Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Peadar 1:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 Má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 Agus má bhíonn achainíocha athar agaibh ar an té a thugas breith chothrom ar gach duine de réir a ghníomhartha, iompraígí sibh féin go hurramach omósach ar feadh tréimhse bhur ndeor-aíochta.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus má ghlaodhann sibh airsean mar Athair, do‐bheir breith do réir oibre gach duine, gan meas do thabhairt ar phearsain duine seachas a chéile, caithidh aimsear bhur ndeoraidheachta le h‐eagla:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Agus dá ngoiridh sibh Athair don tí do ní breitheamhnus do réir gníomha gach aóin gan féuchain do phearsuinn seach a chéile, caithidh aimsir bhur noilirthe maille ré faitcheas:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 Má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta.

Féach an chaibidil Cóip




1 Peadar 1:17
33 Tagairtí Cros  

Dúirt Iacób le Forann: “Tá céad agus deich mbliana fichead de shaol síorthaistil caite agam; ní fada ná ní fónta blianta mo ré agus níl siad chomh fada le blianta saoil m'aithreacha ina síorthaisteal.”


Óir is coimhthígh sinn agus lucht cuairte i do láthair, dála ár sinsear go léir; is cuma ár seal ar talamh nó scáth gan aon tathag.


Bíodh eagla an Tiarna oraibh anois; tugaigí aire dá mbíonn idir lámha agaibh, mar níl aon bhaint ag an Tiarna ár nDia le calaois ná leathchuma ná le breaba a ghlacadh.”


Agus nach mbeadh lé aige le flatha, Ná le saibhre thar na boicht, Mar gur óna láimh féin iad uile.


An uair a smachtaíonn tú an duine le hachasán i ngeall ar a pheaca leánn tú mar leamhan an ní is luachmhar leis; níl in aon neach ar bith ach puth anála.


Leathfaidh mé a lámh os cionn na mara agus a dheaslámh os cionn na n‑aibhneacha.


Bíonn fear na céille gaoismhear ach bíonn an t‑amadán gan smacht gan aire.


Is méanar don té ar a bhfuil eagla [an Tiarna] i gcónaí, ach an té a chruann a chroí, titfidh an tubaiste sa mhullach air.


Agus bhí mé ag ceapadh: Cé mar ba mhaith liom thusa a áireamh ar mo chlann mhac, agus go dtabharfainn duit dúiche aoibhinn, an oidhreacht is deise ar na ciníocha uile. Cheap mé go dtabharfása orm: rí Athair liom, agus nach n‑imeofá go deo ó mo lorg.


“Is ea, tabharfaidh mé ansin beola glana do na ciníocha chun go nglaofaidh cách ar ainm an Tiarna, agus chun go bhfónfaidh siad dó de thoil a chéile.


Óir tá Mac an Duine le teacht faoi ghlóir a Athar lena chuid aingeal, agus ansin cúiteoidh sé le gach duine de réir mar a rinne.


agus chuir siad a ndeisceabail féin chuige mar aon leis na Héaródaigh chun a rá leis: “A Mháistir, tá a fhios againn gur fear fírinneach thú agus go múineann tú slí Dé san fhírinne gan beann agat ar dhuine ar bith, agus gan féachain do phearsa seachas a chéile.


Seo mar a dhéanfaidh sibhse guí: Ár nAthair, atá ar neamh, go naofar d'ainm;


Tá go maith, ach is mar gheall ar easpa creidimh a scoitheadh iad agus is é do chreideamh atá do do choimeádsa suas. Ná bíodh aon éirí in airde ort, dá bhrí sin, ach eagla.


Grásta agus síocháin chugaibh ó Dhia an tAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.


Bímid lán de mhisneach i gcónaí dá bhrí sin, cé go bhfuil a fhios againn fad atá ár gcónaí sa chorp go bhfuilimid ar deoraíocht ón Tiarna.


Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcrích faoi eagla Dé.


Féach an toradh a bhí ar an mbuairt sin a chuir Dia oraibh; cad é mar dhúthracht a chothaigh sí ionaibh, cad é mar fhonn cosanta, cad é mar mhíchéadfa, cad é mar fhaitíos! Cad é mar dhíograis agus mar fhonn cúitimh a spreag sí ionaibh! Chruthaigh sibh go raibh sibh neamhurchóideach sa ghnó seo ar fad.


Ach i dtaca leis na daoine measúla orthu - is cuma liomsa a chéimiúla a bhí siad mar ní fhéachann Dia ar phearsa seachas a chéile - ach níor chuir na cinn urra seo aon dualgas breise ormsa,


Bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air.


Sin é an fáth a dtéim ar mo ghlúine i bhfianaise an Athar


Agus sibhse, a mháistrí, déanaigíse mar an gcéanna dóibh; caithigí uaibh an bhagairt agus bíodh a fhios agaibh go bhfuil an Máistir céanna agaibhse agus acusan ar neamh agus gur cuma leis siúd duine seachas a chéile


Óir is é an Tiarna bhur nDia Dia na ndéithe, agus Tiarna na dtiarnaí, an Neach mór, caithréimeach, uafar, thar gach leathchuma agus thar gach breab.


Dá bhrí sin, a mhuintir na páirte, faoi mar a rinne sibh rud orm i gcónaí agus mé in bhur measc, déanaigí rud anois orm níos mó ná riamh agus mé i bhfad uaibh, agus saothraígí bhur slánú faoi uamhan agus faoi eagla,


Agus cúiteofar an éagóir le fear déanta na héagóra chomh maith céanna mar níl aon leatrom [ag baint le Dia].


Ach tá ríocht dhochroite á fáil againne. Dá bhrí sin bímis buíoch agus sa tslí sin tugaimis do Dhia an t‑adhradh is taitneamhach leis go hurramach ómósach.


Dá bhrí sin, cé go seasann an gealltanas faoi dhul isteach ina áitreabh suaimhnis go fóill, bíodh imní orainn ar eagla go measfaí go bhfuil teipthe ar aon duine agaibh é a bhaint amach.


A chairde cléibh, impím oraibh, mar choimhthígh agus mar dheoraithe, staonadh ó ainmhianta na colainne a bhíonn ag cogaíocht leis an anam.


Bíodh urraim in bhur gcroí istigh agaibh do Chríost mar Thiarna. Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí