Do labhair Iósa riú a rís, ag rádh, Is misi solus an dómhain: gidh bé leanus misi, ní shiobhalfa sé a ndorchadas, achd do ghéubha sé solus na beatha.
Oír is lóchrann a naithne; agus is solus an dligheadh; agus a síad iomaithbhear an teagaisg slighe na beatha:
Is sibhsi solus an domhain. Ní héidir cathair atá ar na suighiughadh ar shlíabh dfolach. Agus ní lasaid dáoine coinneal do, chum go gcuirfidis fa bhéul buiséal í, achd a gcoinnléoir; agus ní sí solas dá a mbíonn a stigh. Go madh mar sin dhealróchus bhur soillsisi a bhfíaghnuisi na ndáione, a gcrúth go bhfaicfidh síad bhur ndeaghoibrighthe, agus do dtiobhruid glóir dá bhur Nathair atá ar neamh.
Agus atá aguinn bríathar na bhfáidheadh as deimhnighe ná sin; dana maith do ní sibh aire do thabhairt, amhuil do lóchrann shoillsigheas a nionad dhorcha go soillsiughadh an láoi, agus go héirghe do réult na maiden ann bhur gcróidhthibh:
Ise an TIGHEARNA mo sholus agus mo shlánughadh; cía re a mbiáidh eagla agum? sé an TIGHEARNA neart mo bheatha; cía budh eagal damh?
Oír do bhábhair ar uáiribh bhar ndorchadus, achd a nois bhár sola sa Dtíghearna: siubhluibh mar chloinn an tsolais. (Oír atá toradh na Sbioruide sa nuile mhaith agus fhíreuntachd agus fhírinne;)
Ann san do bhí beathal agus dob í an bheatha solus na ndáoine. Agus do bé Aindrías, dearbhráthair Shiomoin Peadair, fear don dís do bhí ag eisdeachd ré Heóin, agus do lean eisean. A sé so fúair a dhearbhrathair féin Siomón, agus a dubhairt sé ris, Fúaramar an Messias, as sé sin, ar na eidirmhiniughadh, an Críosd. Agus rug sé chum Iósa é. Agus ar bhféuchain Díosa air, a dubhairt sé, As tusa Siomón mac Ióna: goirfidhear Céphas díot, dár ab ciall, Carraig. Ar na mhárach bá mían lé Híosa dul don Ghalilé, agus fuáir sé Philib, agus a dubhairt sé ris, Lean misi. Agus do budh as Betsaída Philib, cathair Aindrías agus Pheadair. Fuáir Philib Natánael, agus a dubhairt sé ris, An té air ar sgríobh Máoisi ann sa reachd, agus na fáidhe, fúaramar é, Iósa ó Násarér, mac Ióseph. Agus a dubhairt Natánael ris, An éidir ní maith air bith bheith ó Násarét? A dubhairt Philib ris, Tar agus féuch. Do chunnairc Iosa Natánael ag teachd chuige, agus do labhair sé agus adir úime, Féuch an Tisraélach fírinneac ann nach bhfuil meabhuil! A dubhairt Natánael ris, Cionnas aithnigheas tú mé? do fhreagair Iósa agus a dubhairt sé ris, Ní as táosga ná ghoir Philib thú, an tráth do bhí tú fáoi an gcrann fíge, do chunnairc me thú. Do fhreagair Natánael agus a dubhairt sé ris, Rabbi, as tusa Mac Dé; as tú Rí Israél. Agus soillsighidh an solus sin ann sa dorchadas; agus níor ghabh an dorchadas chuige é.
Agus a sí so an teachdaireachd do chúalamar úadhsan, agus fhoillsigheamáoid dhíbhse, eadhon gur solas é Día, agus nach bhfuil dorchadus ar bith ann. Dá nabram go bhfuil cumann aguinn ris, agus sinn ag siubhal a ndorchadus, do nímid bréug, agus ní leanmáoid an fhírinne. Achd da siubhlam sa tsolas, amhuil atá seision sa tsolas, atá cumann aguinn ré chéíle, agus glanuidh fúil Iósa Críosd a Mhicsion sinn ó nuile pheacadh.
Acht bí slíghe a nfíréin amhuil solus lonnrach, noch shoillsighios ní sa mhó agus nísa mhó go nuige an lá iomlán.
Cuir chugam do sholus agus thfírinne: tréoruighdís mé; tugaidís mé chum do chnuic náomhtha, agus chum hionaid comhnuighe.
Ag soillsiughadh súl bhur ccroidhe; chum a fheasa do bheith aguibh créud í muinighin a ghlóire a óighreachda sna náomhuibh,
Ag breith bhuídheachais ris a Nathair, noch do rinne sinne iomchubhaidh chum coda dóighreachd na náomh sa tsoillse: Noch do sháor sinn ó chúmhachduibh an dorchaduis, agus do atharruigh sinn go rioghachd a Mhic ionmhuin féin:
Achd is cinéul toghtha sibhse, sagartachd ríogha, cineadh náomhtha, pubal ar leith; ionnus go bhfoillséochadh sibh subháilcidhe an tí do ghoir sibh as dorchadus chum a sholais iongantuigh féín.
An pobal do shiubhuil a ndorchadus do chonncadar solus mór: an mhuinntir do chomhnuidh a ttír scáile an bháis, orra sin do lonnruigh an solus.
Uime sin a dubhairt Iósa ríu, Atá an solus bhur measg fós ar feadh tamuill bhig. Siubhlaidh an feadh bhías an solus aguibh, deagla go mbéuradh an dorchadus, oruibh: Oír gidh bé shiobhlus ann sa dorchadus, ní feas do gá háit a ngabhann sé. An feadh atá an solus aguibh, creididh ann sa tsolus, do chum go madh clan don tsolus sibh. Do labhair Iósa na neithesi, agus ar nimtheachd dó, do fholuigh sé é féin úatha.
Misi an TIGHEARNA do ghoir thú a bhfiréantachd, agus coinneocha mé do lámh, agus comhéadfad thú, agus do bhéarad thusa mar chunradh don phobal, mar sholus do na geintibh; Dfoscladh na súl ndall, do thabhairt na bpríosúnach amach as an bpríosún, agus na muinntire shuidhios a ndorchadas amach as tigh an phríosúin.
Atáid reachda an TIGHEARNA ceart, ag gáirdiughadh an chroidhe: atá áithne an TIGHEARNA fiorghlan, ag tabhairt radhairc do na súilibh.
An pubal do bhí no shuidhe a ndorchadas do chunnairc sé soillse mhór; agus atá solus ar neirghe do na dáoinibh atá na suidhe a gcrich agus a sgáile an bháis.
Cuirfidh tú fós ní romhad, agus daingneochthar dhuit é: loinnearfuidh an solus ar do shlighthibh.
Agus as é so an damhnughadh, do bhrigh go dtáinig an solus air a tsáoghal, agus gur mó ghrádhuigheadar na dáoine an dorchadas ná an solus, ar son go bhfuilid a noibreacha go holc. Taínig sé so chum Iósa ann sa noidhche, agus a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, atá a fhios aguinn gur ab ó Dhía tháinig tusa ad fhear teagaisg: oír ní heidir lé héinneach na comharthuidhe so do ní tusa do dhéunamh, muna mbeith Día maílle rís. Oír gidh bé do ní olc, fúathaighidh sé an solus, agus ní thig sé chum an tsolais, deagla go ndiomolfuidhe a oibreacha. Achd gidh bé do ní an fhirínne thig sé chum an tsoluis, ionnus go mbeidís a oibreacha follus, tré gur ab a Ndía atáid siád ar na ndéunamh.
Agus má tháirngionn tú hanam amach do nocrach, agus go sáiseocha tú an tanam deireóil; annsin éireochuidh do sholus annsa dorchadus, agus biáidh do dhorchachd amhuil meadhón an laói:
Oír a sé an Día, do aithin don tsolas soillsiughadh as an dorchadus, do dhealruidh ann ar gcroidhibhne, chum soillsi éolais ghlóire Dé do thabhairt uáinn a ngnúis Iósa Críosd.
Cuir do dhóigh a Ndía re do uile chroidhe; agus ná bí táobh ré do thuigsi féin. Ann do shlighthibh uile admhuigh eision, agus do dhéana sé do shlighthe díreach.
Tré thrócaire ro mhóir ar Ndia féin; lér fhiosruigh sé sinn ag éirghe ón ionad árd, Do thabhairt soillsi don droing do bhí na suidhe a ndorchadas agus a sgáile an bháis, agus do dhíorghadh ar gcos a slighe na síothchána.
Eirghidh solus don droing dhírigh san dorchadas: don ghrásamhuil, don trócaireach, agus do nfíréan.
A dubhairt Iósa ris, As misi an tslighe, agus a nfírinne, agus a bheatha: ní thig áonduine chum a Nathar, achd tríomsa.
¶ Cía atá bhur measg air a bhfuil eagla an TIGHEARNA, umhluighios do ghuth a sheirbhísigh, shiubhluighios a ndorchadus, agus ag nach bhfuil solus ar bith? cuireadh sé a dhóigh a nainm an TIGHEARNA, agus seasadh sé ar Dhía.
Agus a dúbhairt sé, Is ní éattrom go mbeitheása ad sheirbhíseach agumsa do thógbháil tréabha Iácob súas, agus daiseág ar cumhduigheadh Disrael: do bhéara mé fós thú mar sholus do na geintibh, chor go madh tú mo shlánughadh go teóruinn na talmhan.
Oír is tusa mo choinniollsa, a THIGHEARNA: agus soillseochuidh an TIGHEARNA mo dhorchadus.
Agus do bhéaruidh sé amach thfíreuntachd mar an solus, agus do bhreitheamhnus mar sholus an mheadhon laói.
Sí an tsúil solas an chuirp: uime sin ma bhíonn do shúil glan, biáidh do chorp uile soillseach. Achd dá raibh do shúil go holc, biaidh do chorp uile dorcha. Air a nadhbharsin ma atá an solus atá ionnad na dhorchadus, créud é méud an dorchaduis sin!
Gidheadh bíd na huile neithe follas ar mbeith dhóibh diomolta ón tsolas: óir a sé an solas do ní gach ní gach ní foillsighe. Uime sin a deir sé, Músguil a dhuine átá ad chodladh, agus éirigh ó na mharbhuibh, agus do bhéura Críosd solas duit.
As fírinne tosach do bhreithre: agus biaidh huile bhreitheamhnuis fíréanta go síorruidhe.
Fagh críonnacht, fagh tuigsi; ná dearmuid í: agus ná cláon ó bhríathraibh mo bhéilse. Ná tréig í, agus cuimhdeochuidh si thú: grádhuigh í, agus coimhéadfuigh sí thú. Asi a neagna an ní is oirdheirce; uimesin fagh eagna: agus maille red uile fhagháil fagh tuigse.
Agus ar mbeith dhúinn uile, gan folach air ar nadhuigh ag féuchuinn ghlóire an Tighearna amhuil do bhíadh a sgathán, curthar a náithearrach crotha sinn sa niomháigh chéudna sin ó ghlóir go glóir, ré Sbioruid an Tighearna.
Ionnus go mbiáidh sibh neimhchiontach agus neamhurchóideach, bhur gcloinn neamhlochduigh ag Día, a measg dhroichchinidh chrosda, eidir a bhfuil sibh ag deallrughadh mar lóchrannuibh soilse sa tsáoghal; Ag síneadh bhréithre na beatha uáibh amach; ionnus go dtiucfadh dhíomsa mórdháil do dhéunamh a ló Chríosd, nár rioth mé go díomháoin, agus nár sháothruidh mé go díomháóin.
Oír dfúascail tú manam ó bhás: nach saórfa tú mo chosa ó leagadh, chum go siubhola mé go diongmhalta a lathair Dé a solus na mbéo?
Oir atá bríathar Dé beó, agus bríoghmhar, agus ní sa ghéire ná clóidheamh ar bith dhá fháobhar, agus téid sí thrín a steach go roinn a nanma agus na sbioruide, na nalt agus an smeara ré chéile, agus is breathamh í ar smúaintighibh agus ar bhreathnuighibh an chróidhe.
Ní budh hé an ghrían feasda do sholus annsa ló; agus ní hi an ghealach bhéuras solus mar loinnir dhuit: acht isé an TIGHEARNA bhus solus síorruidhe dhuit, agus do Dhía do ghlóir. Oír, féuch, foileochuidh an dorchadus an talamh, agus dorchadas tiugh an pobal: acht éireochuidh an TIGHEARNA ortsa, agus do chífighear a ghlóir ort. Ní rachuidh do ghrían faói ní as mó; agus ní sheachona do ghealach í féin: óir isé an TIGHEARNA bhus solus síothbhúan duit, agus críochnochthar láethe do ghubha.
Agus do háthruigheadh a chruth an a bhfiadnuisi: agus do dheallruigh a aghuidh mar an ngréin, agus do rinneadh a éuduighe geal mar an solas.
As clan na soillse sibh uile, agus clan an laói: ní clan do noidhche, ná don dorchadas sinn.
Do chuáidh a noidhche thorainn, agus do dhruid an lá rinn: uime sin teilgeam uáinn oibreacha an dorchaduis, agus cuireann umainn éideadh an tsolais.
Agus do bhéara mé na daill a slighe nach aithne dhóibh; tréorochuidh mé íad a slighe nar bhfeas dóibh: do dhéana mé an dorchadas na sholus rompa, agus na neithe cama díreach. Ag so na neithe dhéanas mé dhóibh agus ní thréigfe mé íad.
¶ Ná gáirdigh am aghaidh, ó mo námhuid: a nuáir thuitfios mé, éireocha me; an tan shuighfios mé a ndorchadus, biáidh an TIGHEARNA na sholus damh. Iomchoruidh mé díbhfhearg an TIGHEARNA, do bhrígh gur pheacaidh mé na aghaidh, nó go ttagra sé mo chúis, agus go mbéara breath ar mo shon: do bhéara sé amach chum an tsoluis mé, agus do chífidh mé a dhioghrus.
Teagosfa mé thú, agus múinfead thú san tslighe iona ngéubhair: do bhéar comhairle dhuit ré mo shúil do beith ort.
Iarruigh, agus do bhéurthar dhaóibh; lorgairídh, agus do gheabhtháoi; búalidh an dorus, agus oisgéoltar dháoibh: Oír gach uile neach iárrus glacuidh sé; agus giodh bé lorgaireas do ghéibh sé; agus is don té bhuaileas an dorus oisgéoltar.
Oír cuirfe se dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile.
A sí an tsúil solus an chuirp: ar a nadhbharsin a núair bhias do shúil glan, biáidh do chorp uile soillseach; achd dá raibh do shúil go holc, biáidh do chorp mar an gcéadna dorcha. Dá brígh sin tabhair haire riot nach biáidh an solus atá ionnad na dhorchadus. Ar a nadhbharsin dá raibh, do chorp uile soillseach, gan éanchuid dhe dorcha, biáidh an tiomlán soillseach, amhail mar dheallruigheas coinneal thú ré na soillse.
Agus má deirim, Foileochuidh an dorchadus mé go deimhin; biáidh a noidhche go dearbhtha na solus am thimchioll. An dorchadus féin ní dhorchuighionn uáitsi; agus do bheir a noidhche solus úaithe mar an lá: mar an ndorchadus is amluidh sin atá an solus.
Agus ní bhiáidh óidhche ann sin; agus ní bhfuil uireasbhuidh lóchruinn, ná solais gréine orrtha; óir do bheir an Tíghearna Día solas dóibh: agus béid síad na ríoghuibh go sáoghal na sáoghal.
Achd an Comhfhurtáightheóir, an Spiorad Náomh, noch chuirfeas an Tathair úadh a mainmsi, múinfidh sé na huile neithe dhibh, agus cuirfidh sé a ccuimhne dhibh, gach uile ní dhá ndubhairt misi ribh.
Is fogus an TIGHEARNA da gach aon ghoirios air, do gach áon ghoireas air a bhfírinne. Coimhlíonfa sé mían na druinge air a bhfuil a eagla: agus cluinfe sé a ngáir, agus sáorfa sé íad.
¶ Annsin bhrisfios do sholus amach mar an maidin, agus sgiunfidh do shláinte amach go lúath: agus rachaidh hionnracus romhad; cruinneochuidh glóir an TIGHEARNA thú.
Agus do chuáidh an TIGHEARNA rompa san ló a bpíleir néill, do mhúnadh na sligheadh dhóibh agus sa noidhche a bpíleir thíneadh, do thabhairt soluis dóibh, do imtheachd do ló agus doidhche. Níor chorruigh sé úatha an piléir néill san ló, nó an piléir tineadh sa noidche, as fiadhnuise an phobuil.
Agus thug sé amach íad as dorchadus agus scáile an bháis, agus do bhris a ccuibhrighthe o cheile.
An té choimhéadas teagasg atá sé a slighe na beatha: acht an té dhíultas smachtughadh atá sé air seachrán.
Agar dháll día an tsáoghailse a ninntinn noch atá ar dhíth creidimh, ionnus nach bíadh soillse shoisgéil ghlórmhair Chríosd, noch is íomháigh Dé, ag dealrughadh dhóibh.
Eísd re comhairle, agus glac teagasg, chor go mbía tu glic ad chrích dheighíonuigh.
Oír is mar so do ghrádhuigh Día an domhan, go dtug sé a éighein Meic fein, ionnus gidh bé chreideas ann, nachd rachadh sé a mugha, achd go mbeith an bheatha shiorruidhe aige. Oír níor chuir Día a Mhac féin air a tsáoghal do chum go ndaimnéochadh sé an sáoghal; achd do chum go sláinéochaidh an sáoghal third.
Chum a súl dosgladh, agus chum a bhfillte ó dhorchadus chum an tsolais, agus ó chúmhachdaibh Shatáin chum Dé, chum maithfeachais na bpeacadh dfágháil dóibh, agus oidhreachda a measg na muinntire atá ar na náomhadh tré chreideamh ionnamsa.
Do tháobh Dé, atá a shlighe iomlán: do dearbhadh bríathra an TIGHEARNA: is scíath é do nuile chuirios a ndothchus ann.
Oír atá fios na smuáintigheadh smuáinim dá bhur ttáobh agum, a deir an TIGHEARNA, smuaintighthe síothchána, agus ní uile, do thabhairt críche agus dothchus díbh.
An so do foillsigheadh grádh Dé dhúinne, eadhon gur chuir sé úadha a éinghin Mhic air a tsáoghal, chum go mairfeadh sinne thríd.
Oír imeochuid na sléibhte, áthrochar na cnoic; acht ní imeochuidh mo chínealsa uáitsi, ní mo áthrochthar cunnradh mo shíothchána, a deir an TIGHEARNA do rinne trócaire ort.
Agus go líonaidh Día an dóthchais sibhse do gach uile gháirdeachus agus shoithcháin ó chreideamh dháoibh, ionnus go madh móide bhur ndóthchas, tré chúmhachdaibh an Spiorad Náoimh.
An té áitighios a núaingnios аn té is ro áirde do dhéana sé comhnuidhe ar scáth a Nuilechumhachtuigh. Ní bheanfa áonolc riot, agus ní thiucfa an phláigh a ccomhghar dot pháillíun. Oír cuirfe se dúalach air a ainglibh dot tháobhsa, dot choimhéad ann do shlighthibh uile. Iomchoruid thú ann a láimh, deagla go mbeanfadh do chos re cloich. Sailteorair air an leomhan agus air an Mbasilisc: do dhéanair saltairt air an leomhan óg agus air an ndragún. Do bhrígh go bhfuil grádh aige orumsa, saorfa mé é: áirdeochád é, do bhrígh gó ráibh fios manma aige. Goirfe sé orum, agus cluinfe misi é; atáimse aige iona bhuaidhreadh; do dhéanad a shaoradh, agus a ghlórughadh. Do dhéanad a ríar le fad laétheadh, agus foillseochad mo shlánughadh dhó. A déarad a ttaobh an TIGHEARNA, Mo dhídean agus mo dhaingion: mo Dhía; cuirfiod mo dhóthchus ann.
Uime sin tábhruidh dá bhur náire cionnas do thiucfadh ribh siúbhal go haireach: ní mar dhruing gan eagna, achd mar dhruing eagnuidhe, Ag fúasgladh na haimsire do bhrígh go bhfuilid na laethe go holc.
Go deimhin, deimhin, a deirim ribh, An té éisdeas rém bhréithirse, agus chreideas don té do chuir uádh mé, atá an bheatha mharrthanach aige, agus ní thiocfa sé chum damnuighthel achd datharruigh sé ó bhás go beathaidh.
Blaisidh, agus féuchuidh gur maith an TIGHEARNA: is beannuigh an duine agá mbí a dhóigh ann.
Beannuigh ó manam, an TIGHEARNA: agus mo íonathar uile, a ainm náomhtha. Ní do réir ar ccionta do rinne sé dhúinn; agus ní do réir ar néigceirt thug sé luáidheacht dúinn. Acht mar atá áirde na neamh ós cionn na talmhan, atá a oineach chomór sin don lucht air a bhfuil a eagla. Comhfhad atá a náird shoir ó náird shíar, do chuir sé ar bpeacuidhe uáinne. Mar bhíos truáighe ag athair dá chloinn, is marsin atá truáighe ag an TTIGHEARNA don lucht air a bhfuil a eagla. Oír is aithne dhó ar bhfoirm; cuimhnigh sé gur luáithreadh sinn. Atáid láethe an duine, mar an bhféur; mar bhláth an mhagha, is marsin bhías ag bláthughadh. Oir téid an gháoth thairis, agus ní bhfuil sé ann; agus ní aitheonuidh a ionad féin é ó sin amach. Acht atá trócaire an TIGHEARNA ó shíorruidheacht go síorruidheacht air an lucht air a bhfuil a eagla, agus a fhíréuntachd do mhacaibh mac; Don lucht choimhéudas a chunnradh, don lucht chuimhnighios a aitheanta dá ndéanamh. Do shuighidh an TIGHEARNA a chathaóir ríogha ar neamh; agus atá a rioghacht ag ríaghlughadh ós cionn a nuile. Beannuigh, ó manam, an TIGHEARNA, agus ná dearmaid a thiodhlaicthe uile: Beannuighesi an TIGHEARNA, a aingle féin, noch atá árrachdach a neart, ag comhall a aitheanta, ag tabhair aire do ghuth a bhreithre. Beannuighe an TIGHEARNA, a shluaghsan uile; a luchd fritheóilte, noch do ní a thoil. Beannuighe an TIGHEARNA, a oibreacha uile annsa nuile áit dá thighearnas: beannuigh ó manam, an TIGHEARNA. Noch mhaithios do chionnta uile; noch leighisíos huile easláintighe; Noch fhúasglas hanam ó scrios; noch chuirios coróin mhaitheasa agus thrócaireadha chinéulta ort; Noch shásuighios do bhéul ré maith; ata hóige ar na hathnúaghadh mar iolar.
A nuáir ghabhus tú thríd na huisgeadhuibh, biáidh misi ad fhochair; agus thríd na haibhnibh, ní fhoileochuid síad thú: a nuáir shíubholas tú thríd an tteine, ní loisgfighear thú; ní mó dheargfas an lasair ort.
Is beannuigh an fear nach siubhluighionn a ccomhairle na neimhdhiadhach, nach seasann a slighe na bpeacach, agus nach suighionn a suigheachán na ttárcuisneach. Acht atá a dhúil a ndligheadh an TIGHEARNA; agus iona dhligheadh smuaineann sé do ló agus doidhche.
Agus bíodh siothcháin Dé ag ríaghlughadh bhur gcroidheadh, chum a bhfuiltí fós ar bhur ngairm a néunchorp; agus bíghidh buidheach. Bíodh bríathar Chríosd na comhnuide ionnuibh go saidhbhir sa nuile éagna; dá bhur múnadh agus dá bhur dteagasg féin a salmuibh agus a bhfonnuibh molta Dé, agus a gcainticibh sbioradálta ag déunamh ceóil don Tíghearna ann bhur gcroidhthibh maillé ré gean.
Agus déigheadar chum an TIGHEARNA íona mbuáidhreadh, do sháor sé íad ó na gcumhgach. Agus thug sé amach íad as dorchadus agus scáile an bháis, agus do bhris a ccuibhrighthe o cheile.
Ná bíodh ró chúram neithe ar bith oruibh; achd sa nuile ní biodh bhur níarratuis foillsighthe do Dhía a nurnuighe agus a nathchuinge maille ré breith buidheachais. Agus coimhéudfuigh siothcháin Dé sháruigheas a nuile thuigse, bhur gcroidhthe agus bhur ninntinneacha a Níosa Críosd.
Agus atá a fhios aguinn go gcomhoibrigheann gach uile ní chum maitheasa do na daóinibh ghráduigheas Día, noch atá ar na ngairm do reir a órduighesion.
Cuimhdeochuidh an TIGHEARNA thú ó nuile olc: coimhéadfa sé hanam. Cuimhdeochuidh an TIGHEARNA do dhul amach agus do theacht a steach ó namsa amach, agus go síorruidhe.
Tigidh chugamsa, uile a bhfuiltí tuirseach agus fá anúalach trom, agus do bhéaraidh mé fúaradh dháoibh. Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh. A dubhair sé ris, An tusa an té ús do bhí réd atharrach? Oir a tá mo chuingsi sóiomchuir, agus a tá múalach éadtrom.
Goir orumsa, agus freagora mé thú, agus taisbéanfa mé neithe móra agus cumhachtacha dhuit, noch nach feas duit.
Agus go méuduighe an Tíghearna sibh agus go dtuguidh fó deara dhibh líonadh a ngrádh dhá chéile, agus do na huile dhaóinibh, do réir mar atámuidne fós díbhse: Chum bhur gcroidheadh do dhaingniughadh neimchiontach a náomhthachd a bhfiadhnuisi Dé eadhon ar Nathar, a dteachd ar Dtíghearna Iósa Críosd maille ré na nuile náomhuibh.
Agus a sé an creideamh as bun do na neithibh ré bhfuil dóigh, agus as foillsiughadh dearbhtha air na neithibh nach bhfaicthear.
Féuch, is Día mo shlánaightheóir; bím dothchusach ann, agus ní bhía eagla orum: óir isé an TIGHEARNA IEHOBHAH mo neart agus mó chaintic; sé fós mo shlánughadh é.
Is áoibhin leam do thoil do dhéanamh, O mo Dhé: agus atá do dhligheadh a meadhón minneadh.
Ar a nadhbharsin a deirimsi ribh, Na bidhidh lán do chúram a ttimcheall bhur mbeatha, créud íosdáoi, nó iobhtháoi; na a ttimcheall bhur gcuirp, creúd chuirfi umaibh. A né nach mó an tanam na an bíadh, agus an corp ná an téudach? Féachaigh ar éunlaith a naiéir: oír ni chuirid siól, agus ní bheanuid siád, agus ní chruinnighid síad ann an sgíobólaibh; gidheadh beathaighidh bhur Nathair neamhdhasa iád. A né nach fear sibhsi go mór na iádsan? Agus cía agaibh lé na iomad curium fhéadas áonbhannlamh do chur lé na aírde féin?
Seachnuidh sibh féin ar shaint; go madh lór libh na neithe atá a lathair aguibh: oír a dubháirt sé, Ní dhealocha mé riot, agus ní thréigfead thú. Ionnus gur féidir linn a rádh go dána, Sé an Tíghearna mfear cabhartha, agus ni bhiáidh eagla oram fá ní dhar féidir do dhuine dhéunamh oram.
A se an TIGHEARNA mo aodhaire; agus ní bhiaidh easbhuidh orum. Do bheir sé orum luighe a ninbhear fhéir mínligh: tréoruigh sé mé láimh ris na huisgeadhuibh ciúin. Aiseoguidh sé manam: tréorochuidh sé mé a róduibh na fíréuntachda ar son a anma féin. Fós, ar son go siubhlochuinn a ngleann scáile an bháís, ní bhiáidh eagla uilc orum: óir atá tusa agam; coibhreochuidh do shlat agus do mhaide mé.
Se Día ar ndídean agus ar neart, cungnamh ro ollamh a mbuaidhreadh. Coisgidh, agus bíodh a fhios agaibh gur misi Día: biáidh mé ar márdughadh a measc na gcineadhach, biáidh mé onórach air an ttalamh. Atá TIGHEARNA nа slogh linn; atá Día Iácob na ro dhidean aguinn. Selah. Ar a nadhbharsin ní bhía eagla oruinn, da mbeith go nárthochadh an talamh, bíodh go náthrochadh na sléibhte go meadhon na fairge; Bíodh go ndeanadh a huisceadha sin fuáim, agus go mbeidis buáidheartha, da ccriothnuighdís na cnuic le na hat sin go hanmhór. Selah.
Tuguidh dá bhur naire, créd é méud an ghrádha tug an Tathair dhúinne, as a ngoirfidhe clann Dé dhínn: is uime so nach aithnidh don tsáoghal sinn, do bhrígh nach aithnidh dhó eisean. Is as so aitheantar clann Dé, agus clann an díabhail: gidh bé nach leanann do nfíréuntachd ní ó Dhía atá sé, ná an tí nach dtabhair grádh dhá dhearbhrathair. Oír a sí so an teachdaireachd do chúalabhair ó thosuigh, eadhon sinne do thabhairt grádh dhá chéile. Ní do nós Cháin, noch do bhí ón droch spioruid, agus do mharbh a dhearbhráthair. Agus créd é an tadhbhar fár mharbh sé é? Do bhrígh go rabhadar a oibreacha féin go holc, agus oíbreacha a dhearbhráthar fíreunta. A dhearbhráithre, na bíodh íongnadh aguibh, fá fhúath bheith ag an tsáoghal oruibh. Atá a fhios aguinne gur hathruigheadh sinn ó bhás go beatha, do bhrígh go bhfuil grádh aguinn air na dearbhráithribh. An tí nach grádhuigheann a dhearbhrathair cómhnuighe sé a mbás. Gidh bé neach fhúathuigheas a dhearbhráthair as fear dúnmharbhtha é: agus atá a fhios aguibh nach déunann an bheatha marthannach comhnuighe a bhfear dúnmharbhtha ar bith. Is as so is aithnigh dhúinn grádh Dé, gur chuir sé a anum síos air ar soinne: uime sin atá dfíachuibh oruinne ar nanmanna do chur síos ar son ar ndearbhraithreach. Agus gidh bé agá bhfuil maóin an tsáoghailse, agus do chí a dhearbhráthair a ríachdanas, agus nach déun trúaighe dhó, cionnus chomhnuigheas gradh Dé ann? A chlann bheag, nár ab a mbréithir, ná a dteanguidh bhías bhur ngrádh; achd a ngníomh agus a bhfírinne. Agus aithnigheamaóid as so gur don fhírinne sinn, agus do bhéuram air ar gcroidhthibh bheith deimhnighthe na fhíadhnuisesion. A cháirde, as clann do Dhía sinn a nois, achd ní léir fós créd bhus sinn: gidheadh atá a fhios aguinn, an tan fhoillséochar eision, go mbíam cosmhuil ris; óir do chífeam é do réir mar atá sé.
Gáirid na fíréin, agus do chluin an TIGHEARNA, agus sáoruidh íad ó na nuile anacra. As fogus an TIGHEARNA don druing agá bhfuil a ccroidhe briste; agus sáorfuidh na comhmbrúighte a spioraid. Is iomdha crádh air an bhfíréun: gidheadh sáorfuidh an TIGHEARNA úatha uile é.
Ag déunamh gáirdeachais tré dhóthchas; foighideach a mbuáidhearthuibh; cómhnuigheach a núrnaighe;
Glóir agus moladh do Dhía, eadhon Athair ar Dtighearna Iósa Críosd, Athair na trócaire, agus Día na huilé fhurtachda; Do bheir furtachd dúinn ann ar nuile thriublóid, ionnus go dtiucfadh dhínn comhfhurtachd do thabhairt don druing ar a mbí buáidhreadh ar bhith, trés an gcomhfhurtachd ré a bhfaghmaóid féin furtachd ó Dhía.
Coimhdeochuidh tú an té sin a síothcháin iomláin, noch agá mbí a inntinn daingion ionnadsa: do bhrígh go bhfuil a dhóigh ionnad. Dóthchusáidh annsa TIGHEARNA go bráth: óir is annsa TIGHEARNA IEHOBHAH atá an neart síorruidhe:
Cred fa tteilgeann tú thú féin síos, ó manam? agus cred fa bhfuil tú buáidheartha ionnam? cuir do dhóigh a Ndía: óir molfa mé fós é, sláinte maighthe, agus mo Dhía.
Feith air an TTIGHEARNA: bí láidir, agus neartochuidh sé do chroidhe: agus déan‑fheitheamh air an TTIGHEARNA.
Acht bí slíghe a nfíréin amhuil solus lonnrach, noch shoillsighios ní sa mhó agus nísa mhó go nuige an lá iomlán. Atá slighe na gciontach do nós an dorchadais: níor fheadadar cred ó bhfuighid tuisleadh.
Ar a nadhbharsin ní bhfuil damnughadh ar bith a nois don dreim atá a Niósa Críosd, nach siobhlann do réir na féola achd do réir na Spioruide.
Achd do fhreagair seisean, agus a dubhairt, Atá sé sgriobhtha, Ní lé harán a mhain mhairfeas duine, achd lé gach uile bhreithir dá dtig ó bhéul Dé.
Uime sin ní bhfuilmíd ag dul a nanbhfainne; achd bíodh go dtruáillighthear ar nduine leithimealach, athnúadhaighthear fós an tí atá don táóbh a stigh go láethamhuil. Oír oibrighidh ar mbuáidhirt éudtrom, noch nach mhairios acht momeint, níos módh go líonmhar agus truime mbairthanach dan ghloire dhuinne: Ar mbeith dhúinn ag tabhairt ar naire do na neithibh nach bhfuil ré a bhfaicsin, agus ní do na néithibh ata re a bhfaicsin: oír is neamhbúan na neithe atá ré a bhfaicsin; agus is síorruidhe na neithe nach bhfaicthear.
Noch atá aguinn mar ancaire, daingean diongmhálta a nanma, agus théid a steach go soithe a ní atá don táoibh a stigh don bhrat;
Agus a sé so an dóthchas atá aguinn as, éadhon, ma íarrmuid éinne air do réir a thola, go néisdeann sé rinn: Agus má atá a fhios aguinn go néisdeann sé sinn, fá gach ní dá sirmíd, atá a fhios aguinn go bhfuilid na híarratais do íarramar air ar fagháil aguinn.
Achd fanuigh bríathar an Tíghearna go síorruidhe. Agus á sí so an bhríathar do soisgéulughadh dhíbhse.
Ar a nadhbharsin gach uile neach do chluinn na bríathrasa agamsa, agus do ní íad, saimhléochaidh mé lé duine glic é, neach do rinne a thigh air chárraig: Agus do thúirling an fhearthainn, agus tangadar na tuilte, agus do shéideadar na gaótha, agus do bhúaileadar ar an ttigh úd; agus níor thúit sé: óir do bhí a fhuinniméd air charraig.
Gidheadh, O manam, comhnuighsi a Ndía amháin; óir is úadhsan atá mo dhóthchus. Is eision amháin mo charruig agus mo shlánughadh: is é mo dhídion; ní chorrochthar mé. A Ndía atá mo shlánughadh agus mo ghlóir: carruic mo neirt, a Ndia, atá mo dhóigh. Cuiridh bhur ndóigh ann a ccomhnuighe; sibhsi a dhaoine, dóirtighe amach bhur ccroidhe dá lathair: isé Día is dídion dhúinn. Selah.
A dhearbhráithre, ní mheasuim gur rug mé fós uirrthe: achd do ním éinní amháín, ar mbeith dhamh ag dearmad na neitheann atá arm o chúl, agus ag déunamh mo dhíthchill chum na neitheann atá romham, Riothuim go díán chum an chomhartha do mhían luáídhéachda árdghárma Dé a Níosa Críosd.
¶ Ná bíodh eagla ort; óir atáimsi maille riot: ná bí laigbhrígheach: óir is misi do Dhía: neirteochuidh mé thú: fós, cuideocha mé leachd; fós, cuinneocha mé súas thú le láimh dheis mo cheirt.
Foillsigh a THIGHEARNA, do shligthe dhamhsa; taisbéin damh do chasain. Tréoruigh mé ann thfírinne, agus teagaisc mé: óir is tú Día mo shlánuighthe; ortsa bhím ag feithiomh air feadh an laói.
Bíodh gáirdeachas oruibh do shíor. Bíghidh ag úrnuighe gan sgur. Beirídh buidheachas sna huile neithibh: óir a sí sin toil Dé a Níosa Críosd bhur dtáobhsa.
Acht an drong fheithios air an TTIGHEARNA athnúadhuighid síad a neart; éreochuid súas le sciathánuibh amhuil iolair; riothfaid siad, agus ní bhéid coirthe; agus siubholuid, agus ní bhéid síad anbhfann.
Congmham gan chorruidhe admháil ar muinighne; (óir as díleas an tí thug gealladh dhúinn:)
Marsin bhías éolus na héagna dot hanam: anuáir do gheabha tú é, annsin do gheabhthar luáigheacht, agus ni ghéarrfuighthior amach do dhóthchus.
Cúartuigh mé, a Dhé, agus tuig mo chroidhe: teastuidh me, agus tuig mo smuáintighe: Agus féuch an bhfuil slighe ar bith chiontach ionnam, agus treóruidh mé a slighe na síorruidheachta.
Ar a nadhbharsin tar éis ar soártha tré chreideamh, atá siothcháin aguinn ré Día tré ar Dtighearna Iósa Críosd: Oir má, réidheadh eadruinne agus Día tré bás a Mhic, a nuáir do bhámar ar náimhdibh, is mó ná sin go mór, ar mbeith a nathmhuinnteardhas dúinn, choimhéadfuighthear sinn tré na bheathasan. Agus ní hé sin amháin, achd már an gcéudna do nímíd máoidheamh a Ndía tré ar Dtighearna Iósa Críosd, tré a bhfúaramar a nois an tathmhuinnteardhas. Ar a nadhbharsin mar tháinic an peacadh air a tsáoghal tré áonduine amhain, agus an bás trés an bpeacadh; is mar sin ráinic an bás na huile dhaóine, ar son gur pheacuigheadar uile: Oír gus an dligheadh do bhí an peacadh ann sa tsáoghal, achd ní cuirthear an peacadh a leith dhuine a nuáir nach mbíonn dligheadh ann. Gidheadh do bhí rioghachd ag an mbás ó Adhamh go Maóisi, ar a ndréim fós nar pheacaigh do réir chosamhlachda easumhlachda Adhuimh, noch atá na fhioghair ag an té úd do bhí chum teachda. Achd ní mar an gcoir, atá an tiodhlacadh. Oir má fúaradar mórán bás tré thuitim áonduine amháin, is romhó na sin do acfuinnigh grás Dé, agus an tiodhlacadh tré ghrás a náonduine Iósa Críosd, do mhórán. Agus ní mar an táonduine do pheacuigh, atá an tabhartas: óir tháinic an bhreitheamhnus tré áonchoir amháin chum dámanta, achd tainic an tabhartus ó iomad cionntadh chum sáortha. Oír más do bhrígh áonchoire amháin do ghabh an bás rioghachd tré áonduine; is mó ná sin go mór do ghéubhá an mhuinntir ghlacas fáirsingi ghrása agus thabhartais na fireantachda rioghachd a mbeatha tré áon, eadhon Iósa Críosd. Ar a nadhbharsin, amhail as tré áonchoir amháin tháinic bréitheamhnus air ná huile dhaóinibh chum damanta; is mar sin tháinic an tabhartus tré áontsáoradh amháin air gach uile dhuine chum sáortha na beatha. Oír mar is tré easúmhlachd éunduine amháin do rinneadh peacuigh do mhórán, is mar sin tré úmhlachd éunduine amháin do dhéantar firéanuigh do mhórán. Tré na bhfúaramar mar an gcéadna slighe trés an gcreideamh chum na ngrása ann a seasmáoid, agus a ndéanmáoid gáirdeachás fá mhuiníghin ghlóire Dé.
Do labhuir mé na neithesi ribh, do chum go mbeíth síodhcháin aguibh ionnumsa. Do ghéubhtháoi trioblóid sa tsáoghal: achd bíodh dóchus maith aguibh; so bhúadhaigh misi ar a tsaoghal.
Oír gidh bé neithe do sgríobhadh roimhe so is chum sinne theagusg do sgríobhadh íad, ionnus go mbeith dóthchas aguinn tré fhoighid agus tré chómhfhurtachd na sgríobtúr.