Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Íseáia 1:28 - An Bíobla Naofa 1981

28 Lucht ceannairce agus peacaigh, brisfear i dteannta a chéile iad agus an dream a thréigeann an Tiarna, rachaidh siad in éag.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 ¶ Agus biáidh díoth‐laithriughadh na sáruightheach agus na bpeacach a néinfheachd, agus an drong thréigios an TIGHEARNA scriosfuighthear íad.

Féach an chaibidil Cóip




Íseáia 1:28
38 Tagairtí Cros  

Agus tusa, a Sholaimh, a mhic, cuir aithne ar Dhia d'athar; tabhair seirbhís dó ó do chroí go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán; óir scrúdaíonn an Tiarna gach croí agus is eol dó gach beartas agus gach smaoineamh. Má lorgaíonn tú é, ligfidh sé duit é a fháil, ach má dhéanann tú é a thréigean, caithfidh sé i leataobh thú go brách.


Chaith Eadóm díobh cuing Iúdá ar an gcuma sin agus tá siad saor go dtí an lá inniu. Rinne Libneá ceannairc in aghaidh a cheannais an t‑am céanna mar gur thréig sé an Tiarna, Dia a shinsear.


d'ofráil sé íobairtí do dhéithe na Damaisce a chloígh é agus dúirt: “De bhrí gur thug déithe ríthe Arám cabhair dóibhsean, déanfaidh mé íobairt chucu le súil go gcabhróidh siad liomsa.” Ach thug siad an mí-ádh sa mhullach air féin agus ar Iosrael.


Mharaigh Peacach mac Ramailiá céad agus a fiche míle fear, curaidh chalma iad uile, san aon lá amháin in Iúdá; toisc gur thréig siad an Tiarna, Dia a sinsear, a tharla sin dóibh.


Nach tubaiste ar an gcoirpeach? Agus mí-adh ar lucht na hurchóide?


Buaileann sé iad de bharr a gcoirpeachta, Agus [déanann cimí díobh] os comhair an tsaoil.


“D'iompaíodar óna sheirbhís,” a deir tú, “Agus níor thóg siad ceann dá bhealaí go léir,


Óir is cúram don Tiarna slí na bhfíréan, ach rachaidh slí na n‑éagráifeach ar ceal.


Go scriostar na peacaigh as an talamh; agus go dté na hurchóidigh ar ceal. Beannaigh an Tiarna, a anam liom. Alleluia!


Ach cuir an ruaig ar lucht na camastaíola is ar lucht déanta an oilc. Síocháin go raibh ar Iosrael.


ach dísceofar na peacaigh uile le chéile; déanfar sliocht na n‑éagráifeach a scriosadh.


Ní sheasfaidh an scaothaire an fód os comhair do shúl.


An drong a thréigeann thú rachaidh siad ar ceal; scriosann tú a n‑imíonn uait le striapachas.


Óir phléigh tú mo chúis go cothrom, i do shuí duit ar an mbinse i do bhreitheamh cóir.


níl i ndán dóibh ach léirscrios go brách; ach is tusa, a Thiarna, an Neach is Airde de shíor.


An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál, bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh.


Och, a phobal na bpeacaí, a chine atá crom le drochbhearta, a shliocht na míghníomh, a chlann thruaillithe! Thréig siad an Tiarna, thug tarcaisne do Neach Naofa Iosrael, d'iompaigh siad uaidh i leith.


Tá an talamh ag stangadh mar bheadh fear meisce ann, tá sé ag longadán mar bheadh scáthlán ann; is trom é an t‑ualach air a chuid peacaí, titeann sé gan éirí i ndán dó.


léireofar daoibh an cion seo a bheith mar a bheadh balla ard agus gág anuas ann, bolg amach air agus é i ríocht titim, a dtagann maidhm air go tobann, i seal faiteadh súl,


Tá uamhan ar na peacaigh i Síón, tá na haindiagaigh ar bhall amháin creatha. Iad ag fiafraí: “Cé againn a sheasfaidh loisceadh na tine seo? Cé acu againn a sheasfaidh na lasracha síoraí?”


Is amhlaidh seo a deir an Tiarna: Cá bhfuil bille dealaithe do mháthar, más ea, an dintiúr lenar chuir mé uaim í? Nó cé acu de mo chreidiúnaithe ar dhíol mé sibh leis? De dheasca bhur gcionta is ea díoladh sibh, de thairbhe bhur gcoireanna a séanadh bhur máthair.


Ach sibhse uile, fadaíonn sibh tine, corraíonn sibh suas an ghríosach. Isteach libh i lasracha na tine sin agaibh agus sa ghríosach atá adhainte agaibh. Mo lámhsa a chaithfidh libh ar an dóigh sin, suífidh sibh fúibh i bpeannaid.


Lá in aghaidh an lae tá siad do mo thaithí, ag maíomh toil a bheith acu agus tuiscint do mo shlite, amhail pobal a bheadh ag cleachtadh fíréantachta, in áit a bheith ag tabhairt cúl le dleacht a nDé. Bíonn siad ag cur tuairisc orm faoi dhlíthe córa; is áil leo, más fíor dóibh, druidim le Dia:


Bhíomar go léir ar nós duine atá neamhghlan agus ár ndea-ghníomhartha uile mar ghiobail bhrocacha. Tá muid seargtha ar fad mar bheadh duilleoga, dár siabadh linn ag ár gcionta ar nós na gaoithe.


Ach sibhse atá i ndiaidh an Tiarna a thréigean, a bhfuil mo shliabh beannaithe dearmadta agaibh, a chóiríonn tábla faoi choinne dia na cinniúna, agus a leagann amach cupán fíona do dhia an áidh,


An dream a choisreacann agus a ghlanann iad féin i ngairdíní, duine i ndiaidh an duine i bhfáinne draíochta, a itheann feoil mhuice agus luchóg agus péisteanna gránna, béarfaidh drochchríoch ar an iomlán acu, briathar an Tiarna.


Agus nuair a théann siad amach, feicfidh siad corpáin na ndaoine sin a rinne ceannairc i m'aghaidh. A gcnumhóg siúd, ní rachaidh in éag ná a dtine ní mhúchfar ábhar gránach a bhéas iontu ag an gcine daonna go léir.


Ó, a Thiarna, a Dhóchas Iosrael! Beidh náire ar gach aon a thréigeann thusa, na daoine a iompaíonn uaitse sracfar ó fhréamh iad as an tír, de bhrí gur thréig siad foinsí an uisce bheo.


Scriosfaidh mé fuíoll Iúdá a thug a n‑aighthe a dhul go tír na hÉigipte chun cónaí ansin; éagfaidh siad uile i dtír na hÉigipte; titfidh siad leis an gclaíomh nó díothófar iad leis an ngorta, ó bheag go mór éagfaidh siad leis an gclaíomh agus leis an ngorta; beidh siad ina mallú agus ina n‑uafás, ina mallacht agus ina gceap magaidh.


Cad ab áil le hEafráim d'íola feasta? Is mise a thugann éisteacht dó, agus a bheidh ag faire air. Táimse cosúil le crann úrghlas cufróige; más torthúil thusa, tá a bhuíochas sin ormsa.


Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi.


Na spéartha agus an domhan atá anois ann, tá siad á gcaomhnú don tine, tríd an mbriathar céanna, agus á gcumhdach i gcomhair lá breithiúnais agus scriosta na n‑éagráifeach.


Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”


Ach má leanann sibh oraibh le bhur gcoirpeacht, ídeofar sibh féin agus bhur rí.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí