A chairde, cloisimid faoin apostasía, an chaoi a dtréigeann daoine a gcreideamh. De réir an fhoclóra, is éard atá i gceist ná do dhromlach a thabhairt le do chreideamh reiligiúnach nó polaitiúil. Sa Bhíobla féin, feicimid gur casadh ar shiúl ó Dhia atá ann.
Deirtear i 1 Tiomóid 4:1 go dtréigfidh cuid acu a gcreideamh amach anseo, ag éisteacht le biogóidí agus le múineadh na ndeamhan. Ní fhanfaidh gach duine a chloiseann focal Dé dílis, mar a fheicimid i litir chuig na Galataigh, áit a spreagtar muid gan aon teagasc eile a ghlacadh.
Tá sé ríthábhachtach eagna agus léargas Dé a lorg chun sinn féin a chosaint ar chealgaireacht. Caithfimid gach teagasc a thástáil i gcoinne an Bhíobla. Mar a deir 2 Peadar 1:19, is solas dúinn i ndorchadas é focal na fáidhe.
Tugann muintir Bherea dea-shampla dúinn. Rinne siad staidéar cúramach ar theagasc Phóil féin, fiú cé go raibh sé ina fhear mór le rá, agus bhí focal Dé mar threoir acu i gcónaí. Cosnóidh an cur chuige seo sinn ón apostasía.
Ní mór dúinn seasamh daingean inár gcreideamh i gCríost agus leanúint leis go dtí an deireadh, mar a deirtear i Maitiú 24:13. Ní faoin tús atá sé, ach faoin deireadh.
Ann sin do gheabhuid móran adhbhar oilbheime, agus braithfid dáoine a cheile, agus bíaidh fúath aca dhá chéile. Agus éiréochuid mórán dfáidhibh fallsa, agus meallfuid mhórán.
As iongnadh leam bheith ar niompógh dhibh comhlúath sin chum soisgéil eile ón tí do ghoir sibh chum grás Chríosd: Ag nách soisgéul eile é; achd amháin go bhfuil dream áirighe dá bhur mbuáidhreadh, agus lér mían soisgél Chríosd do chur neimbrígh.
Is maith sin; is tré mhíchreideamh do gearradh íad, agus seasuigh tusa tré chreideamh. Ná bí áirdinntinneach, achd biodh eagla ort. Oir ma nar choigill Día na géuga nadúrtha, dob éidir nach ccoigéoladh sé thusa mar an gcéadna. Ar a nadhbharsin tabhair dod aire toirbheartas agus buirbe Dé: a bhuirbe, do tháobh na muinntire do thuit; achd a thoirbheartas, duitsi, dá bhfana tú ann a thoirbheartus: nó gearrfuidhear thusa mar an gcéudna.
Agus do bhádar mar an gcéudna fáidhe fallsa a measg an phobuil, amhuil bhías fós luchd teaguisg fallsa eadruibhse, noch bhéurus a steach ós íseal eireceachd dhamnuighthe, agus shéunfás an Tíghearna do cheannuigh íad, ag tarruing sgreasda obuinn orrtha féin.
Oír an dream atá ar na soillsiughadh áon uáir amháin, agus fuáir blas an tiodhluice neamhgha, agus lér roinneadh an Spiorad Náomh, Agus do bhlais deaghbhríathar Dé, agus subhailcidhe an tsáoghail atá chum teachda, Agus atá ar dtuitim, ní féidir a nathnúadhughadh a rís chum aithrighe; do bhrígh go bhfuilid ag céusadh Mhic Dé a rís dhóibh féin, agus ag sgige fáoi.
Oír tangadar dáoine áirighe, neimhdhíagha, ar téultogh a steach, noch do bhí fadá ó shin roimh láimh orduighthe chum an bhreitheamhnuis so, noch iompoigheas grás ar Ndé a neamhghloine, agus shéunas an táon Mhaighisdir, Día, agus ar Dtíghearna Iósa Críosd.
Do chúadar amach as ar measgne, oir ní rabhadar dhínn: óir dá mbéidís dínn, dfanfaidís go deimhin má ráon rinn: achd dimthigheadar uainn, ionnus go madh follas nach dínne íad uile.
Agus do rinneadar anntoil ré hainmhian san díothramh, agus do chuireadar cathughadh air Dhía annsa nuáignios. Agus thug sé dhóibh a níarratas; acht do chuir crúas a steach iona ccroidhe.
¶ Acht an tan fhillios an fíréun ó na fhíréuntacht, agus do ní éigceart, do réir na nuile ghraineamhlacht noch do ní an droch dhuine, an mairfidh sé sin? Ní luáighfíghear a uile fhíréantacht dá ndéarna sé: iona shárughadh ar sháruigh sé, agus iona pheacadh ar pheacaidh sé, do gheabha sé bás ionta sin.
As maith do riothabhair; cía chuir tóirmeasg oruibh fá bheith úmhal do mfhírinne? Ní on tí ghoireas sibh tháinic an brosdughadh so.
Achd ní bhfuil fréamh aige ann féin, achd fanuidh sé ar feadh tamaill: agus an tan thig trioblóid nó búaidhreadh ar son na bréithre, air ball do gheibh sé oilbhéim.
Ná cruáidhighe bhur ccroidhe, mar san Meribah, amhuil is a ló Massah san bhfásach: Mar ar chuireadar bhur naithre cathughadh orum, do dhearbhuigheadar mé, agus do chonncadar moibreacha.
Agus sibhse, do bhí a nallód bhur gcoimhightheachuibh agus bhur náimhdíbh ann bhur ninntinn tré drochóibrighibh, do réidhigh sé a nois daóibh A gcorp a fhéola féin tré bhás, chum bhur ndéunta náomhtha glan agus neimhchiontach na fhíadhnuise féin: Má chómhnuigheann sibh go fonndameinteach daingean sa gcreideamh, gan bheith dhíbh ar bhur nathrughadh ó mhuinighin an tsoisgéil, noch do chúalabhair, agus do rinneadh sheanmóir dá gach uile chreatúr atá faói neamh, dá bhfuilimse Pól am mhinisdir;
Uime sin an tí sháoileas bheith na sheasamh tugadh aire ris féin deagla go bhfuigheadh sé leagadh.
An tan iompochus an fíréun ó na ionracus, agus pheacochus sé, do gheabha sé bás dá bhrígh sin. Acht má fhillionn an ciontach óna pheacuighibh, agus an ní is dlistionach agus is ceart do dhéanamh, mairfidh sé thríd.
Lionfuighear re na shlighthibh fein an ghearrchumainnach a ccroidhe: agus fásfuighthear an duine maith úadh féin.
Oir tiucfuidh aimsir nach mbiáidh fulang aca ar theagusg fhallái; achd ar mbeith dá gclúasuibh lionta do thochas cruinneóchuid síad dhóibh féin do réir a nainmían iomad teagusgóir; Agus fillfid síad a gclúasa ón bhfírinne, agus geillfid do sgéultuibh fábhuill.
Do bhrígh, ar naithniughadh Dé dhoibh, nach rugadar buidheachus ris; achd gur líonadar do dhiomháoineas ann a smuáintighibh, agus gur dalladh a gcroidhe neamhthuigsionach. Ag rádh gur dhaóine éagnuidhe íad fein, do rinneadh amadáin dhióbh,
¶ Uime sin a dúbhairt an Tighearna, Do bhrígh go ttairingid an mhuinntirse láimh riom le na mbéul, agus go nonóruighid le na bpuisinibh mé, acht gur áthruigheadar a ccroidhe a bhfad uáim, agus gur múineadh a neagla dom thaóibhsi maille re aithne dhaóine:
Achd bí gach áon a gcathúghadh, an tan thairngeas agus bhréugan, a ainmhíana féin é. Na dhiáigh sin ar ngabháíl toirrcheasa chuige don nainmhían, beiridh sé peacadh: agus an tan, críochnuighthear an peacadh, beiridh sé bás.
Do bhí mé ar seachrán mar chaóirigh ar ndul a múgha; lorgair do sheirbhíseach; óir níor dhearmaid mé haitheantasa.
Agus mairfidh an fíréun tré chreideamh: gidheadh má théid sé air ccúl, ní bhfuighe manamsa fonn ann.
Bíghidh measarrgha, déunuidh faire; óir atá bhur namhuid an díabhal, mar leomhan bhéicfeach, ag gabháil fá gcuáirt dá fhéuchain cía shluighfeadh sé:
Ní é gach uile neach a deir riomsa, A Thighearna, A Thighearna, rachas a sdeach sa rióghachd neamhdha; achd an té do ní toil Mhatharsa atá áir neamh. As iomdha daóine a deuraidh ríum annsa la úd, A Thighearna, a Thighearna, a né nach ad ainmsi do rinneamar fáigheadóireachd? agus ad ainmsi do theilgeamar a mach na deamhain? agus do rinneamar iomad míorbhuileadh? Achd cheana aidmheóchuidh misi ós aird dhóibh an tansin, Níor aithin mé a riamh sibh: imthighidh uáim, a luch déunta na heugcóra.
Agus do adhradar dá niodhaluibh: agus do bhádar dóibhsion mar phaintéar. Agus do íodhbradar a mic agus a ninghiona do dhíabhluibh, Agus do dhóirteadar fuil neimhchiontach, fuil a mac agus a ninghean, noch do íodhbradar do dhíabhluibh Chánáan: agus do bhí an talamh ar na thruailliughadh le fuil. Agus do bhádar ar na salchadh le na noibreachaibh féin, agus do chuadar re méirdreachus le na naigiontaibh féin.
Ah a chineadh pheacach, pobal trom lé héigceart, síol daóine míghníomhach, clann atá na millteachaibh: do thréigeadar an TIGHEARNA, do bhrostuigheadar an Táon Náomhtha Israel chum feirge, do imthigheadar rompa ar a ccúl. ¶ Cred as a mbuailfidhe sibh ní sa mhó? fillfidhe nisa mhó agus ní sa mhó: atá an ceann uile tinn, agus an croidhe iomlán lag.
Achd don dreim ata ceannairrceach, agus nach umhluígheann don fhírinne, achd chreideas do néagcóruigh, dó bhéurthar diombugh agus fearg.
Gidh bé neach gheintear ó Dhía ní dhéuna sé peacadh; óir do ní a shíolsan comhnuighe ann: agus ní héidir leis peacadh do dhéunamh, do bhrígh go bhfuil sé ar na gheineamhuin ó Dhía.
Acht níor éisdeadar mo dhaóine rem ghuth; agus níor umhluigh Israel damh. Agus do léigios dóibh imtheachd a míangus a ccroidhe: do shiobhladar iona ccomhairle féin.
Agus do chúaidh sé amach a ccoinne Asa, agus a dubhairt ris, Eistigh riomsa, Asa, agus Iúdah uile agus a Bheniamin; Atá an TIGHEARNA maille ribh, an feadh bhéithi maille ris; agus má íarthaoi é, atá se ar fagháil agaibh; acht ma thréigthí é, tréigfidh sé sibh.
Oír a sé grádh a nairgid fréumh na nuile olc: noch ar mbeith do dhruing áirighe dhá shauntughadh, do chúadar ar seachrán ón gcreideamh, agus do tholladar íad féin thríothadh ré hiomad dóilghis.
Oír atáid mórán ag siúbhal, fár labhair mé ribh go mici, agus fá a bhfuilim ag gul a nois dá innisin díbh, gur naimhde íad do chroich Chríosd: Agár ab damnughadh a gcríoch dheigheanach, agus agar ab é a Ndía a mbolg, agus agá dtéid an ghlóir a náire dhóibh, noch smuáineas ar neithibh talmhuidhe.
Oír eiréochuidh Críosdanna fallsa, agus fáidh fallsa, agus do dheánuid comharthuidhe agus miorbhuile móra; ionnas go meallfuid síad (da madh éidir é) na dáoine toghtha féin.
Gidh bé ghrádhuighios teagasg grádhuighidh sé eólus: acht an té fhúathuighios smacht is brúideamhuil é.
Tréigeadh an drochduine a shlighe, agus an duine neimhfhíréanta a smuaintighthe: agus filleadh sé chum an TIGHEARNA, agus do dhéana sé trócaire air; agus chum ar Ndénne, óir maithfidh sé go líonmhar.
Oír atá a dheirbhfhios agam, nach búdh héidir lé bás, na lé beatha, na lé hainglibh, ná lé húachdaranachuibh, ná lé cúmhachduibh, ná leis na neithibh atá do láthair, ná leis na neithibh atá chum teachda, Ná lé hairde, ná lé doimhne, ná lé creatúr ar bith eile, sinne dhéalughadh ó ghrádh Dé, atá a Niósa Críosd ar Dtighearna.
Ná mealltar sibh; ní ghabhann Día sgige chuige: oír gidh bé ní shiolchuireas neach, a sé an ní céudna bheanfas sé.
Tabhruidh aire ribh fá gan áoinneach aguibh do chláonadh ó ghrás Dé; fá gan fréumh shearbhuis ar bith do fhás súas dá bhur mbuáidhreadh, trés a ndéuntaói morán neamhghlan;
Cruthaigh ionnam croidhe glan, a Dhé; agus athnúaghaidh ann mo mheadhón spiorad iomlán. Ná teilg mé seachad od fhiaghnuise; agus ná beír do spiorad náomhtha uáim.
Tabhruidh bhur naire ribh nach meallfuidh éinneach sibh tré fheallsámhnachd agus tré mhealltóireachd dhiomhaíun, do réir thráchduighe na ndaóine, do réir chéudthosuigheadh an dómhuin, agus ní do réir Chríosd.
Achd cuirim fá smachd an cholann, agus do bheirim fá umhlachd í: deagla ar éunchor, ar ndéunamh seanmóra do dhruing eile dhamh, ccuirfidh mé féin air ccúl.
Ar mbeith chreidimh, agus cogúis mhaith agad; noch ar na thréigean do dhruing áirighe do luingbhriseadar fan ccreideamh: Chum Timotéus, mo mhac grádhach sa gcreideamh: Grása maille riot, trócaire, agus siothcháin ó Dhía ar Nathair agus o Iósa Críosd ar Dtíghearna. Agar ab díobh Himenéus agus Alecsandar; noch tug misi uáim do Shatán, ionnus ar mbeith dhóibh smachduithe go bhfoghlamaidís gan blaisphéime do labhairt.
Do bhí mé dhá fhithchiod blíadhan air mo bhuáidhreadh ris an nginealachso, agus a dubhras, Is pobal seachránach a gcroidhe íad, agus níor bhaithne dhóibh mó shlightheacha:
Do sheachránadar mo chaoirigh thríd na huile shléibhtibh, agus air a nuile chnoc árd: do scáinreadh fós, mo thréad ar ghnúis na talmhan uile, agus níor lorgair agus níor íarr duine ar bith na ndiáigh.
Créd eile maseadh? a ndéanam peacadh, ar a nadhbhar nách bhfuilmíd faói an dligheadh, achd faói ghrásuibh? nar léige Día sin.
Ná cuirigh bhur ndóigh a sárughadh, agus a sladuigheachd ná bíthi díomhaóin: an tan fhásas saidhbhrios, ná cuiridh bhur ccroidhe air.
Uime sin déunam díthchioll ré dhul a steach sa tsuáimhnios sin, deagla éunnduine thuitim sa neisiompláir chéudna easúmhlachda.
Ar a nadhbharsin giodh bé aidmhéochas misi eision a bhfíaghnuisi Mathair atá ar neamh. Agus gidh bé shéanfas misi a bhfíaghnuisi na ndáoine, séanfuidh misi eisean an bhfíaghnuisi Mathair a tá ar neamh.
Má nimíd fúlang bíam a rioghachd mar an gcéudna maille ris: dá séunam é, séunfa seision sinne mar an gceudna:
Is sona an té air a mbí úamhan do ghnáth: acht an té chruáidhighios a chroidhe tuitfidh sé a ttubaisde.
Agus dá ngoiridh sibh Athair don tí do ní breitheamhnus do réir gníomha gach aóin gan féuchain do phearsuinn seach a chéile, caithidh aimsir bhur noilirthe maille ré faitcheas:
A fhíora agus a mhná a nadhaltrannais, a né nach bhfuil a fhios aguibh gur naimhdeanus a naghuidh Dé, cairdeas an tsáoghailse? uime sin gidh bé ré mían an sáoghal bheith na charuid aige do ní sé namhuid Dé dhe féin.
Agus tré a slánaighthear sibh fós, da gcongmhuidh sibh an bhríathar ionar sheanmóir mé dhíbh é, munar chreideabhair go diomhaóin.
Agus na cumaidh sibh féin ris an tsáoghalsa: achd cuiridh sibh féin a natharrach crotha ré hathnúadhughadh bhur ninntinne, ionnus go mbíadh a dhearbh aguibh créud í toil mhaith, gheanamhuil, dhiongmhála Dé.
Acht an lucht chláonas chum na ndroichshligheadh, tréorochuidh an TIGHEARNA íad lé lucht oibrighthe a négceirt: go raibh síothcháin air Israel.
O A Ghalatíanacha gan chéill, cía rinne piseóga dhaóibh, as nách géillfeadh sibh don fhírinne, agar thaisbéunadh Iósa Críosd daóibh roimhe so a bhfiadhnuisi bhur súl, ar na chéusadh bhur measg?
¶ A mhairg don druing ghoireas don nolc maith, agus don mhaith olc; agus chuirios dorchadas ar son soluis, agus solus ar son dórchadais; agus chuirios searbhus ar son millsi, agus millse ar son searbhuis!
Is sibhsi salann na tulmhan: gidheadh dá ccaillfeadh an salann a bhlas, creúd lé a saillfidhthear é? ni bhfuil féidhm air ó sin súas, achd a thilgean a mach, agus a shailart fá chosaibh dáoine. Is sibhsi solus an domhain. Ní héidir cathair atá ar na suighiughadh ar shlíabh dfolach. Agus ní lasaid dáoine coinneal do, chum go gcuirfidis fa bhéul buiséal í, achd a gcoinnléoir; agus ní sí solas dá a mbíonn a stigh. Go madh mar sin dhealróchus bhur soillsisi a bhfíaghnuisi na ndáione, a gcrúth go bhfaicfidh síad bhur ndeaghoibrighthe, agus do dtiobhruid glóir dá bhur Nathair atá ar neamh.
Uime sin a dhearbhráithre, go madh móide dhéunad dibh dúthrachd, ré bhur ngairm agus re bhur dtogha do dhéunamh diongmhalta: óir má ní sibh na neithese, ni bhfuighe sibh leagadh choidhche:
Mar dhruing do iompóidh fírinne Dé a mbréig, agus do rinne onóir agus seirbhís don chreatúr ag treigean an Chruthaighthéora, noch atá beannaighe go síorraidhe. Amén.
A rís, A nuáir fhillfios duine fíréunta ó na fhíréantachd, agus do dhéana sé peacadh, agus chuirfeas misi ceap tuisligh roimhe, do gheabha sé bás: do bhrígh nach ttug tusa rabhadh dhó, gheabha sé bás iona pheacadh, agus ní cuimhneochthar a fhiréantacht noch do rinne sé; acht íarrfa mé a fhuil as do láimhse. Gidheadh má bheir tú rabhadh don duine fhíreunta, ionnas nach bpeacochuidh an firéun, agus nach déana sé peacadh, go deimhin mairfidh sé, do bhrígh go bhfuáir sé rabhadh; mar an ccéadna do sháor tusa hanam féin.
Is beannuigh an fear nach siubhluighionn a ccomhairle na neimhdhiadhach, nach seasann a slighe na bpeacach, agus nach suighionn a suigheachán na ttárcuisneach. Acht atá a dhúil a ndligheadh an TIGHEARNA; agus iona dhligheadh smuaineann sé do ló agus doidhche.
Ní héidir lé neach air bith seirbhis do dhéunamh do dha thighearna: óir bíaidh fúath aige do dhuine aca, agus grádh don duine eile; nó ceangallfuigh sé do neach aca, agus do bhéuraidh sé tarcuisne ar an dara fhear. Ní héidir libh seirbhis do dhéunamh do Dhía agus do mhammon.
Ná tuguidh grádh don tsáoghal, ná do na neithibh atá sa tsáoghal. Dá dtuguidh neach ar bith grádh don tsáoghal, ní bhfuil grádh a Nathar ann. Oír gach ní atá sa tsáoghal, mar atá ainmhían na colla, agus ainmhían na súl, agus úabhar na beatha, ní ó Nathair atáid síad, achd is ón tsáoghal atáid. Agus atá an sáoghal ag imtheachd thoruinn, agus a ainmhían: achd an tí do ní toil Dé mairidh sé go siorruidhe.
Ionnus go mbiáidh sibh neimhchiontach agus neamhurchóideach, bhur gcloinn neamhlochduigh ag Día, a measg dhroichchinidh chrosda, eidir a bhfuil sibh ag deallrughadh mar lóchrannuibh soilse sa tsáoghal;
Dealuigh ó nolc, agus déan maith; agus áitreibh go bráth. Oír is ionmhuin leis an TTIGHEARNA breitheamhnus, agus ní thréigionn a naóimh; agus atáid daingion go bráth: achd gearrfar sliochd an drochdhuine ar fad.
Coimhéaduigh an TIGHEARNA an mhéid ler bionmhuin é: agus scriosfa se na huile chiontoigh.
Agus as mían rinn gach áon aguibh do thaisbéunadh na dúthrachda céudna chum láindearbhtha an dóthchais go deireadh: Ionnas nách mbiádh sibh lesgeamhuil, achd bhur luchd leanmhana ag an druing agá bhfuil oighreachd na ngeallamhnach tré chreideamh agus tré fhoighid.
Uime sin má deirséirghe sibh má ráon ré Críosd, íarruidh na neithe atá shúas, sa nionad ann a bhfuil Críosd na shuídhe ar deis Dé. Agus ó chuireabhair an duine núadh iomuibh, noch atá ar na athnúadhughadh a néolas do réir íomháighe an ti do chrúthaidh é: Mar nach bhfuil Gréugach agus Iúduighe, timchillghearradh agus neamhthimchillghearradh, duine barbartha, agus Scitían, dáor agus sáor: achd Críosd na uile agus ann sna huilibh. Uime sin cuiridh iomuibh, mar chloinn thoghtha, náomhtha ionmhuin Dé, innighe trócaire, cáoine, úmhlachd inntinne, ceandsachd, agus foighid; Ag tabhair íomchair dhá chéile, agus ag maitheamh dhá chéile, má tá gearan ag neach a nadhuigh aroile: amhuil tug Críosd maitheamhnas díbhse, go madh hamhluidh sin dhéunas sibhse. Achd ós cionn na neitheannsa uile biodh aguibh carrthannachd, noch as coimcheangal diongmháltachda ann. Agus bíodh siothcháin Dé ag ríaghlughadh bhur gcroidheadh, chum a bhfuiltí fós ar bhur ngairm a néunchorp; agus bíghidh buidheach. Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean. Agus gidh bé ar bith ní dhéuntaói a mbreithir nó a ngníomh, déantar íad uile a nainm an Tíghearna Iósa, ag breith bhuídheachais díbh ré Día eadhon an Tathair thrídsion. A mhnám, bíghidh úmhal da bhur bhfearuibh, mar is cubhaidh sa Dtíghearna. A fhiora, grádhuighe bhur mná, agus ná bíghidh searbh dhóibh. Bíodh bhur ndúil sna neithibh atá shúas, agus ní sna neithibh atá air talamh.
Tabhair aire dhuit féin, agus do theagusg; comhnuigh ionnta: oír dá ndéuna tú sin sáorfuidh tu thú féin, agus an drong éisdeas riot.
An té, gheibh achmhusan minic agus chruáidhighios a mhuinéal, milltear é go hobann, agus gan tártháil.
Atá an mhéid aguibh sháorthar trés an réachd, ar bhur ndealughadh ré Críosd; so thuiteabhair ó ghrás.
Do chláonadar uile, atáid síad a néinfheachd ar na ndéunamh mítharbhach; ní bhfuil neach ann do dhéunadh maith, ní bhfuil, go héinneach.
Do shaltair tú síos an mhéid do chuáidh a mugha ód reachdaibh: óir is neimhfhírinne an gangaid.
Agus bíghidh bhar luchd na bréithre chur a ngníomh, agus ní bhur luchd a héisdeachda amháin, dá bhur mealladh féin.
Feuchuidh sibh féin, an bhfuil sibh sa gcreideamh; cúartuighe sibh féin. A né nach feasach sibh oruibh féín, go bhfuil Iósa Criosd ionnuibh, achd muna dáoine éidearbhtha sibh.
A dubhairt Iósa an tansin ré na dheisciobluibh, Más áill le neach teachd am dhiaghsi, díultadh sé dhó fein, agus tóghadh sé a chros, agus leanadh se misi. Oír gidh bé neach lé nab mían a anam féin do chumhdach caillfidh sé é: agus gidh bé neach chaillfeas a anam arm o shonsa do gheabha sé é. Oír créd é a tharbha do dhuine, da ngnodhuigheadh sé an domhan uile, agus a anam féin do leígean a mugha? No créd í an mhalairt do bheuradh duine ar son anma féin.
Oir ma nar choigill Día na géuga nadúrtha, dob éidir nach ccoigéoladh sé thusa mar an gcéadna. Ar a nadhbharsin tabhair dod aire toirbheartas agus buirbe Dé: a bhuirbe, do tháobh na muinntire do thuit; achd a thoirbheartas, duitsi, dá bhfana tú ann a thoirbheartus: nó gearrfuidhear thusa mar an gcéudna.
A chaired grádhach, íarruim dathchuinge oruibh mar dhéoruidhibh agus oilirthibh, sibh féin do sheachna ar ainmhíanuibh na colla, noch bhíos ag cáthughadh a naghuidh a nanma.
Oír, féuch, an lucht théid а bhfad uáit meithfid síad: scriosfair gach áon dá ttéid ré stríopachus uáit.
Acht do rinne bhur cciontasa dealughadh idir sibhsi agus bhur Ndía, agus dfoluigheadar bhur bpeacuidhe a aghaidh uáibh, go nach ccluinfidh sé.
A chairde, na creidigh gach éin spiorad, achd dearbhuidh na spioruid an ó Dhía atáid: óir do chúadar morán dfáidhibh fallsa amach fán domhan.
Oír a deirim, ré gach áon eadruibhse, trés an ngrás do tugadh dhamh, gan ghabháil ré a ais ní do thuigsin ós cionn a neithe is iomchubhaidh dhó do thuigsin; achd a thuigsi do bheith réir mheasarrdhachda, amhail as do roinn Día ré gach áoinneach miosúr creidimh.
Achd íarradh sé maille ré creideamh, gan bheith amhrusach air éunchor. Oir an tí ar a mbí amhrus is cosmhuil é ré tuinn fhairge ghluáisdear ris an ngaóith agus bhíos dá tiomáin a nunn san all.
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Cáin, ciodh fá bfhuil tú feargach? agus créud far chláochluidh tú do chruth? Má ní tú go maith, nach nglacfuighthear thú? agus muna ndéarna tú go maith, atá an péacadh na luighe ag an dorus, agus biáidh a fhonn chugadsa, agus riaghlochuidh tú ós a chionn.
Ní chuirfiod cúis urchóideach ar bith ós coinne mo shúl: is beag orum gníomhartha na ndaóine noch chláonas; ní cheangoluidh sé dhíom.
Toíghfiodsa mar an ccéadna a ttríollasan, agus do bhéara mé a neagla orra; do bhrígh nar fhreagair áon, a nuáir do ghoir mé; a nuáir do labhair mé, ní chúaladar: achd do rinneadar olc ós coinne mo shúl, agus do thoghadar an ní ann nar dhúiligh mé.
Giodh bé nach bhfuil leamsa a tá sé a maghaidh; agus giodh bé nach ccruinnigheann leamsa scahuighe sé.
Gan tréigean an chomhchruinnighe do níomaóid a gceann a cheile, do réir nóis dhruinge áirighe; achd ag teagusg a chéile: agus go madh móide dhéanam sín, an mhéid as léir dhibh an lá úd ag drúd rinn.
An tí chreideas a Mac Dé atá an fhíadhnuise aige ann féin: an tí nach ccreideann Día do rinne sé bréugach é; do bhrígh nar chréid sé don fhiadhnuise noch do rinne Día a dtáobh a Mhic.
Achd a deir an Sbiorad go follas, go dtréigfidh dream áirighe an creideamh sna haimsearuibh deigheanacha, ag tabhairt aire do sbioraduibh seachranacha, agus do theagusguibh deamhan;
Oír do bhfearr dhóibh gan eólas do bheith aca ar shlíghe na firéuntachda, ná tar éis eólais dfaghail, impogh dhóibh ó náithne náomhtha tugadh dhóibh.
Achd boidh go ndéanamáoisne, no aingeal ó neamh, soisgéul eile do sheanmóir dháoibh tar an tsoisgéul do rinneamar do sheanmóir dháoibh cheana, bíodh sé malluighe.
Ann sin do gheabhuid móran adhbhar oilbheime, agus braithfid dáoine a cheile, agus bíaidh fúath aca dhá chéile.
Ar a nádhbharsin, a chaired, ó atá fios aguibh roimh láimh, tuguidh aire ribh, deagla ar mbeith meallta ré seachrán na druinge neimhdhíagha sin, go dtuitfeadh sibh ó bhur ndiongmhaltachd féin.
Oír dá bpeacuigheam dantoisg tar éis éolais na fírinne do ghabháil chuguinn, ní fhagthar íodhbairt aguinn ní sa mhó ar son na bpeacadh, Achd feitheamh báoghlach ris an mbreitheamhnus agus ré teas na teineadh, noch shluigfeas na námhuid.
Ná mealladh éunduine síbh ar ghléus ar bith: óir ni thuicfa an lá sin muna dtiucfaidh tréigean ar tús, agus go bhfoillseochar an duine peacthach, mac an damnuighe;
Agus an dream úd air an gcarruic, noch an tan do chluinid, gabhuid chuca an briathar maille lé gáirdeachus; achd ní bhfuil fréamh aca so, noch chreideas feadh tamuill, agus fhilleas ar a nais a naimsir an chathaigthe.
Oir tiucfuidh aimsir nach mbiáidh fulang aca ar theagusg fhallái; achd ar mbeith dá gclúasuibh lionta do thochas cruinneóchuid síad dhóibh féin do réir a nainmían iomad teagusgóir;
Tuguidh aire ribh, a dhearbhráithre, nách mbiáidh dhroch chroídhe gan chreideamh ag éinneach aguibh uáir ar bith, ré dtuitfeadh sibh ón Día bheó.
Agus bíodh a fhios so agad, go dtiucfuid aimseara báoghlacha sna laethibh déigheanacha. Achd do lean tusa mo theagusga, réim mo bheatha, mo rún, mo chreideamh, mo cheannsachd, mo ghrádh, agus mfoighid, An ghérleanmhuin, an pháis, a dfulaing mé a Nantióchia, a Nicónium, agus a Lisdra; créd é méid na gérleanmhana diomchuir mé: achd do sháor an Tighearna mé úatha uile. Agus fós, an mhéid ler mían a mbeatha chaitheamh go díagha a Niósa Críosd fuileónguin síad gerleanmhuin. Achd na drochdháoine agus na mealltóirighe rachuid air a naghuidh sa nolc, ag mealladh, agur ar na mealladh dhóibh. Achd comhnuighse sna neithibh do fhóghluim tú agus do fágbhadh táobh riot, ar mbeith a fheasa agad cía ór fhoghluim tú íad; Agus ó bhí tú ad leanabh go raibh eólas na sgrioptúr náomhtha agad, lér féidir do dhéunamh éagnuidhe chum slánaighthe trés an gcreideamh noch atá a Niósa Críosd. Is ó Sbioruid Dé tháinic an sgriobtúir uile, agus is tarbhach é chum teaguisg, chum spreagtha, chum ceartuighthe, chum foirceaduil na fíréuntachda: Ionnus go mbíadh óglach Dé diongmhalta, agus ullmhuighe go hiomlán chum na huile dhéaghoibhre. Oír béid dáoine rócheanamhuil orrtha féin, sanntach, aidhbhéil, díomsach, íthiomráiteach, easúmhal dá naithribh agus dá máithribh, dómbuidheach, neamhnáomhtha, Gan ghrádh nadúrtha, luchd drochchoinghill, luchd éilighe bréugacha, neímhmeassardha, borb, gan ghrádh don mhaith, Luch bratha, mearrgánta, áirdinntinneach, luchd ghrádhaigheas sáimhe ní sa mhó na Día; Leigeas orrtha féin bheith díagha, achd do dhíult do chúmhachd na díaghachda: agus seachainse a samhuil sin.