Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Seanfhocal 9:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Tréigigí bhur mbaois agus mairfidh sibh; siúlaigí ar bhealach na tuisceana.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Tréigidh amadánachd, agus mairigh; agus imthighidh a slighe na tuigsiona.

Féach an chaibidil Cóip




Seanfhocal 9:6
17 Tagairtí Cros  

Imígí uaim, a lucht déanta na hurchóide; coimeádfaidh mé aitheanta mo Dhé.


Tá iníonacha ríthe i measc do bhan coimhdeachta, agus an bhanríon ar do dheis faoi ór as Óifír.


An té a ghéilleann don smacht, tá sé ar chosán na beatha; ach an té a dhiúltaíonn don cheartú téann sé amú.


An té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí; bíodh amadáin mar chairde aige, agus beidh sé thíos leis.


Éist liom, a mhic, agus bíodh ciall agat, agus stiúraigh do chroí i slí [na gaoise].


Múinfidh mé slí na heagna duit, treoróidh mé thú ar bhealaí díreacha.


Óir an té a gheobhaidh mise, gheobhaidh sé an bheatha, agus gnóthóidh sé gnaoi an Tiarna.


Cuirfear breis le líon do laethanta tríomsa, agus cuirfear blianta le fad do shaoil.


ionas go siúlfaidh siad de réir mo reachtanna agus go gcomhlíonfaidh siad mo dheasghnátha gan faillí a dhéanamh; agus beidh siad ina bpobal agamsa agus mise i mo Dhia acusan.


Beidh Dáiví, mo sheirbhíseach, ina rí orthu, agus ní bheidh ach aon tréadaí amháin acu go léir. Siúlfaidh siad de réir mo reachtanna agus comhlíonfaidh siad mo dheasghnátha go beacht.


“Déanaigí lándícheall ar dhul isteach tríd an doras cúng, óir beidh mórán, deirim libh, ag iarraidh dul isteach agus ní fhéadfaidh siad é.


Rinne sé mórán eile cainte ag áiteamh leo agus ag tathant orthu: “Sabháiligí sibh féin,” ar seisean leo, “ón nglúin chlaon seo.”


Imígí as a measc, dá bhrí sin, agus scaraigí leo; ná bainigí le rud neamhghlan agus beidh fáilte agamsa romhaibh.


Ansin chuala guth eile ó na flaithis á rá: “Amach libh aisti, a phobal liom, i dtreo nach mbeadh sibh páirteach ina cionta, agus nach mbeadh cuid dá plánna le hiompar agaibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí