh bhur measg?
Abair ríu, Mar mhairim, a deir an Tighearna DIA, ní bhfuil sólas ar bith agamsa a mbás an chiontuigh; acht go bhfilleadh an ciontach ó na shlighe agus go mairidh sé: fillidhse, fillidhse ó bhur ndroichshlighthibh; óir cred as a néugfadh sibh, a thigh Israel?
¶ Agus biáidh díoth‐laithriughadh na sáruightheach agus na bpeacach a néinfheachd, agus an drong thréigios an TIGHEARNA scriosfuighthear íad.
An é nach bhfuil a fhios aguibh, gidh bé dhá dtabharthaói sibh féin mar sheirbhíseachuibh chum úmhlachda, gur seirbhísigh sibh don tí sá númhlaighthí; mas do pheacadh chum báis, no dúmhlachd chum firéantachda?
Agus más air éigin sháorthar an firéun, ca háit a dtaisbéunfa an duine neimhdhíagha agus an peacach é féin?
Agus teilgidh an searbhfhoghantuidhe neamhtharbhach ann sa dorchadus a tá leith a muich: mar a mbía gul agus giósgan fíacal.
Achd íarradh sé maille ré creideamh, gan bheith amhrusach air éunchor. Oir an tí ar a mbí amhrus is cosmhuil é ré tuinn fhairge ghluáisdear ris an ngaóith agus bhíos dá tiomáin a nunn san all. Ná saóileadh an tí sin go bhfuighe sé aóinní on Dtíghearna. Fear dhá inntinne neamhsheasmhach na uile shlighthibh.
Uime sin amhuíl do ghabhabhair an Tíghearna Iósa Críosd chuguibh, siúbhluidh annsan: Ar mbeith dhíbh ar bhur bhfréumhughadh agus ar bhur bhfollamnúghadh ann, agus ar bhur ndaingniughadh sa gcreideamh, do réir mar do theaguisgeadh sibh, ag líonadh ann díbh maille ré breith bhuídheachais. Tabhruidh bhur naire ribh nach meallfuidh éinneach sibh tré fheallsámhnachd agus tré mhealltóireachd dhiomhaíun, do réir thráchduighe na ndaóine, do réir chéudthosuigheadh an dómhuin, agus ní do réir Chríosd.
Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas, Féuch, a deirimse Pól ribh, dá dtimchillghearrthar sibh, nách bhfuighe sibh tairbhe ar bith a Gcríosd. Iodhaladhradh, piseóga, námhadas imreasuin, comórtus, míosguis, consbóid, ceannarruic, eireceachd, Tnúth, dúnmharbhadh, meisge, cráos, agus a samhail sin: ar a labhruim ribh roimh láimh, amhuil do innis mé dháoibh roimhe, nach bhfuighe an drung do ní a samhail so óighreachda rioghachda Dé.
Agus bíodh a fhios so agad, go dtiucfuid aimseara báoghlacha sna laethibh déigheanacha. Achd do lean tusa mo theagusga, réim mo bheatha, mo rún, mo chreideamh, mo cheannsachd, mo ghrádh, agus mfoighid, An ghérleanmhuin, an pháis, a dfulaing mé a Nantióchia, a Nicónium, agus a Lisdra; créd é méid na gérleanmhana diomchuir mé: achd do sháor an Tighearna mé úatha uile. Agus fós, an mhéid ler mían a mbeatha chaitheamh go díagha a Niósa Críosd fuileónguin síad gerleanmhuin. Achd na drochdháoine agus na mealltóirighe rachuid air a naghuidh sa nolc, ag mealladh, agur ar na mealladh dhóibh. Achd comhnuighse sna neithibh do fhóghluim tú agus do fágbhadh táobh riot, ar mbeith a fheasa agad cía ór fhoghluim tú íad; Agus ó bhí tú ad leanabh go raibh eólas na sgrioptúr náomhtha agad, lér féidir do dhéunamh éagnuidhe chum slánaighthe trés an gcreideamh noch atá a Niósa Críosd. Is ó Sbioruid Dé tháinic an sgriobtúir uile, agus is tarbhach é chum teaguisg, chum spreagtha, chum ceartuighthe, chum foirceaduil na fíréuntachda: Ionnus go mbíadh óglach Dé diongmhalta, agus ullmhuighe go hiomlán chum na huile dhéaghoibhre. Oír béid dáoine rócheanamhuil orrtha féin, sanntach, aidhbhéil, díomsach, íthiomráiteach, easúmhal dá naithribh agus dá máithribh, dómbuidheach, neamhnáomhtha, Gan ghrádh nadúrtha, luchd drochchoinghill, luchd éilighe bréugacha, neímhmeassardha, borb, gan ghrádh don mhaith, Luch bratha, mearrgánta, áirdinntinneach, luchd ghrádhaigheas sáimhe ní sa mhó na Día; Leigeas orrtha féin bheith díagha, achd do dhíult do chúmhachd na díaghachda: agus seachainse a samhuil sin.
Ar a nadhbharsin mar tháinic an peacadh air a tsáoghal tré áonduine amhain, agus an bás trés an bpeacadh; is mar sin ráinic an bás na huile dhaóine, ar son gur pheacuigheadar uile:
Atá slighe ann do chithear díreach do dhuine, acht isé a chríoch sin slightheacha an bháis.
Oír is éigin fós eiriceachd do bheith bhur measgsa, chum na druinge atá dearbhtha eadruibh bheith follus.
Achd a deir an Sbiorad go follas, go dtréigfidh dream áirighe an creideamh sna haimsearuibh deigheanacha, ag tabhairt aire do sbioraduibh seachranacha, agus do theagusguibh deamhan;
Ar a nadhbharsa as cóir dhúinn aire rodhúthrachdach do thabhairt do na néithibh do chúalamar, deagla a ligthe thrínn dúinn uáir ar bith.
An chloch do dhíultadar na saóir sí atá ar ndéanamh na ceann san gcuáine. On TIGHEARNA do bhí so; agus is iongantach é ann ar súilibhne.
Agus do bhádar mar an gcéudna fáidhe fallsa a measg an phobuil, amhuil bhías fós luchd teaguisg fallsa eadruibhse, noch bhéurus a steach ós íseal eireceachd dhamnuighthe, agus shéunfás an Tíghearna do cheannuigh íad, ag tarruing sgreasda obuinn orrtha féin.
Agus gidh bé shéanfas misi a bhfíaghnuisi na ndáoine, séanfuidh misi eisean an bhfíaghnuisi Mathair a tá ar neamh.
Oir ma nar choigill Día na géuga nadúrtha, dob éidir nach ccoigéoladh sé thusa mar an gcéadna. Ar a nadhbharsin tabhair dod aire toirbheartas agus buirbe Dé: a bhuirbe, do tháobh na muinntire do thuit; achd a thoirbheartas, duitsi, dá bhfana tú ann a thoirbheartus: nó gearrfuidhear thusa mar an gcéudna.
Ar a nadhbharsan do bhéara misi breath oruibh, a thigh Israel, gach uile dhuine do réir a shlightheach, a deir an Tighearna DIA. Déanuidh aithrigh, agus fillidh sibh féin ó bhur cciontuibh uile; marsin nach biáidh eicceart na scrios aguibh. ¶ Teilgidh seachad uáibh bhur nuile choirthe, ler chiontuigheábhair; agus déanuidh dhíbh féin croidhe núadh agus spiorad núadh: óir cred as a néugfuidhe, a thighe Israel? Oír ní bhfuil sólás ar bith dhamhsa a mbás an tí éugus, a deir an Tighearna DIA: ar a nadhbharsin iompoighidh sibh féin, agus mairidh.
A fhíora agus a mhná a nadhaltrannais, a né nach bhfuil a fhios aguibh gur naimhdeanus a naghuidh Dé, cairdeas an tsáoghailse? uime sin gidh bé ré mían an sáoghal bheith na charuid aige do ní sé namhuid Dé dhe féin.
Is as so aitheantar clann Dé, agus clann an díabhail: gidh bé nach leanann do nfíréuntachd ní ó Dhía atá sé, ná an tí nach dtabhair grádh dhá dhearbhrathair.
Uime sin ná téilgidh uáibh bhur muinighin admhálach, agá bhfuil mórlúach sáothair. Oir atá foighid na ríachdanus oruibh, ionnus ar ndéunamh tola Dé dhíbh, go bhfuighe sibh toradh na geallamhna.
Má loisgear obair éunduine, rachaidh a sháothar amúgha: gidheadh sáorfuighthear é féin; achd sin fós amhúil tré theine.
Amháín iomchruidh sibh féin go cubhaidh do shoisgéul Chríosd: ionnas dá dtigidh mé agus go bhfaicfeadh sibh, nó dá raibh mé uáibh, gi bhfuighead sgéula oruibh, go bhfuiltí ag fuireach a náoin Sbioruid, agus ag cur lé chéile déininntinn a gcreideamh an tsoisgéil; Agus ná bíodh eagla na druinge chuireas bhur nadhuigh oruibh a gcáil ar bith: noch is comhartha sgriosda dhóibhsion, achd sláinte dhíbhse, agus sin ó Dhía.
Imthighidh a sdeach sa dorús chumhann: óir is farsing an dorus, agus is leathan an tslighe, thréoraigheas do chum damanta, agus is mór théid a sdeach thríthe: Do bhrígh gur cumhann an doras, agus is caól an tslighe thréoraigheas chum na beatha, agus is beag do gheibh eólus uirrthe.
Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide.
Achd a nois, ó átá eólas Dé aguibh, nó fós eólas Dé oruibh, cionnas fhilleas sibh a rís ar na céudthosuíghibh eugcruáidhe uireasbhacha, dár mían rubh bheith a rís fá dháoirse?
Oír a sé grádh a nairgid fréumh na nuile olc: noch ar mbeith do dhruing áirighe dhá shauntughadh, do chúadar ar seachrán ón gcreideamh, agus do tholladar íad féin thríothadh ré hiomad dóilghis.
Ar a nádhbharsin, a chaired, ó atá fios aguibh roimh láimh, tuguidh aire ribh, deagla ar mbeith meallta ré seachrán na druinge neimhdhíagha sin, go dtuitfeadh sibh ó bhur ndiongmhaltachd féin.
Cía thusa bheireas breith ar shearbhfhoghtuidhe dhuine eile? As dá Tighearna féin sheasus nó thuiteas sé. Agus coingéubhthar súas é: oír is éidir lé Día a chongmháil na sheasamh. Bí cion ag neach ar lá tar lá eile: agus bí cion ag neach eile ar gach lá mar a chéile. Bíodh gach éunduine laindearbhtha ann a inntinn féin.
Ann sinn a deir Iósa ríu, Do gheabhtháoi uile oilbhéim ionnamsa a nochd: oír a tá sgríobhtha, Buailfidh mé an táodhuire, agus scabfuidhthear cáoirigh an tréada.
Is beannuighe an duine chuireas a dhóthchus ansa TIGHEARNA, agus nár fhéuch do nuáibhreach, nó don luchd chláonas chum bréug.
Tiocfa tighearna an tsearbhfhoghantuighe úd sa lá nach saoileann sé é, agus ann sa núair nach bhfuil a fhios aige, agus dealóchaidh sé úaidh é, agus do bhéara sé a chuid dhó a bhfochair na ndaoine gan chreideamh.
Agus tugam aire dhá chéile ionnus go mbéam dhár mbrosdughadh féin chum grádha agus deaghoibrigheadh: Gan tréigean an chomhchruinnighe do níomaóid a gceann a cheile, do réir nóis dhruinge áirighe; achd ag teagusg a chéile: agus go madh móide dhéanam sín, an mhéid as léir dhibh an lá úd ag drúd rinn.
Ná tuguidh grádh don tsáoghal, ná do na neithibh atá sa tsáoghal. Dá dtuguidh neach ar bith grádh don tsáoghal, ní bhfuil grádh a Nathar ann. Oír gach ní atá sa tsáoghal, mar atá ainmhían na colla, agus ainmhían na súl, agus úabhar na beatha, ní ó Nathair atáid síad, achd is ón tsáoghal atáid. Agus atá an sáoghal ag imtheachd thoruinn, agus a ainmhían: achd an tí do ní toil Dé mairidh sé go siorruidhe.
Uime sin a déara tú, Do gearradh na géuga dhe, chum go bplainntéochtháoi misi ná náit. Níor theilg Día uáidh a phobál fein do aithin sé ó thús. A né nách bhfuil a fhios aguibh créd a deir an scrioptúr a dtimcheall Elías? Cionnas do ní sé casáoid ré Día a naghaidh Israél, ag rádh, Is maith sin; is tré mhíchreideamh do gearradh íad, agus seasuigh tusa tré chreideamh. Ná bí áirdinntinneach, achd biodh eagla ort.
As iongnadh leam bheith ar niompógh dhibh comhlúath sin chum soisgéil eile ón tí do ghoir sibh chum grás Chríosd: Ag nách soisgéul eile é; achd amháin go bhfuil dream áirighe dá bhur mbuáidhreadh, agus lér mían soisgél Chríosd do chur neimbrígh.
Ag féuchuinn ar Iósa ceannphort agus fear críochnuighe an chreidimh; noch ar son an tsóláis do cuireadh as a chomhair do fhúlaing céusadh na croithe, ag gcur na masla a neamhshuim, agus do shuigh ar deis árdchathaóire Dé.
A né nach bhfuil a fhios aguibh, an dream bhíos ag coimhridh ré chéile go riothaid uile, bíodh gur ab éunduine bheireas an geall? Go madh hamhluidh dhéantáoisi rioth, ionnus go madh éidir libh gnodhughadh. Agus gach áon chleachdus sbáirn is measardha é sna huile neithibh. Agus is uime do níd síadsan sin chum coróine truáillighe dfagháil; achd inne chum coróine neamhthruáillighe. Uime sin as amhluidh riothaimsi, ní mar fá thuáirim; as amhluidh do ním sbáirn, ní mar neach bhuáileas an taiéur: Achd cuirim fá smachd an cholann, agus do bheirim fá umhlachd í: deagla ar éunchor, ar ndéunamh seanmóra do dhruing eile dhamh, ccuirfidh mé féin air ccúl.
Ní héidir lé neach air bith seirbhis do dhéunamh do dha thighearna: óir bíaidh fúath aige do dhuine aca, agus grádh don duine eile; nó ceangallfuigh sé do neach aca, agus do bhéuraidh sé tarcuisne ar an dara fhear. Ní héidir libh seirbhis do dhéunamh do Dhía agus do mhammon.
Oír a dubhrus ann mo dheithnios, Atáim ar mo ghearradh amach ód radharc: gidheadh do chúala tú guth mo ghearáin a nuáir do gháir mé chugad.
Ná mealltar sibh; ní ghabhann Día sgige chuige: oír gidh bé ní shiolchuireas neach, a sé an ní céudna bheanfas sé.
Dá nabram go bhfuil cumann aguinn ris, agus sinn ag siubhal a ndorchadus, do nímid bréug, agus ní leanmáoid an fhírinne. Achd da siubhlam sa tsolas, amhuil atá seision sa tsolas, atá cumann aguinn ré chéíle, agus glanuidh fúil Iósa Críosd a Mhicsion sinn ó nuile pheacadh.
Teagaisg an leanabh sa ntslighe ann ar choir dho imtheachd: agus tan bhías sé áosta, ní thréigfidh sé í.
Bíodh a fhios aige go sárfuidh an tí do iompóigh an peacach ó sheachrán a shligheadh anam ó bhás, agus go gcuirfe folach ar iomad peacadh.
Oír ní bhfuil náire óram fá shoisgéal Chríosd: do bhrigh gur ab é cúmhachd Dé é chum slánaighe dá gach áon chreideas; don Iúdaighe ar tús, agus fós don Ghréugach.
Agus teaguisgidh íad gach uile ní dár, aithín misi dhibh do choimhéud: agus, féuch, a táimsi bhur bhfochair gach éinla go deireadh an tsaoghail. Amen.
Uime sin má deirséirghe sibh má ráon ré Críosd, íarruidh na neithe atá shúas, sa nionad ann a bhfuil Críosd na shuídhe ar deis Dé. Agus ó chuireabhair an duine núadh iomuibh, noch atá ar na athnúadhughadh a néolas do réir íomháighe an ti do chrúthaidh é: Mar nach bhfuil Gréugach agus Iúduighe, timchillghearradh agus neamhthimchillghearradh, duine barbartha, agus Scitían, dáor agus sáor: achd Críosd na uile agus ann sna huilibh. Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid; Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse. Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann. Agus bíodh siothcháin Dé ag ríaghlughadh bhur gcroidheadh, chum a bhfuiltí fós ar bhur ngairm a néunchorp; agus bíghidh buidheach. Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean. Agus gidh bé ar bith ní dhéuntaói a mbreithir nó a ngníomh, déantar íad uile a nainm an Tíghearna Iósa, ag breith bhuídheachais díbh ré Día eadhon an Tathair thrídsion. A mhnám, bíghidh úmhal da bhur bhfearuibh, mar is cubhaidh sa Dtíghearna. A fhiora, grádhuighe bhur mná, agus ná bíghidh searbh dhóibh. Bíodh bhur ndúil sna neithibh atá shúas, agus ní sna neithibh atá air talamh.
Mar chloinn na húmhlachda, gan bheith dhíbh dá bhur nathchuma féin ris na hainmíanuibh do ghnáthuigh sibh roimhe ann bhur nainbhfios: Achd do réir mar atá an tí do ghoir sibh náomhtha, bíghidhse mar an gcéudna náomhtha sa nuile choinbhearsáid; Do bhrigh go bhfuil sgríobhtha, Bighidhse náomhtha; óir atáimse náomhtha.
Uime sin a deirim, Siúbhluidh sa Sbiorúid, agus ní choimhlionfuidh sibh núanghus na colla. Oír bí míanghus na colla a nadhuigh na Sbíoruidhe a nadhuigh na colla: agus atáid so contrárdha dhá chéile: ionnas nach féidir libh na neithe as mían ribh do dhéunámh. Agus ma threóruighthear sibh ris an Sbiorúid, ni bhfuilti fáoi an réachd.
Oir ar mbeith ainbhfeasach dhóibh a bhfiréantachd Dé, agus ag íarruidh a bhfireantachd féin do sheasadh, níor ísligheadar íad féin dfiréantachd Dé.
Is beannuigh an fear nach siubhluighionn a ccomhairle na neimhdhiadhach, nach seasann a slighe na bpeacach, agus nach suighionn a suigheachán na ttárcuisneach. Acht atá a dhúil a ndligheadh an TIGHEARNA; agus iona dhligheadh smuaineann sé do ló agus doidhche.
Oír is marso a déaruidh an Táon árd úachdarach noch áitreabhus a siorruigheachd, darab ainm Náomtha; áitreabhad ann sa náit áird agus náomhtha, agus maille ris an té atá do spioruid chomhmbrúighte agus umhail, daithbhéoghadh spioraide na numhal, agus daithbhéoghadh croidhe na druinge bhios comhmbrúighte.
Ar a nadhbharsin ís mar sin do fágbhadh fáoilleach ann sa naimsirsi do réir thoghtha na ngrás. Agus más tré ghrás, ní ó oibrighthibh atá sé feasda: nó ní grás an grás uáidh sin amach. Achd más ó oibrighthibh, ní grás é as sin súas: nó ní hobair a nobair feasda.
Uime sin tógbhuidh súas na lámha díomhaóineach, agus na glúine gan sbracadh; Agus déunuidh céimniughadh díreach ré bhur gcosuibh, deagla a neithe atá bacach do chláonadh as a tslighe; ach go madh táosga leighéosaidh é.
Níor mhilliodar na cineadhacha, da ttáobh a ttug an TIGHEARNA aithne dhóibh: Acht do choimhmeasgadar íad féin leis na cineadhachaibh, agus do rinneadar a noibreacha dfoghluim.
Cuiridhse na aguidh ar mbeith dhíbh láidir a gcreideamh, ar mbeith a fheasa aguibh go gcoimhlíontar na buáidheartha céudna sa gcuid eile dá bhur ndearbhraithribh atá sa tsáoghal.
Ná habradh éinneach an tan bhíos a gcathughadh, Is ó Dhía churthar cathúghadh oram: óir ní féidir cathúghadh a nuile do chur air Dhía, agus ní chúireann sé cathúghadh ar aóinneach: Achd bí gach áon a gcathúghadh, an tan thairngeas agus bhréugan, a ainmhíana féin é. Na dhiáigh sin ar ngabháíl toirrcheasa chuige don nainmhían, beiridh sé peacadh: agus an tan, críochnuighthear an peacadh, beiridh sé bás.
Oír asé as tuarasdal don pheacadh bás; achd asé tabhartus De an bheatha mhárrthanach tré Iosa Críosd ar Dtighearna.
Agus do bhrigh go mbía a néagcóir ar na meadughadh, fúairéochuidh carthannachd mhóráin. Achd gidh bé bhías seasmhach go deireadh, a sé shláineochthar.
Oír do ní spleadhachus ris féin iona radharc, nó go naithnighior go bhfuil a pheacaidh fúathmhar.
Is sona an té air a mbí úamhan do ghnáth: acht an té chruáidhighios a chroidhe tuitfidh sé a ttubaisde.
Oír an tí atá gan na neithese aige atá sé dall, agus ní léir dhó ní ar bith a bhfad úadh, ar na dhearmud dó gur glanadh é ó na sheanpheacuighibh.
Ar a nadhbharsin tar éis ar soártha tré chreideamh, atá siothcháin aguinn ré Día tré ar Dtighearna Iósa Críosd: Oir má, réidheadh eadruinne agus Día tré bás a Mhic, a nuáir do bhámar ar náimhdibh, is mó ná sin go mór, ar mbeith a nathmhuinnteardhas dúinn, choimhéadfuighthear sinn tré na bheathasan. Agus ní hé sin amháin, achd már an gcéudna do nímíd máoidheamh a Ndía tré ar Dtighearna Iósa Críosd, tré a bhfúaramar a nois an tathmhuinnteardhas. Ar a nadhbharsin mar tháinic an peacadh air a tsáoghal tré áonduine amhain, agus an bás trés an bpeacadh; is mar sin ráinic an bás na huile dhaóine, ar son gur pheacuigheadar uile: Oír gus an dligheadh do bhí an peacadh ann sa tsáoghal, achd ní cuirthear an peacadh a leith dhuine a nuáir nach mbíonn dligheadh ann. Gidheadh do bhí rioghachd ag an mbás ó Adhamh go Maóisi, ar a ndréim fós nar pheacaigh do réir chosamhlachda easumhlachda Adhuimh, noch atá na fhioghair ag an té úd do bhí chum teachda. Achd ní mar an gcoir, atá an tiodhlacadh. Oir má fúaradar mórán bás tré thuitim áonduine amháin, is romhó na sin do acfuinnigh grás Dé, agus an tiodhlacadh tré ghrás a náonduine Iósa Críosd, do mhórán. Agus ní mar an táonduine do pheacuigh, atá an tabhartas: óir tháinic an bhreitheamhnus tré áonchoir amháin chum dámanta, achd tainic an tabhartus ó iomad cionntadh chum sáortha. Oír más do bhrígh áonchoire amháin do ghabh an bás rioghachd tré áonduine; is mó ná sin go mór do ghéubhá an mhuinntir ghlacas fáirsingi ghrása agus thabhartais na fireantachda rioghachd a mbeatha tré áon, eadhon Iósa Críosd. Ar a nadhbharsin, amhail as tré áonchoir amháin tháinic bréitheamhnus air ná huile dhaóinibh chum damanta; is mar sin tháinic an tabhartus tré áontsáoradh amháin air gach uile dhuine chum sáortha na beatha. Oír mar is tré easúmhlachd éunduine amháin do rinneadh peacuigh do mhórán, is mar sin tré úmhlachd éunduine amháin do dhéantar firéanuigh do mhórán. Tré na bhfúaramar mar an gcéadna slighe trés an gcreideamh chum na ngrása ann a seasmáoid, agus a ndéanmáoid gáirdeachás fá mhuiníghin ghlóire Dé.
Teagaisg dhamh a THIGHEARNA, do shlightheacha; agus siubhólad ann tfírinne: coimhcheangail mo chroidhe chugadsa deaglughadh hanma.
Tuilleadh eile, is follas oibreachda na colla, mar atá; Adhaltrannas, sdríopthachas, neamhghloine, macnas,
Oír a deirim ribh, Muna sáruighidh bliur bhfíreantachdsa fíreantachd na sgríobuigheadh agus na phairisíneach, nach rachdaói a steach sa bhflaitheas neamhdha go bráth.
Ar a nadhbharsin atámuid adhlaice maráon risean tré bhaisdeadh chum báis: ionnus do réir mar do tógbhadh súas Críosd ó mharbhaibh chum glóire a Náthar, gur mar sin mar an gcéudna do dhéunmais siubhal a núaidheachd beatha.
As aithne dhamh, a THIGHEARNA, go bhfuilid do bhreitheamhnuis ceart, agus gur a bhfírinne do ghortuigh tú mé.
Tréigeadh an drochduine a shlighe, agus an duine neimhfhíréanta a smuaintighthe: agus filleadh sé chum an TIGHEARNA, agus do dhéana sé trócaire air; agus chum ar Ndénne, óir maithfidh sé go líonmhar.
Oír a sé as críoch don náithne grádh ó chróidhe glan, agus ó choinnsías mhaith, agus ó chreideamh neamhfhallsa: