Íseáia 66:4 - An Bíobla Naofa 19814 Ar an gcuma chéanna, roghnóidh mé féin amhgar dóibhsean, agus tarraingeoidh mé orthu na rudaí is mó is eagal leo. Óir ghlaoigh mé agus níor fhreagair aon duine, labhair mé agus ní raibh aon duine ag éisteacht. Rinne siad an rud a b'olc i mo shúile, agus an rud a thaitneodh liom, níorbh áil leo. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)4 Toíghfiodsa mar an ccéadna a ttríollasan, agus do bhéara mé a neagla orra; do bhrígh nar fhreagair áon, a nuáir do ghoir mé; a nuáir do labhair mé, ní chúaladar: achd do rinneadar olc ós coinne mo shúl, agus do thoghadar an ní ann nar dhúiligh mé. Féach an chaibidil |
Cén fáth, nuair a tháinig mé, nach raibh aon duine ann romham, agus nuair a ghlaoigh mé, nach raibh duine le mé a fhreagairt? An amhlaidh, dar libh, atá mo lámh róghearr chun fuascailte? An é nach bhfuil cumas ionam chun tarrthála? Focal aithise uaim agus triomaím an fharraige, déanaim gaineamhlach de na haibhneacha; tá a gcuid éisc marbh cheal uisce agus ag morgadh leis an triomach.
Dá bhrí sin, labhair leo; abair seo leo: ‘Seo mar a deir an Tiarna Dia: Cibé fear de mhuintir Iosrael a bhfuil a chroí istigh sna híola atá aige agus a bhreathnaíonn le taitneamh ar bhunchúis a urchóide agus a thagann ina dhiaidh sin chuig an bhfáidh, gheobhaidh sé freagra uaimse, an Tiarna, mar gheall ar iomad a íol’,