2 Tiomóid 2:12 - An Bíobla Naofa 198112 Má sheasaimid an fód, beimid inár ríthe leis chomh maith. Má shéanaimid é, séanfaidh seisean sinn. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)12 má bhímid buanseasmhach, beidh an réim ríochta againn leis freisin; má dhiúltaímid dó, diúltóidh sé dúinn freisin; Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)12 má sheasaimíd go dian, riaghlóchaimíd i n‐éinfheacht leis: má shéanaimíd é, séanfaidh seisean sinne, leis: Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)12 Má nimíd fúlang bíam a rioghachd mar an gcéudna maille ris: dá séunam é, séunfa seision sinne mar an gceudna: Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201212 Má sheasaimid an fód, beimid inár ríthe leis chomh maith. Má shéanaimid é, séanfaidh seisean sinne. Féach an chaibidil |
Agus chonaic mé na ríchathaoireacha agus daoine ina suí iontu ar tugadh údarás breithiúnais dóibh; agus chonaic mé anamacha an dreama úd a dícheannadh ar son a bhfianaise ar Íosa agus ar son bhriathar Dé, nár shléacht don bheithíoch ná dá dhealbh, agus nár ghlac a mharc ar a n‑éadan ná ar a lámh. Tháinig an t‑anam iontu agus rialaigh siad míle bliain le Críost.