Nuair a smaoinímid ar dhrochthionchar, tá sé tábhachtach cuimhneamh go dtugann an Bíobla treoir shoiléir dúinn maidir le conas déileáil leis na cásanna seo. A deir Leabhar na Seanfhocal 13:201, "Téann an duine críonna i gcomhluadar na ndaoine críonna, ach is le daoine dúr a bhíonn an amadán ag comhrá."
Tá sé tábhachtach cairde agus cuideachta a roghnú go cúramach. Is féidir le drochthionchar sinn a threorú ar an mbóthar mícheart, ag tarraingt uainn ó ár luachanna agus ár bprionsabail. Sin é an fáth go bhfuil sé ríthábhachtach bheith timpeallaithe ag daoine a roinneann ár n-idéil agus a spreagann sinn chun fás agus feabhsú.
I 1 Corantaigh 15:332, faighimid sliocht eile atá ábhartha: "Ná bíodh mearbhall oraibh: “Trí chomhluadar olc truaillítear dea-nósanna.”" Cuireann an rabhadh seo i gcuimhne dúinn gur féidir lenár gcaidrimh tionchar díreach a imirt ar ár n-iompar agus ár moráltacht. Má bhímid feasach ar seo, cabhróidh sé linn fanacht amach ó dhaoine a tharraingíonn sinn i dtreo iompraíochta míchuí nó diúltacha.
Caithfimid a bheith roghnach agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag daoine ar ár saol. Spreagann an Bíobla sinn chun cuideachta na ndaoine sin a thógann sinn aníos agus a spreagann sinn chun saol a chaitheamh i gcomhréir lenár luachanna Críostaí. Trí ár gcairde a roghnú go ciallmhar, is féidir linn drochthionchar a sheachaint agus caidrimh a chothú a chabhróidh linn fás go spioradálta.
Caithfidh an té agá mbí cáirde é féin dfoillsiughadh go cáirdeamhuil: agus bí cara sheasas ní is foigse ná dearbhrathair.
Ná hiomchruidh cuing mhiochomhthrom a bhfochair dhaóineadh gan chreideamh: oír créd é caidreabh na fíréuntachda ré neamhfhiréuntachd? nó créd é cumann an tsolais ris a ndorchadas?
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
A fhíora agus a mhná a nadhaltrannais, a né nach bhfuil a fhios aguibh gur naimhdeanus a naghuidh Dé, cairdeas an tsáoghailse? uime sin gidh bé ré mían an sáoghal bheith na charuid aige do ní sé namhuid Dé dhe féin.
Maóidhigh an chuid is mó do na daoinibh a maitheas féin gach áon aca: acht cía gheabhus duine fírinneach?
Ná héirigh a steach a ccasán na gciontach, agus ná himthigh a slighe na ndrochdhaóine. Seachain é, ná gabh lámh ris, fill úadh, agus imthigh romhad.
Níor shuigh mé ré daoinibh díomhaóine, ní mó rachfas mé a steach le mealltóirighibh. Do fhúathuigh mé coimhthionól luchd déanta a nuilc; agus ris an ccionntach ní shuighfe mé.
Oir is adhfhúathmhaireacht don TIGHEARNA an ceannairgeach: acht atá a shecréid ag an bhfíréun.
An té shiubhluighios le daóinibh críonna biáidh sé críonna: acht scriosfuighthear compánach na namadán.
A náit nach bí comhairle, tuitidh an pobal: acht a niomad na ccomhairleach bhíos daingean.
An bhféadann duine teine do ghabháil iona bhrollach, agus gan a éadach do bheith loisge? An bhféadann duine siubhal ar sméaróidibh téo, agus gan a chos do bheith loisge?
Agus ná bíodh cumann aguibh ré hoibrighibh neamhtharbhacha an dorchaduis, achd go madh luáithe ríbh dhá lochdughadh.
Iarruidh an tarcuisneach eagna, agus ní fhaghann: acht is socamhlach éolus don tí thuigios. Imthigh as fiadhnuise dhuine leimhe, a núair nach mothochuidh tú ann béul a néoluis.
Brostuighidh duine sáruighthe a chomharsa, agus tréoruighe sé é chum na sligheadh nach maith.
Ná déan muinntearas re duine feargach; agus na himthigh lé duine bhuileamhuil: Ar eagla go bhfoghluimféa a shlighthe, agus go bhfuighthéa paíntéur dot anam.
A mhic, má bhrosduighid peacaich thú, ná háontuigh léo. Má deirid síad, Tárr linn, cuiriom luidheachán air fhuil, luidhiom a bhfolach ar chionn an neimhchiontaigh gan chúis:
Achd a nois do sgríobh mé chúgaibh gan chaidreabh do dhéanamh, má bhíonn éainneach dá ngoirthear dearbhráthair na sdríopaigh, nó na dhuine shanntach, nó na fhear iodhaladhruidh, no na fhear cainighe, nó na fhear misge, nó na fhear fúaduighe; ná caithidh fíu an bhidh na fhochair.
Is beannuigh an fear nach siubhluighionn a ccomhairle na neimhdhiadhach, nach seasann a slighe na bpeacach, agus nach suighionn a suigheachán na ttárcuisneach.
An té imthighios fa gcuáirt na aithristeach scéul scaóilidh sé rún: uimesin ná bean ris an te spleadhuighios le na phuisínibh.
Agus bíodh a fhios so agad, go dtiucfuid aimseara báoghlacha sna laethibh déigheanacha. Achd do lean tusa mo theagusga, réim mo bheatha, mo rún, mo chreideamh, mo cheannsachd, mo ghrádh, agus mfoighid, An ghérleanmhuin, an pháis, a dfulaing mé a Nantióchia, a Nicónium, agus a Lisdra; créd é méid na gérleanmhana diomchuir mé: achd do sháor an Tighearna mé úatha uile. Agus fós, an mhéid ler mían a mbeatha chaitheamh go díagha a Niósa Críosd fuileónguin síad gerleanmhuin. Achd na drochdháoine agus na mealltóirighe rachuid air a naghuidh sa nolc, ag mealladh, agur ar na mealladh dhóibh. Achd comhnuighse sna neithibh do fhóghluim tú agus do fágbhadh táobh riot, ar mbeith a fheasa agad cía ór fhoghluim tú íad; Agus ó bhí tú ad leanabh go raibh eólas na sgrioptúr náomhtha agad, lér féidir do dhéunamh éagnuidhe chum slánaighthe trés an gcreideamh noch atá a Niósa Críosd. Is ó Sbioruid Dé tháinic an sgriobtúir uile, agus is tarbhach é chum teaguisg, chum spreagtha, chum ceartuighthe, chum foirceaduil na fíréuntachda: Ionnus go mbíadh óglach Dé diongmhalta, agus ullmhuighe go hiomlán chum na huile dhéaghoibhre. Oír béid dáoine rócheanamhuil orrtha féin, sanntach, aidhbhéil, díomsach, íthiomráiteach, easúmhal dá naithribh agus dá máithribh, dómbuidheach, neamhnáomhtha, Gan ghrádh nadúrtha, luchd drochchoinghill, luchd éilighe bréugacha, neímhmeassardha, borb, gan ghrádh don mhaith, Luch bratha, mearrgánta, áirdinntinneach, luchd ghrádhaigheas sáimhe ní sa mhó na Día; Leigeas orrtha féin bheith díagha, achd do dhíult do chúmhachd na díaghachda: agus seachainse a samhuil sin.
Dá dtighidh éinneach chuguibh, agus nach dtabhair ris an teagusga, ná gabhuidh chuguibh a steach é, agus na beannuighe dhó: Oír an tí bheannuigheas dó atá sé pártach ré na dhrochghníomharthuibh.
Agus má bheir do shúil adbhar oilbhéime dhuit, bean asad, agus teilg uáit í: is fear dhuit dul don bheathaidh ar leathshúil, n dhá shuil do bheith agad agus do theilgean a dteinidh ifeirn.
Bíghidh measarrgha, déunuidh faire; óir atá bhur namhuid an díabhal, mar leomhan bhéicfeach, ag gabháil fá gcuáirt dá fhéuchain cía shluighfeadh sé:
Ní chuirfiod cúis urchóideach ar bith ós coinne mo shúl: is beag orum gníomhartha na ndaóine noch chláonas; ní cheangoluidh sé dhíom.
Agus má bheir do lámh dheas sgannail dhuit, gear dhiot í, agus teilg uait í: óir is fear dhuit áonbhall dod bhallaibh do dhul a múgha, na do chorp uile theilgean go hifearn.
Agus do bheirmíd fógra dhíbh, a dhearbhráithre, a nainm ar Dtíghearna Iósa Críosd, sibh féin do dhealughadh ré gach dearbhráthair shiubhlus go miríaghalta, agus ni réir an teaguisg fuáir sé uáinne.
Ní héidir libh cupán an Tighearna díbhe, agus cupán na ndeamhan: ní héidir libh comhruinn bhuird an Tighearna dfagháil, agus bhuird na ndeamhan.
Ná cláon mo chroidhe chum droichneithe, chum droichghníomha do dhéanamh ré daóinibh noch oibrighios urchóid: agus ná léig dhamh ithe dá mbíadhuibh millsi.
Agus íarruim dathchuinge oruibh, a dhearbhráithreach, géurchoimhéud do dhéunamh dháóibh ar an muinntir thógbhus siosma agus is ciontach ré hoilbheim do thabhairt úatha contrarrdha don teagasg do fhoghluim sibh; agus seachnaidh íad.
Imthigh as fiadhnuise dhuine leimhe, a núair nach mothochuidh tú ann béul a néoluis.
Réimhfhéuchuidh an duine glic an tolc chuige, agus folchaidh sé é féin: acht imthighid na daóine simplidhe ar a naghaidh, agus píantar íad.
Na bíse aingidhe a naghaidh drochdhaóine, agus ná sanntoigh bheith na bhfochair. Má anbhfainnighionn tú a ló na haindeisi, is beag do neart. Má léigionn tú dhíot tártháil na druinge thairngior chum báis, agus an lucht bhíos réigh chum a marbhtha; Má deir tú, Féuch, ní raíbh a fhios aguinn; nach measann an té sgrúdas na croidhthe sin? agus nach bhfuil a fhios ag an té chumhduighios hanamsa, agus nach ttinbhra sé dá gach áon do réir a oibreach? A mhic, ithsi mil, do bhrígh gur maith í; agus an chríathar mheala, noch is milis dot charbad: Marsin bhías éolus na héagna dot hanam: anuáir do gheabha tú é, annsin do gheabhthar luáigheacht, agus ni ghéarrfuighthior amach do dhóthchus. Ná cuir luidheachán, a dhroch dhuine, a naghaidh áitreibhe a nfíréin; na creach a áit comhnuighe: Oír tuitidh an duine ionnruic seacht nuáire, agus éirghidh sé a rís: acht tuitfid na ciontuigh a nolc. Ná lúathgháirigh a nuáir thuitfios do námhaid, agus ná gáirdigheadh do chroidhe a nuáir do gheibh sé tuisleadh: Deagla go bhfaicfeadh an TIGHEARNA sin, agus go madh míothaitneamhach leis é, agus go niompochadh a fhearg úadh. Ná bíodh fearg ort ar son na ndrochdhaoine, agus ná bíodh tnúth órt ris na ciontachaibh; Oír stuidéaruidh a ccroidhe millteachus, agus labhruid a mbéil urchóid.
Gidh bé choimhéadas an dligheadh is mac glic é: acht an té is companach do dhaóinibh cráosacha náirighidh sé a athair.
An té choimhéadas teagasg atá sé a slighe na beatha: acht an té dhíultas smachtughadh atá sé air seachrán.
Dá nabram go bhfuil cumann aguinn ris, agus sinn ag siubhal a ndorchadus, do nímid bréug, agus ní leanmáoid an fhírinne. Achd da siubhlam sa tsolas, amhuil atá seision sa tsolas, atá cumann aguinn ré chéíle, agus glanuidh fúil Iósa Críosd a Mhicsion sinn ó nuile pheacadh.
Oír is lór dhúinn an mhéid do chuáidh thoruinn dár mbeatha do chaitheamh réir thola na Gcineadhach, ar mbeith dhúinn ag siúbhal a macnas, a nainmhíanuibh, a meisge, a gcráos, a bpótaireachd agus a níodhaladhradh aindlightheach: An ní ann a bhfaighuid iongnadh gan sibhse ríoth ríu sa neimhmheasarrghachd chéudna, ag labhairt go masluigheach oruibh:
Uime sin ná bíghídh na gcumann. Oír do bhábhair ar uáiribh bhar ndorchadus, achd a nois bhár sola sa Dtíghearna: siubhluibh mar chloinn an tsolais.
Gidh bé ghrádhuighios a neagna lúathgháirigh sé a athair: acht an té chongmhas cuideachta do mhéirdreachaibh anchaithigh sé a mhaóin.
An té sheachránuighios as slighe na tuigsiona anfaidh sé a ccomhcuruinniughadh na marbh.
Síubhlam go cubhaidh amháil sa ló; ní a gcráos ná a meisge, ná a seómradóireachd ná a macnus, ná a gceannarraic ná a dtnúth.
Má chí tú gaduighe, righfidh tú leis, agus atá do chuid ronna leis na hadhaltrannachaibh. Do bheirir do bhéul durchóid, agus cumuigh do theanga cealg.
An drong agá mbí croidhe urchóideach is adhfhúathmhaireachd don TIGHEARNA íad: acht an mhéid bhíos díreach íona slighe a síad sin a dhúil.
Gradhuigh an chara gach uile uáir, agus rugadh an dearbhráthair a naghaidh buaidheartha.
Má fhúathuigheann an sáoghal sibh, bíodh a fhios aguibh gur fhúathaigh sé misi romhuibh. Da mádh don tsáoghal sibh, do ghraidhéochadh an sáoghal a chuid féin: gidheadh ar son nach don tsáoghal sibh, achd gur thogh misi sibh as a tsáoghal, ar a nadhbharsin atá fúath ag an tsáoghal daóibh.
An chlúas do chluin achmhusán na beatha, oirisigh sí a measc na ndaóine nglic. An té dhíultas múnadh tarcuisnighidh sé anam féin: acht an té umhluighios do smacht do gheibh sé tuigsi. Ise eagla an TIGHEARNA teagasg na heagna; agus atá umhlacht roimhe onóir.
Tuille eile, a dhearbhraithre, gidh bé ar bithe neithe atá firinneach, gidh bé neithe atá trómgha, gidh bé neithe atá ceart, gidh bé neithe atá glan, gidh be neither as fíu grádh, gidh bé neithe ar a bhfuil deaghtheisd; ma tá súbhailcighe ar bith, agus má tá moladh, go madh híad bhías sibh a smuáineadh.
Uime sin a dhearbhráithre grádhacha, ar bhfagháil na ngeallamhnachsa dhúinn, glanum sinn féin ó uile shalchar na féola agus na spioruide, ag críochnughadh náomhthachda a neagla Dé.
Na tabhraidh an ní naómhtha do mhadruighibh, agus na teilgidh bhur gclocha úaisle a bhfíadhnuisi na muc, air eagla go sailteóraidis orrtha lé na gcosuibh, agus ar bhfilleadh dhóibh go dtarroingaidís sibh féin as a chéile.
Scuir, a mhic, déisteachd an teagaisg bhus cúis sheachráin ó bhríathruibh a neóluis.
Agus na tugaidh bhur mbaill na nármuibh éugcóra don pheacadh: achd tugaidh sibh féin do Dhía, mar dhruing atá béo ó mharbhuibh, agus bhur mbaill na nármuibh firéantachda do Dhía.
A mhic, ná siubhailsi annsa tslighe léo; congmhaidh air hais do chos ó na ccasán: Oír rithid a ccosa chum uilc, agus do níd deíthnios do dhórtadh fola.
Ná bí a measg phótaireadh fíona; a measg ghrágaireadh líonus íad féin le feóil: Oír tiucfaidh an pótaire agus an duine cráosach chum bochtuine: agus do dhéan a naimhleisge duine déudughadh le ceirteachaibh.
Atá a fhios aguinn gur ab ó Dhía atámuid, agus go bhfuil an sáoghal uile na luidhe sa nolc.
¶ Ionnluidh sibh féin, glanuidh sibh féin; cuiridh uáibh olc bhur ngníomh as mo radharc; sguiridh do dhéanamh uile; Foghlamuigh maith do dhéanamh; íarruigh breitheamhnus, cobhruighidh na boicht, breathnuighidh an dilleachda, tagraidh ar son na baintreabhuigh.
Do chuáidh a noidhche thorainn, agus do dhruid an lá rinn: uime sin teilgeam uáinn oibreacha an dorchaduis, agus cuireann umainn éideadh an tsolais. Síubhlam go cubhaidh amháil sa ló; ní a gcráos ná a meisge, ná a seómradóireachd ná a macnus, ná a gceannarraic ná a dtnúth. Achd cuiridh umuibh an Tighearna Iósa Críosd, agus ná bíodh cúram na colla oraíbh, a míangusuibh.
Coimhéadaigh sibh féin ar na fáigheannaibh fallsa, thig chugaibh a gculaidhibh caórach, agus a tá leith a sdigh na madruidh állta fhúaduigheachda.
Oír ní ré fuil agus ré féoil do níomuid sbáirn, achd ré húachdaranuibh, ré cúmhachduibh, ré prionnsuidhibh an domhuin dhorchaduis an tsáoghailse, ré drochsbioraduibh, noch atá sna hionaduibh árda.
Ná tuguidh grádh don tsáoghal, ná do na neithibh atá sa tsáoghal. Dá dtuguidh neach ar bith grádh don tsáoghal, ní bhfuil grádh a Nathar ann. Oír gach ní atá sa tsáoghal, mar atá ainmhían na colla, agus ainmhían na súl, agus úabhar na beatha, ní ó Nathair atáid síad, achd is ón tsáoghal atáid. Agus atá an sáoghal ag imtheachd thoruinn, agus a ainmhían: achd an tí do ní toil Dé mairidh sé go siorruidhe.
Is cosmhuil dóigh a nduine neimhdhílios a naimsir na buáidheartha re fíacail bhriste, agus re cois léonta.
Seachuin mar an gcéudna ainmíana na hóige: agus lean dfíréuntachd, do chreideamh, do ghrádh, do shíothcháin, maille ris an druing ghoireas air an Dtíghearna ó chroidhe ghlan.
Fúathuighidh an TIGHEARNA na sé neithesé: fós atá a seacht na adhfhúath-mhaireacht aige: Féuchuin uaibhreach, teanga bhréagach, agus lámha dhóirtios fuil neimhchiontach, Croidhe thionsgnas smuaintighthe urchóideacha, cosa bhíos lúath do rioth chum uilc, Fiadhnuisi bhréagach labhras bréaga, agus an té shíolchuirios ceannairge idir dhearbhráithribh.
An té fhúathuighios do ní sé blandar le na phuisínibh, agus taisgidh sé cealg a stigh ann; A nuáir labhras sé go breághdha, na creid é: óir atáid seachd nathfhúathmhaireachta iona chroidhe. An té fholchas fúath lé ceilg, foillseochthar a olc a bhfiadhnuise an chomhchruinnigh uile.
An té iomaithbhirios duine do gheabha sé ní sa mhó dfabhar na dhiaighsin ná an té bhláithuighios leis an tteangaidh.
Gidheadh tugaidh bhur naire ribh nach mbiáidh an cúmhachdasa atá aguibh a gcail ar bith na adhbhar oilbhéime don druing atá lag.
Tabhair air mo shúilibh gabháil seacha ó dhíomhaoineas dfaicsin; béoghuidh mé ann do shlighe.
Cealg bhíos a ccroidhe na droinge noch smuáinios an tolc: acht do chomh-airleachaibh na síothchána atá gáirdeachus.
Chífe an peacach sin, agus biáidh fearg air; do dhéana sé díosgán ré na fhíacluibh, agus leighfe sé: meithfe mían an pheacaidh.
Achd má bheir do lámh no do chos adhbhar oilbhéime dhuit, gearr dhiót, agus teilg uaít íad: is fear dhuit dul a sdeach do bheathaidh bacach díbhallach, ná dhá láimh agus dhá chois do bheíth agad agus do theilgean ann sa teinidh shiórruidhe. Agus má bheir do shúil adbhar oilbhéime dhuit, bean asad, agus teilg uáit í: is fear dhuit dul don bheathaidh ar leathshúil, n dhá shuil do bheith agad agus do theilgean a dteinidh ifeirn.
Ar a nádhbharsin ó thárrla a chomhmór sin do néull fíadhnuiseadh ar dtimchiollne mar an gceudna, ag cur gach uile thruim dhínn, agus an pheacuigh leanus din go héusguidh, riótham maille ré foighid chum chin na coimhleanga atá romhuinn,
Uime sin taguidh amach as a lár, agus dealuighe ríu, a deir an Tighearna, agus ná bíodh buáin aguibh ré ní neamhghlan; agus géubhuidh misi chugam sibh,
An té iompoighios a chlúas ó chluinsion an dlighe, biáidh a ghuidhesin na adhfhúathmhaireacht.
Agus na léig sinn a ccathughadh, achd sáor inn ó olc: Oir is leachd féin an ríoghachd, agus an chúmhachd, agus an ghloír, go siórruighe. Amen.
Solásuigh úniment déaghbholadh an cróidhe: is mairsin do ní millsi charad duine re comhairle ó chroidhe.
Mar chloinn na húmhlachda, gan bheith dhíbh dá bhur nathchuma féin ris na hainmíanuibh do ghnáthuigh sibh roimhe ann bhur nainbhfios: Achd do réir mar atá an tí do ghoir sibh náomhtha, bíghidhse mar an gcéudna náomhtha sa nuile choinbhearsáid; Do bhrigh go bhfuil sgríobhtha, Bighidhse náomhtha; óir atáimse náomhtha.
Oír an dream atá do réir na féola smuáintighid síad neithe bheanas ris an bhfeóil; achd an dream atá do réir na Spioruide na neithe bheanas ris an Spioruid. Oír is bás gliocas na feóla; achd is beatha agus siothcháin gliocas na Spioruide.
Ná cuir lámha go hobann ar áoinneach, agus ná bí pártach ré péacuighibh dháoineadh eile: connaimh thú féin glan.
Músgluidh chum firéuntachda, agus na déunaidh peacadh; óir ní bhfuil éolus Dé ag cuid aguibh: as chum adhnáire do chur oraibh a deirim so.
An té ghrádhuighios an cheannairg grádhuigh sé sárughadh: agus an té árduighios a gheata, túaraidh sé aidhmhilleadh.
A chairde, na creidigh gach éin spiorad, achd dearbhuidh na spioruid an ó Dhía atáid: óir do chúadar morán dfáidhibh fallsa amach fán domhan.
Déanuidh faire agus urnuighthe, do chum nach ttuitfeadh sibh a gcathughadh: A tá an spiorad go deimhin ullamh, achd a tá an cholann anbhfann.
Oir ráinic tuarasgbháil bhur númhlachdsa na huile dháoine. Ar a nadhbharsin atá gáirdeachas orum bhur dtáobhsa: gidheadh is mían riom bheith dháoibh eagnuighe a dtáoibh na maitheasa, agus neamhurchoideach a dtaobh a nuilc.
Bainid fós na neithesi ris na dáoinibh glic. Ní maith meas do bheith air phearsuinn tar a cheile a mbreitheamhnus. Gidh bé déaras ris an gciontach, Atá tú ionnruic; mailleochuidh an pobal é, fúathochuid cineadhacha é: Acht biáidh áoibhneas don droing aithbhioras é, agus tiucfuídh beannughadh maith orra.
Cúartuigh mé, a Dhé, agus tuig mo chroidhe: teastuidh me, agus tuig mo smuáintighe: Agus féuch an bhfuil slighe ar bith chiontach ionnam, agus treóruidh mé a slighe na síorruidheachta.
Achd cuirim fá smachd an cholann, agus do bheirim fá umhlachd í: deagla ar éunchor, ar ndéunamh seanmóra do dhruing eile dhamh, ccuirfidh mé féin air ccúl.
Feuchuidh sibh féin, an bhfuil sibh sa gcreideamh; cúartuighe sibh féin. A né nach feasach sibh oruibh féín, go bhfuil Iósa Criosd ionnuibh, achd muna dáoine éidearbhtha sibh.
Ní tuigid na drochdhaóine breitheamhnus: acht tuigid an drong íarrus an TIGHEARNA gach uile ní.
Gidheadh déunsa faire sna huile neíthibh, fulaing anshógh, déin obair shoíbhisgeil, tabhair fá deara do mhiniosdrálachd do bheith dearbhtha.
Uime sin úmhluighe sibh féin do Dhía. Cuiridh a naghuidh an díabhal, agus teithfidh sé uáibh.